Mótarbhealaí agus an ceanglas i dtaobh toiliú faoi alt 53 d’Acht na mBóithre

Má tá bheartaíonn aon údarás Stáit, gealltóir reachtúil nó údarás áitiúil oibreacha a dhéanamh do bhonneagar nua feadh, in aice, in, ar, faoi nó os cionn mótarbhealach/mótarbhealaigh, teastaíonn toiliú faoi Alt 53 d’Acht na mBóithre ón Údarás um Bóithre Náisiúnta (TII).

Nóta: Is féidir bóithre neamhnáisiúnta a áireamh leis seo nuair a thrasnaíonn siad mótarbhealach os a chionn nó faoi.

Acht na mBóithre, 1993

Oibreacha a rialú ag údarás stáit, gealltóir reachtúil nó údarás áitiúil.

53.—(1) ( a ) Ní fheidhmeoidh an t-údarás nó an gealltóir sin na cumhachtaí a bhronnann siad ar aon údarás Stáit, gealltóir reachtúil nó údarás áitiúil ag nó faoi aon achtú chun tabhairt faoi obair feadh, in aice, in, ar, faoi nó os cionn aon talamh/talún, maidir le haon talamh atá i mótarbhealach, bealach bus nó bóthar cosanta seachas le toiliú an Údaráis (i gcás bóthar náisiúnta) nó an Aire (i gcás bóthar réigiúnach nó bóthar áitiúil).

( b ) Ní bhainfidh mír (a) le tabhairt faoi aon fheidhmeanna ag údarás bóithre ar sannadh dó ag nó faoi aon achtú (an tAcht seo san áireamh) a bhaineann le bóithre poiblí a thógáil nó a chothabháil.

( c ) (i) Ní theastóidh toiliú ó thabhairt faoi oibreacha éigeandála ag údarás Stáit, gealltóir reachtúil nó údarás áitiúil a theastaíonn le baol nó riosca a dhíothú nó a laghdú i leith daoine nó réadmhaoine nó faoi oibreacha cothabhála faoi mhír (a). (ii) I bhfomhír (i), áirítear le “oibreacha cothabhála” cigireacht, deisiú, athnuachan nó baint na n-oibreacha a dtagraítear dóibh i mír (a), ach ní áirítear leis athlonnú na n-oibreacha siúd. (iii) Is féidir le húdarás bóithre treoir a eisiúint d’údarás Stáit, gealltóir reachtúil nó údarás áitiúil maidir leis na hoibreacha a dtagraítear dóibh i bhfomhír (i) agus comhlíonfaidh an t-údarás nó gealltóir an treoir seo.

Nóta: Ní theastaíonn toiliú ó TII le bonneagar gealltóirí reachtúla a chothabháil nó a bhaint faoi alt 53 d’Acht na mBóithre.

Chun teacht ar eolas breise maidir le toiliú a fháil faoi Alt 53 d’Acht na mBóithre ó TII, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn ar ríomhphost ag thirdpartyworks@tii.ie