Conradh CPP an M50

Mótarbhealach gathach dhá lána é an M50 a chruthaíonn Cuarbhóthar 'C' timpeall ar iarthar Bhaile Átha Cliath. Tá an M50 le huasghrádú go mótarbhealach trí lána agus tá feabhsúcháin mhóra acomhail le déanamh ón M1 reatha go dtí Acomhal Áth an Ghainimh. Tá an t-uasghrádú 24km ar stráicí den M50 a bheartaítear, ar a dtugtar Conradh CPP an M50, idir acomhail reatha an M1 agus an N3 idir acomhal an N7 agus Acomhal Áth an Ghainimh. Tá an t-uasghrádú ar an gcuid eile den bhealach idir an M1 agus Acomhal Áth an Ghainimh á sholáthar faoi chonarthaí ar leith.

Beartaítear go mbeidh dearadh, tógáil, oibriú, cothabháil agus maoiniú ar uasghrádú thart ar 24 ciliméadar den charrbhealach reatha dhá lána go dtí caighdeán trí lána, lánaí cúnta a sholáthar idir an t-acomhal idir an M1 agus an N3 agus idir acomhail an N7 agus Bhaile Scallart, uasghrádú mór ar na hacomhail ag an M1, N2 agus an N3 óna saghas reatha acomhail ilairde go hacomhail atá saor/saorshreafa go páirteach; agus oibreacha uasghrádaithe ar na hacomhail ag Baile Munna, Baile an Mhóta, an N81, Baile Scallart agus Áth an Ghainimh, i gceist le Conradh CPP an M50.

Bronnadh an conradh CPP i Meán Fómhair 2007 ar M50 (Concession) Limited , ina bhfuil FCC Construction S.A. agus Itinere Infraestructuras, ar dhá chuideachta mhóra iad ón Spáinn, agus PJ Hegarty agus Sons ó Éirinn.

DÁTA BRONNTA CONARTHACONRADH BRONNTA ARSAGHAS AN CPP CLÁR RIALTAIS STÁDAS
Meán Fómhair 2007 M50 (Concession) Limited DBOMF An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 Osclaíodh é in 2007

Cliceáil anseo, le do thoil, chun dul go dtí suíomh gréasáin na scéime.