Suirbhéanna um Aerfheithiclí gan Foireann (AFGF) - Sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin

Tá Bonneagar Iompair Éireann ag tabhairt faoi shuirbhéanna um Aerfheithiclí gan Foireann (AFGF) feadh Sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin, N25, i gceantar Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman, agus An Gleann Mór, Co. Chill Chainnigh. Tabharfar faoi na suirbhéanna i rith uaireanta oibre agus, ag brath ar an aimsir, beartaítear tabhairt fúthu idir Feabhra agus Márta 2022. Beidh aitheantais á iompar ag oibreoirí AFGF BIÉ agus beidh éadaí brandáilte BIÉ á gcaitheamh acu.
 
B'fhéidir go mbaileoidh na suirbhéanna sonraí pearsanta an-teoranta gan chuimhneamh agus ní choimeádfar iad. Déanann Bonneagar Iompair Éireann próiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir lena Fhógra um Chosaint Sonraí atá ar fáil anseo.