Seachbhóthar an M8 ó Ráth Chormaic go Mainistir Fhear Maí

Seo ceann de na tionscadail a d’fhógair an NRA i Meitheamh 2000 faoi Thráinse II den chlár Bóithre CPP. Tá an tionscadal seo suite ar bhealach an N8 ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath agus bhain stráice 18km de bhóthar a thógáil i gceist leis ina raibh tarbhealach a thrasnaíonn an Dubhabhainn ar fad thart ar 450 méadar.

Bronnadh an conradh CPP i Meitheamh 2004 ar chuibhreannas DirectRoute (Fermoy) Limited ina bhfuil Kellogg Brown & Root Ltd, Strabag AG, John Sisk & Son (Holdings) Ltd, Lagan Holdings Ltd, Roadbridge Ltd. agus Ciste Bonneagair First Irish (comhchiste idir AIB/an Banc Eorpach Infheistíochta).

DÁTA BRONNTA CONARTHACONRADH BRONNTA ARSAGHAS AN CPP CLÁR RIALTAIS STÁDAS
Meitheamh 2004 Direct Route (Fermoy) Ltd. Lamháltas An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 Osclaíodh é in 2006

Cliceáil anseo, le do thoil, chun teacht ar shuíomh gréasáin an M8 ó Ráth Chormaic go Mainistir Fhear Maí.

 

Gnéithe Airgeadais Chonradh CPP Sheachbhóthar an M8 ó Ráth Chormaic go Mainistir Fhear Maí

Cuideachta Lamháltais

Tá i gcuibhreannas Direct Route (Fermoy) Ltd. Kellogg Brown & Root Ltd, Strabag AG, John Sisk & Son (Holdings) Ltd, Lagan Holdings Ltd, Roadbridge Ltd. agus Ciste Bonneagair First Irish (comhchiste idir AIB/an Banc Eorpach Infheistíochta a bunaíodh ar mhaithe le hinfheistiú a dhéanamh i dtionscadail CPP agus i bhforbairtí bonneagair earnála príobháidí in Éirinn agus ar fud na hEorpa).

Dualgais agus oibleagáidí na Cuideachta Lamháltais

Tá 17.5 ciliméadar de mhótarbhealach i gceist leis an scéim. Tógáil 3 acomhal atá sa scéim agus áirítear léi tarbhealach 450m ar fad a thógáil a thrasnaíonn Gleann na Dubhabhann. Anuas air sin, tógadh 18 struchtúr bhreise (7 dtardhroichead, 2 fhodhroichead, 1 seirbhís tollán ag an dola-phlás, 4 dhroichead abhann agus 4 íosbhealach ina measc) anuas ar athailíniú bóthair áitiúil. Tá ar Direct Route tabhairt faoi na tascanna seo a leanas:

  • Dearadh
    • Dearadh mionsonraithe iomlán a dhéanamh ar gach gné nuathógála;
    • CNa measúnuithe riachtanacha ar struchtúir a dhéanamh ag céimeanna éagsúla i rith na tréimhse lamháltais
  • Tógáil
    • Na hoibreacha nua go léir a thógáil;
    • Glacadh le freagracht as dálaí talún, monatóireacht agus réiteach seandálaíochta, athlonnú fóntais agus tírdhreachú.
  • Cothabháil
    • Pábháil bhóthair, struchtúir, tírdhreachú, comharthaí, líniú, soilsiú, bacainní sábháilteachta, fálú agus gach gné eile den bhóthar a chothabháil;
    • Tabhairt faoi chothabháil chuimsitheach geimhridh, patróil, sailleadh réamhchúramach, agus glanadh sneachta san áireamh.
  • Oibriú
    • An bóthar a bhainistiú i dtaobh sábháilteachta, bainistíocht tráchta, eolais don úsáideoir bóithre, doirteadh ola, timpistí;
    • An córas dolaí a oibriú i leith na leibhéal riachtanach seirbhíse agus é a uasghrádú mar is gá chun freastal ar éileamh;
  • Ath-infheistiú
    • Sula dtabharfar ar ais don earnáil phoiblí é ag deireadh an lamháltais, na háiseanna go léir a uasghrádú is gá (e.g. athdhromchlú, athlíniú bóthair) chun an tsaolré riachtanach iarmharach a sholáthar don bhóthar.
    • Maidir le struchtúr an bhóthair, tá ar an lamháltóir é a thabhairt ar ais agus saolré bhreise 10 mbliana aige sula mbeadh aon neartú struchtúrach ag teastáil.
  • Airgeadas
    • Airgeadas a thiomsú don scéim agus freagracht a ghlacadh as na haisíocaíochtaí go léir;
    • An baol i leith róchaiteachas costais a láimhseáil.

An Tréimhse Lamháltais

>

Síníodh an conradh an 11 Meitheamh 2004 agus leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar feadh 30 bliain ón dáta sin. Meastar go nglacfaidh an tógáil thart ar 3 bliana agus beidh Direct Route freagrach as dolaí a bhailiú ar feadh tréimhse thart ar 27 bliain.

Costas an tionscadail

Measann an tÚdarás, dá dtabharfadh sé féin faoi na tascanna uile dearaidh, tógála, cothabhála, oibrithe agus ath-infheistíochta ar gá do Direct Route tabhairt fúthu gurbh ionann a bheadh an costas agus thart ar €320m (gan costais talún agus réamhdhearaidh a áireamh) de réir luachanna 2003.

Anuas air sin, b’ionann a bheadh na costais ar na bóithre tógtha a oibriú agus a chothabháil agus thart ar €130m (Glanluach reatha, luachanna Eanáir 2007) i rith na tréimhse 30 bliain.

Measann an tÚdarás gurb ionann a bheidh an costas talún, réamhstaidéar/dearaidh a theastaíonn leis an mbealach a shainaithint, cáipéisí reachtúla a ullmhú (Scéim Mótarbhealaigh agus Ráiteas Tionchair Timpeallachta), réamh-imscrúdú talún, tástáil agus réiteach tosaigh seandálaíochta, agus maoirseacht ar a tógáil agus thart ar €40m. Baineann na costais seo, gan aird ar bhealach an chonartha a d’fhéadfaí a úsáid leis an scéim a sholáthar.

Maoiniú Direct Route

Tá cistiú substainteach á infheistiú ag Direct Route isteach sa tionscadal seo trí ghnáthscaireanna ó na cuideachtaí atá sa chuibhreannas. Cistiú fiachais é tromlach an chistithe agus shocraigh Direct Route cistiú ó thrí fhoinse:

  • Trí bhanc - KBC/IIB, AIB agus ING1;
  • An Banc Eorpach Infheistíochta – banc faoi úinéireacht bhallstáit an Aontais Eorpaigh a infheistíonn i mbonneagar riachtanach AE.
  • Cistí ó chomhaltaí an chuibhreannais1.

Is é Direct Route an páirtí atá freagrach as na fiachais seo a aisíoc.

1Rinneadh an maoiniú fiachais, agus an ghnáthscair, a shindeacáitiú do Bhanc na hAlban roimh scor airgeadais.

Íocaíochtaí ón Údarás le Direct Route

Tá íocaíochtaí an Údaráis le Direct Route seasta agus íocaíochtaí €80m (praghsanna 2003) i gcaitheamh na tréimhse tógála atá iontu, a scaoiltear ar chríochnú sásúil príomhghnéithe tógála, agus €40m (praghsanna 2003) i dtréimhse an oibrithe. (Nóta: Tá íocaíochtaí oibríochtúla faoi réir innéacsú ar aon dul leis an bpraghasinnéacs tomhaltóirí.)

Íocaíochtaí ó Direct Route leis an Údarás

Íocfaidh Direct Route sciar leis an Údarás, ag brath ar an leibhéal tráchta ar an mbóthar, de na hioncaim ó dholaí a bhailítear. Beidh an sciar ioncaim seo infheidhme a luaithe a sháraíonn an trácht ar an mbóthar dola 21,000 feithiclí sa lá.

Íocaíochtaí ó Direct Route leis an Stát

Anuas ar an sciar ioncaim a íocfaidh sé leis an Údarás, beidh oibleagáid ar Direct Route na híocaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Rátaí tráchtála: I gcomhréir leis an Acht Luachála, 2001, DirectRoute a bheidh in áititheoir réadmhaoine inrátáilte mar gheall ar na saoráidí dola a bheidh á n-oibriú acu. Ceanglófar ar DirectRoute, ag brath ar na líonta feithiclí agus a ríomhtar i gcomhréir le modheolaíocht a leagann an Oifig Luachála amach, rátaí a íoc leis an údarás áitiúil/na húdaráis áitiúla a ngabhann an bóthar trína limistéar riaracháin;
  • Cáin chorparáide; agus
  • CBL ar fháltais neamh-inghnóthaithe

Léargas Ginearálta Achomair

Íocfaidh an Stát, i dtaobh bonneagair ar a bhfuil costas measta €320m, gan costais talún/phleanála/dearaidh ullmhúcháin a áireamh, €80m, (gan costais talún/ullmhúcháin a áireamh) i rith na tréimhse tógála 3 bliana anuas ar €40m sa bhreis i rith na tréimhse oibríochtúla. Forchúiteoidh an Stát airgead trí sciar ioncaim, rátaí agus cánacha.