Cothabháil Feithiclí agus Bonneagair

Eolas ar chothabháil thramanna Luas agus an bhonneagair sheasta.

Cothabháil Feithiclí

Tá dhá Chonradh um Cothabháil Feithiclí (VMC and VMC2). Is idir TII agus Alstom, an déantóir feithiclí, atá an dá chonradh. Baineann an Conradh um Chothabháil Feithiclí leis an bhflít bunaidh 40 tram. Tá siad seo bunaithe in iosta na Bó Deirge. Baineann an Conradh um Chothabháil Feithiclí II leis an bhflít níos nua 26 thram atá bunaithe in iosta Áth an Ghainimh. D'fhéadfadh fás teacht ar an gConradh um Chothabháil Feithiclí II de réir mar a osclaítear síntí nua eile ar Luas chun freastal ar a thuilleadh tramanna, ar féidir le TII iad a cheannach faoi na conarthaí atá ann cheana féin. Éagfaidh an dá chonradh cothabhála feithiclí in 2019.

Déantar na Conarthaí a nuachan don Oibritheoir (Transdev), ionas go nglacann an tOibritheoir cearta agus freagrachtaí uile TII chuige féin, seachas feidhmeanna coinnithe agus rialaithe áirithe. Áirítear orthu sin an ceart athruithe a dhéanamh ar an gconradh agus deireadh a chur leis an gconradh, i measc nithe eile.

Tá eilimintí feidhmíochta sa Chonradh um Chothabháil Feithiclí freisin atá ailínithe go dlúth leis na gnéithe den Chonradh Oibríochta a bhaineann le cáilíocht seirbhíse.

Cothabháil an Bhonneagair

Cuibhreanas de Alstom agus Veolia atá faoi chonradh ag TII a dhéanann bonneagar suite Luas ar fad a chothabháil seachas an trealamh bailithe táillí.  Éagfaidh an conradh seo in 2019. Déantar an Conradh um Chothabháil Bonneagair a nuachan don Oibritheoir (Transdev), ionas go nglacann an tOibritheoir cearta agus freagrachtaí uile TII chuige féin, seachas feidhmeanna coinnithe agus rialaithe áirithe. Áirítear orthu sin an ceart athruithe a dhéanamh ar an gconradh agus deireadh a chur leis an gconradh, i measc nithe eile.


Tá eilimintí feidhmíochta sa Chonradh um Chothabháil Bonneagair freisin atá ailínithe go dlúth leis na gnéithe den Chonradh Oibríochta a bhaineann le cáilíocht seirbhíse.