Conradh Oibríochta

Mionsonraí Chonradh Oibríochta Luas atá ag Transdev faoi láthair.

Is iad Transdev oibritheoirí Luas faoi chonradh ag TII agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA). Is conradh bainistíochta costais chomhláin é an Conradh Oibríochta a thosaigh i Meán Fómhair 2014 agus a éagfaidh i Samhain 2019. Iompraíonn TII an riosca ioncaim. Tá bónas oibríochta agus struchtúr píonóis ann atá bunaithe ar roinnt príomhtháscairí feidhmíochta.

Oibleagáidí Ginearálta

Bainistíonn an tOibritheoir gach gné de na hoibríochtaí laethúla, lena n-áirítear:

  • An tseirbhís tramanna a oibriú de réir shonraíocht na seirbhíse.
  • Bainistíocht sábháilteachta
  • Seirbhísí breise tramanna a oibriú ar iarratas
  • Comhéadan paisinéirí, faisnéis phaisinéirí agus cumarsáid ar fad a bhainistiú.
  • Seachaint táillí agus cosaint ioncaim a bhainistiú.
  • Slándáil a bhainistiú.
  • Bailiú ioncaim
  • Láithreáin Páirceáil agus Taisteal Luas lena n-áirítear bailiú táillí agus forfheidhmiú páirceála a bhainistiú.
  • Bonneagar Luas agus conarthaí cothabhála feithiclí (de réir comhaontú nuachana) a bhainistiú. Iompraíonn an tOibritheoir cuid den riosca feidhmíochta a bhaineann leis an mbonneagar agus le cothabháil an stoic.
  • An comhéadan idir Luas agus na húdaráis áitiula, seirbhísí éigeandála, áitritheoirí áitiúla, na meáin agus aon tríú páirtí eile a bhainistiú.
  • Ídiú breosla Luas a bhainistiú
  • Cúnamh a thabhairt le tástáil agus coimisiúnú síntí ar chóras Luas.

Coinníonn TII feidhmeanna áirithe de na conarthaí nuachana cothabhála, mar shampla an ceart deireadh a chur le téarmaí na gconarthaí sin nó iad a athrú. Coinníonn TII úinéireacht bhranda Luas agus freagaracht as a mhargaíocht.

Feidhmíocht

Tá sé de riachtanas ar an Oibritheoir caighdeáin áirithe feidhmíochta a bhaint amach. Tá na príomhtháscairí feidhmíochta seo sainmhínithe sa Chonradh Feidhmíochta. Tá an mheicníocht íocaíochta sa chonradh struchtúrtha ionas go spreagfar an dea-fheidhmíocht i gcomhréir leis na táscairí seo. Bearta chun feidhmíocht a thomhas lena n-áirítear:

  • Céatadán na gciliméadar ar an amchlár a oibríodh
  • Iontaofacht, a thomhaistear de réir cothroime idirachar idir thramanna
  • Caighdeán seirbhíse, bunaithe ar ghnéithe amhail glaineacht an chórais agus fáil ar chórais áirithe (díolmheaisíní ticéad agus córais faisnéis paisinéirí mar shampla)
  • Seachaint Táillí, bunaithe ar leibhéal seachanta táillí a thomhaistear de réir suirbhéanna TII