Suirbhéanna Aerfheithicle gan Fhoireann (AFGF) – Contae Loch Garman agus Chill Chainnigh

Beidh Bonneagar Iompair Éireann ag tabhairt faoi shuirbhéanna Aerfheithicle gan Fhoireann (AFGF) feadh Bhealach Sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin, an N25, i gceantar Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman agus i gceantar an Ghleanna Mhóir, Contae Chill Chainnigh. Tabharfar faoi na suirbhéanna i rith uaireanta oibre agus, ag brath ar an aimsir, beartaítear tabhairt fúthu idir Aibreán agus Meitheamh 2021. Beidh aitheantas á iompar ag oibreoirí AFGF BIÉ agus beidh éadaí brandáilte BIÉ á gcaitheamh acu.
 
B’fhéidir go mbaileoidh na suirbhéanna sonraí pearsanta an-teoranta gan chuimhneamh agus ní choimeádfar iad. Déanann Bonneagar Iompair Éireann próiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir lena Fhógra um Chosaint Sonraí atá ar fáil anseo.