Suirbhéanna um Aerfheithiclí gan Foireann (AFGF) - Líne Dhearg Luas

Tá Bonneagar Iompair Éireann ag tabhairt faoi shuirbhéanna ar Aerfheithicil gan Fhoireann (AFGF) feadh Líne Dhearg Luas i gceantar Fatima, Contae Bhaile Átha Cliath. Ag brath ar an aimsir, beartaítear tabhairt fúthu idir Samhain 2020 agus Feabhra 2021. Beidh aitheantas á iompar ag oibreoirí AFGF BIÉ agus beidh éadaí brandáilte BIÉ á gcaitheamh acu.
 
B’fhéidir go mbaileoidh na suirbhéanna sonraí pearsanta an-teoranta gan chuimhneamh agus ní choimeádfar iad.  Déanann Bonneagar Iompair Éireann próiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir lena Fhógra um Chosaint Sonraí atá ar fáil anseo.