Suirbhéanna ar Aerfheithicil gan Foireann (AFGF)

Tá Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) ag tabhairt faoi shuirbhéanna ar Aerfheithicil gan Foireann (AFGF) feadh Sheachbhóthar agus Dhroichead Ros Mhic Thriúin (an N30/N25) i gceantar Ros Mhic Thriúin, Contae Loch Garman/Contae Chill Chainnigh. Tabharfar faoi na suirbhéanna i rith uaireanta oibre agus, faoi réir na haimsire, beartaítear tabhairt fúthu idir Bealtaine agus Iúil 2019.  Beidh aitheantas á iompar ag oibreoirí AFGF BIÉ agus beidh éadaí brandáilte BIÉ á gcaitheamh acu.
 
B’fhéidir go mbaileoidh na suirbhéanna sonraí pearsanta an-teoranta gan chuimhneamh agus ní choimeádfar é.  Déanann Bonneagar Iompair Éireann próiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir lena Fhógra um Chosaint Sonraí atá ar fáil anseo.