Córais Oibríochta agus Rialaithe

Mar a rialtar agus a oibrítear an Luas

Oibríochtaí Luas

Déantar monatóireacht ar sheirbhísí Luas ó sheomra rialaithe láir atá lonnaithe in iosta na Bó Deirge taobh le stad na Bó Deirge.

Oibríochtaí Tramanna

Déanann an fhoireann oibríochtaí sa Seomra Rialaithe Láir ar fheidhmíocht na dtramanna, a chinntíonn go bhfuil na tramanna san áit ar cheart dóibh a bheith nuair is ceart dóibh a bheith. Is féidir leis an bhfoireann láthair gach tram feadh na línte Dearga agus Uaine a fheiceáil ón seomra rialaithe láir. I gcás go gcuirtear isteach ar an tSeirbhís, nach bhfuil tramanna ag oibriú mar ba cheart dóibh mar gheall ar shaincheist nó ar locht oibríochtúil, cuireann an fhoireann sa Seomra Rialaithe Láir cumarsáid le custaiméirí i ngníomh trí stadanna agus cainéil ar líne.

CCTV agus Slándáil

Déanann an fhoireann oibríochtaí sa Seomra Rialaithe Láir monatóireacht ar ghluaiseachtaí tramanna agus paisinéirí tríd an gcóras CCTV. Is féidir leis an bhfoireann gach stad a fheiceáil agus is féidir leo na ceamaraí CCTV a rialú ón seomra rialaithe láir. I gcás iompar frithshóisialta nó saincheisteanna slándála, cuireann an fhoireann sa Seomra Rialaithe Láir nósanna imeachta slándála i ngníomh, Foireann Slándála Luas a imlonnú san áireamh chuig an láthair agus cúnamh an Gharda Síochána a iarraidh.

Idirchumarsáid Cabhrach Éigeandála

Déanann an fhoireann oibríochtaí sa Seomra Rialaithe Láir monatóireacht ar agus freagairt d’Idirchumarsáid Cabhrach Éigeandála atá lonnaithe ag gach stad.

Tá liosta thíos de na príomhchórais leictreonacha chumarsáide agus rialaithe a úsáidtear d’oibríochtaí:

  • An tUathchóras Aimsithe Feithiclí (“AVLS”)
  • Trealamh suite SCADA
  • Soláthar cumhachta SCADA
  • Córas taispeána faisnéis paisinéirí
  • Córas fógartha poiblí
  • Raidió TETRA (trácht sonraí agus guthanna)
  • Gréasán tarchurtha cábla snáthoptaice
  • Córas teileafóin PABX
  • Córas éigeandála teileafóin
  • Monatóireacht agus taifeadadh TCI (CCTV)
  • Córas comharthaíochta cois líne

Déanann BIÉ maoirseacht ar oibríochtaí laethúla Oibreoir Luas, a chinntíonn go sásaítear comhaontuithe maidir le minicíocht, sceideal, agus ticéadú. Má tá ceist agat faoi oibríochtaí Luas, nach bhfreagraítear anseo, aimsigh níos mó eolais ar shuíomh gréasáin Luas nó seol ríomhphost chuig info@luas.ie