An M7 ó Phort Laoise go Baile an Chaisleáin/an M8 ó Phort Laoise go dtí an Chúlchoill

Cuirtear an scéim ó Phort Laoise go dtí an Chúlchoill agus ó Phort Laoise go Baile an Chaisleáin le chéile mar aon scéim amháin. Seo ceann de na tionscadail a d’fhógair an NRA i Meitheamh 2000 faoi Thráinse II den chlár Bóithre CPP. Tá bealach an N7 ó Phort Laoise go Baile an Chaisleáin ar bhealach an N7 ó Luimneach go Baile Átha Cliath. Tá bealach an N8 ó Phort Laoise go dtí an Chúlchoill ar bhealach an N8 ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath. Is é comhfhad na stráicí thart ar 40 ciliméadar.

Bronnadh an conradh CPP i Meitheamh 2007 ar chuibhreannas Celtic Roads Group (Portlaoise) Limited ina bhfuil BAM CPP bv, Iridium Concesiones de Infraestructuras S.A. agus NTR plc.

DÁTA BRONNTA CONARTHACONRADH BRONNTA ARSAGHAS AN CPP CLÁR RIALTAIS STÁDAS
Meitheamh 2007 Celtic Roads Group (Portlaoise) Limited Lamháltas An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 Osclaíodh é in 2010

Cliceáil anseo, le do thoil, chun dul go dtí suíomh gréasáin na scéime.