Seachbhóthar N1/M1 Iarthar Dhún Dealgan

Tá seo ar cheann de na tionscadail a d’fhógair an NRA i Meitheamh 2000 faoi Thráinse II den Chlár Bóithre CPP. Tá an tionscadal seo ar bhealach an N1/M1 ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Teorainn agus bhain stráice bóthair 11km a thógáil, ar chuid é de phríomhbhealach náisiúnta an N1/M1 i gcóngar do bhaile Dhún Dealgan, Contae Lú, chomh maith le fad thart ar 8km de thaobh-bhóithre agus de bhóithre ceangail gaolmhara.

Cuimsítear sa tionscadal oibriú agus cothabháil an mhótarbhealaigh reatha anuas ar thart ar fhad 42km, i.e. Seachbhóthar Dhún Léire agus Mótarbhealach Dhún Léire/Dhún Dealgan chomh maith le hoibriú agus le cothabháil na n-áiseanna dolaí ar scéim an M1 (Baile Mhic Gormáin go Mainistir Bheithe), a osclaíodh an 9 Meitheamh 2003.

Bronnadh an Conradh CPP an 9 Feabhra 2004 ar Celtic Roads Group (Dundalk) Ltd. Bhí Dragados Concesiones de Infraestructuras SA (gnóthas mór Spáinneach), Edmund Nuttall Ltd (UK), HBG Ascon Ltd (Irl.), agus NTR plc (Irl.) sa chuibhreannas.

DÁTA BRONNTA CONARTHACONRADH BRONNTA ARSAGHAS AN CPP CLÁR RIALTAIS STÁDAS
Feabhra 2004 Celtic Roads Group (Dundalk) Ltd. Lamháltas An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 Osclaíodh é in 2005

Cliceáil anseo, le do thoil, chun teacht ar bhreis faisnéise faoin scéim

Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil, le do thoil, le Celtic Roads Group (Dundalk) Ltd. trí ghlaoch ar 041 982 9820

Nuashonruithe ar Úinéireacht na Cuideachta Lamháltais: NTR plc Ireland

 

Gnéithe Airgeadais Chonradh CPP Sheachbhóthar N1/M1 Iarthar Dhún Dealgan

Cuideachta Lamháltais ar Bhronnadh an Chonartha

Bronnadh an Conradh CPP ar Celtic Roads Group (Dundalk) Ltd. (CRG). Bhí Dragados Concesiones de Infraestructuras SA (gnóthas mór Spáinneach), Edmund Nuttall Ltd (UK), HBG Ascon Ltd (Irl), agus NTR plc (Irl.) sa chuibhreannas nuair a bronnadh an tairiscint.

Nuashonruithe ar Úinéireacht na Cuideachta Lamháltais.

NTR plc Irel

Dualgais agus oibleagáidí na Cuideachta Lamháltais

Foráiltear i dtéarmaí an chonartha go bhfuil freagracht ar an gcuibhreannas as dearadh, tógáil, airgeadas, oibriú agus cothabháil, i rith tréimhse lamháltais 30 bliain, maidir leis an méid seo a leanas:

  • stráice nua 11 chiliméadar de mhótarbhealach ó Bhaile Mhic Scanláin go Baile Héine, agus thart ar 7 gciliméadar de nascbhóithre nua, 12 thardhroichead/fhodhroichead agus tardhroichead mór iarnróid;
  • oibriú agus cothabháil a dhéanamh ar 43km de mhótarbhealach reatha ó Bhaile Héine go Baile Mhic Gormáin (Droichead na Bóinne agus na saoráidí dola a osclaíodh in (2003/4/5) ina aice san áireamh.
  • uasghrádú ar na dola-phláis le ríomhbhailiúchán dolaí sa mhullach ar lánaí tiomnaithe leictreonacha neamhstoptha ar an bplás príomhlíne, agus;
  • a chinntiú go sásaíonn an stráice iomlán 54km de bhóthar na coinníollacha lena thabhairt ar ais, chun saolré shásúil iarmharach a sholáthar i ndiaidh dheireadh na tréimhse lamháltais 30 bliain.
  • Dearadh
    • Dearadh mionsonraithe iomlán a dhéanamh ar gach gné nuathógála;
    • CNa measúnuithe riachtanacha ar struchtúir a dhéanamh ag céimeanna éagsúla i rith na tréimhse lamháltais
  • Tógáil
    • Na hoibreacha nua go léir a thógáil;
    • Glacadh le freagracht as dálaí talún, monatóireacht agus réiteach seandálaíochta, athlonnú fóntais agus tírdhreachú.
  • Cothabháil
    • Pábháil bhóthair, struchtúir, tírdhreachú, comharthaí, líniú, soilsiú, bacainní sábháilteachta, fálú agus gach gné eile den bhóthar a chothabháil;
    • Tabhairt faoi chothabháil chuimsitheach geimhridh, patróil, sailleadh réamhchúramach, agus glanadh sneachta san áireamh.
  • Oibriú
    • An bóthar a bhainistiú i dtaobh sábháilteachta, bainistíocht tráchta, eolais don úsáideoir bóithre, doirteadh ola, timpistí;
    • An córas dolaí a oibriú i leith na leibhéal riachtanach seirbhíse agus é a uasghrádú mar is gá chun freastal ar éileamh;
  • Ath-infheistiú
    • Sula dtabharfar ar ais don earnáil phoiblí é ag deireadh an lamháltais, na háiseanna go léir a uasghrádú is gá (e.g. athdhromchlú, athlíniú bóthair) chun an tsaolré riachtanach iarmharach a sholáthar don bhóthar.
    • Maidir le struchtúr an bhóthair, tá ar an lamháltóir é a thabhairt ar ais agus saolré bhreise 10 mbliana aige sula mbeadh aon neartú struchtúrach ag teastáil.
  • Airgeadas
    • Airgeadas a thiomsú don scéim agus freagracht a ghlacadh as na haisíocaíochtaí go léir;
    • An baol i leith róchaiteachas costais a láimhseáil.

An Tréimhse Lamháltais

Síníodh an conradh an 9 Feabhra 2004 agus leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar feadh 30 bliain ón dáta sin.

Costas an tionscadail

Meastar, dá dtabharfadh an earnáil phoiblí faoi na hoibreacha go léir sa chonradh go gcosnódh sé thart ar €340m, gan costais talún san áireamh, agus go gcosnódh an ghné thógála €160m.

Measann an tÚdarás gurb ionann a bheidh an costas talún, réamhstaidéar/dearaidh a theastaíonn leis an mbealach a shainaithint, cáipéisí reachtúla a ullmhú (Scéim Mótarbhealaigh agus Ráiteas Tionchair Timpeallachta), réamh-imscrúdú talún, tástáil agus réiteach tosaigh seandálaíochta, agus maoirseacht ar a tógáil agus thart ar €40m. Baineann na costais seo, gan aird ar bhealach an chonartha a d’fhéadfaí a úsáid leis an scéim a sholáthar.

Maoiniú Celtic Roads Group

Tá cistiú substainteach á infheistiú ag Celtic Roads Group isteach sa tionscadal seo trí ghnáthscaireanna ó na cuideachtaí atá sa cuibhreannas. Cistiú fiachais é tromlach an chistithe agus shocraigh Direct Route cistiú ó thrí fhoinse:

  • Societe Generale, KBC/IIB, Depfa Bank plc, AIB plc agus Instituto de Credito Oficial (ICO – Banc Spáinneach);
  • An Banc Eorpach Infheistíochta – banc faoi úinéireacht bhallstáit an Aontais Eorpaigh a infheistíonn i mbonneagar riachtanach AE.
  • Cistí ó bhaill an chuibhreannais.

Is é Celtic Roads Group an páirtí atá freagrach as na fiachais seo a aisíoc.

Íocaíochtaí ón Údarás le Celtic Roads Group

Foráiltear sa chonradh nach ndéanfaidh an NRA AON ÍOCAÍOCHTAÍ leis an gcuibhreannas.

Íocaíochtaí ó Celtic Roads Group leis an Údarás

Íocfaidh an cuibhreannas 95% den ioncam ó dholaí a bhailítear i rith na tréimhse tógála leis an NRA, a meastar gurb ionann é agus €18 milliún, agus lena chois sin, íocfaimid sciar den ioncam amach anseo ó dholaí os cionn trácht sonraithe leis an NRA i rith na coda eile den tréimhse lamháltais mar mheicníocht le cosc a chur ar bhrabúis amhantair i gcás go dtiocfaidh borradh as cuimse ar an trácht.

Íocaíochtaí ó Celtic Roads Group leis an Stát

Anuas ar an ioncam ó dholaí a bheidh le híoc leis an Údarás i rith chéim thógála agus dhearaidh Sheachbhóthar Iarthar Dhún Dealgan agus an sciar ioncaim amach anseo a íocfaidh sé leis an Údarás, beidh oibleagáid ar CRG na híocaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Rátaí tráchtála: I gcomhréir leis an Acht Luachála, 2001, DirectRoute a bheidh in áititheoir réadmhaoine inrátáilte mar gheall ar na saoráidí dola a bheidh á n-oibriú acu. Ceanglófar ar DirectRoute, ag brath ar na líonta feithiclí agus a ríomhtar i gcomhréir le modheolaíocht a leagann an Oifig Luachála amach, rátaí a íoc leis an údarás áitiúil/na húdaráis áitiúla a ngabhann an bóthar trína limistéar riaracháin;
  • Cáin chorparáide; agus
  • CBL ar fháltais neamh-inghnóthaithe

Léargas Ginearálta Achomair

I gcás bonneagair ar a bhfuil costas measta €340m (nuathógáil agus uasghrádú agus cothabháil leanúnach i gcaitheamh 30 bliain ar an M1 ar stráice thart ar 54km), gan costais talún, phleanála, dearaidh ullmhúcháin a áireamh, ní dhéanfaidh an Stát aon íocaíochtaí (gan costais talún/ullmhúcháin a áireamh) i rith na tréimhse tógála lamháltais iomláine.

Forchúiteoidh an Stát airgead substainteach trí ioncaim ó dholaí atá iníoctha leis an Údarás i rith chéim thógála agus dhearaidh Sheachbhóthar Iarthar Dhún Dealgan agus an sciar ioncaim, na rátaí agus na cánacha san áireamh.