Seachbhóthar Phort Láirge an N25

Cuireadh an tionscadal seo san áireamh fad a fógraíodh tionscadail phíolótacha an 1 Meitheamh 1999. Tá seachbhóthar an N25 timpeall ar Chathair Phort Láirge i gceist leis an tionscadal. Áirítear leis an tionscadal trasrian nua abhann, droichead staghcháblaí a bhfuil fad foriomlán thart ar 475m air, ar Abhann na Súire i bhfoisceacht na Greanaí, i.e. i ngar do láthair acomhal reatha an N24/N9 Siar ó Thuaidh ó Chathair Phort Láirge. Tosaítear an seachbhóthar i bhfoisceacht Chill Mhíodáin laistiar den Chathair, agus trasnaíonn sé Abhainn na Súire ag an nGreanach agus déanann sé ceangal leis an N25 reatha lastoir de Shráidbhaile Shliabh Rua. Áirítear leis an tionscadal ceangal nua, ar a dtugtar an Nasc Thiar, a dhéanann ceanglaíonn an Seachbhóthar le limistéir thionsclaíocha laisteas den Chathair agus a dhéanann nasc leis an N9 agus an N24 le hAcomhal na Greanaí. Is éard atá i dtógáil na scéime ná thart ar 23 ciliméadar de dhébhealach agus stráice de charrbhealach atá thart ar 14 chiliméadar ar fad.

I rith tástáil seandálaíochta réamhchonartha a rinneadh ar an scéim, thángthas ar láithreán tábhachtach seandálaíochta ar a dtugtar - “Láithreán Bhaile na Coille" feadh na conaire bealaigh. Dearbhaíodh gur séadchomhartha náisiúnta a bhí sa láithreán agus d’eisigh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoracha seandálaíochta a rinne foráil go ndéanfaí an láithreán a chaomhnú. Theastaigh ailíniú leasaithe uaidh seo do stráice den bhealach.

Is cosúil gurb ionann láithreán Bhaile na Coille agus lonnaíocht chosanta cois abhann a mbaineann gníomhaíocht thionsclaíoch leis. Deimhníonn na déantáin agus na dátaí radacarbóin i dteannta a chéile gur dóchúla go ngabhann an láithreán siar go dtí an tréimhse luath Mheánaoiseach, thart ar thráth idir an 9ú haois agus tráth luath sa 12ú haois AD. Tugtar le fios go mb’fhéidir gur úsáid na Lochlannaigh lonnaíocht reatha de bhunadh na nÉireannach dúchasach. Thángthas ar an láithreán i rith tástáil seandálaíochta réamhchonartha a rinneadh ar an scéim.

D’eisigh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoracha seandálaíochta do láithreán Bhaile na Coille an 11 Bealtaine 2005. Foráiltear i dtreoracha an Aire go bhfuil an láithreán seandálaíochta le caomhnú agus teastaíonn ailíniú leasaithe uaidh seo do stráice den bhealach.

 

DÁTA BRONNTA CONARTHACONRADH BRONNTA ARSAGHAS AN CPP CLÁR RIALTAIS STÁDAS
Aibreán 2006 Celtic Roads Group Lamháltas An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 Osclaíodh é in 2005

Cliceáil anseo, le do thoil, chun teacht ar bhreis faisnéise faoin scéim

Gnéithe Airgeadais Chonradh CPP Sheachbhóthar Chathair Phort Láirge an N25

Cuideachta Lamháltais

Tá Dragados (cuideachta Spáinneach), NTR, agus Royal BAM (Ascon) i gcuibhreannas Celtic Roads Group (Waterford) Ltd.

Dualgais agus oibleagáidí na Cuideachta Lamháltais

Ba éard a bhí i gceist leis an scéim seachbhóthar an N25 a thógáil a ghabhann ó Chill Mhíodáin i gContae Port Láirge go Sliabh Rua i gContae Chill Chainnigh. Trasnaíonn an bealach Abhainn na Siúire ag an nGreannach agus, ar an gcaoi sin, cuireann sé an dara droichead mór ar fáil do Phort Láirge trasna na Siúire agus cuireann sé bóthar ar fáil don trácht ar bhealach an N25 ó Chorcaigh go Ros Láir leis an gcathair a sheachaint.

Is éard atá sa scéim ná thart ar 23 ciliméadar de dhébhealach, droichead trasna Abhainn na Siúire thart ar 475 méadar ar fad agus stráice de charrbhealach singil a thógáil atá thart ar 4 chiliméadar ar fad. Tá fad breise 11 chiliméadar de thaobh-bhóithre agus de bhóithre ceangail agus athailíniú iarnróid 2 chiliméadar (iarnród caol, gan oibreacha riain a áireamh) i limistéar acomhal an naisc thiar. Tá dhá acomhal ilairde agus dhá thimpeallán chomhréidhe san áireamh sa phríomh-sheachbhóthar. Tá cúig thimpeallán chomhréidhe bhreise san áireamh sna nascbhóithre.

Struchtúr sainiúil agus éachtach é Droichead nua na Siúire. Droichead staghcháblaí é ag a bhfuil dearadh éadrom agus galánta a chuireann leis an abhainn agus leis an tírdhreach máguaird agus beidh sé ar an dara struchtúr den chineál seo ar an ngréasán bóithre náisiúnta. Bhí Droichead na Bóinne an-éachtach ag Droichead Átha, a osclaíodh i Meitheamh 2003, ar an gcéad droichead staghcháblaí den saghas siúd agus bhain sé moladh forleathan amach.

Tá ar Celtic Roads Group tabhairt faoi na tascanna seo a leanas:

  • Dearadh
    • Dearadh mionsonraithe iomlán a dhéanamh ar gach gné nuathógála;
    • CNa measúnuithe riachtanacha ar struchtúir a dhéanamh ag céimeanna éagsúla i rith na tréimhse lamháltais
  • Tógáil
    • Na hoibreacha nua go léir a thógáil;
    • Glacadh le freagracht as dálaí talún, monatóireacht agus réiteach seandálaíochta, athlonnú fóntais agus tírdhreachú.
  • Cothabháil
    • Pábháil bhóthair, struchtúir, tírdhreachú, comharthaí, líniú, soilsiú, bacainní sábháilteachta, fálú agus gach gné eile den bhóthar a chothabháil;
    • Tabhairt faoi chothabháil chuimsitheach geimhridh, patróil, sailleadh réamhchúramach, agus glanadh sneachta san áireamh.
  • Oibriú
    • An bóthar a bhainistiú i dtaobh sábháilteachta, bainistíocht tráchta, eolais don úsáideoir bóithre, doirteadh ola, timpistí;
    • An córas dolaí a oibriú i leith na leibhéal riachtanach seirbhíse agus é a uasghrádú mar is gá chun freastal ar éileamh;
  • Ath-infheistiú
    • Sula dtabharfar ar ais don earnáil phoiblí é ag deireadh an lamháltais, na háiseanna go léir a uasghrádú is gá (e.g. athdhromchlú, athlíniú bóthair) chun an tsaolré riachtanach iarmharach a sholáthar don bhóthar.
    • Maidir le struchtúr an bhóthair, tá ar an lamháltóir é a thabhairt ar ais agus saolré bhreise 10 mbliana aige sula mbeadh aon neartú struchtúrach ag teastáil.
  • Airgeadas
    • Airgeadas a thiomsú don scéim agus freagracht a ghlacadh as na haisíocaíochtaí go léir;
    • An baol i leith róchaiteachas costais a láimhseáil.

An Tréimhse Lamháltais

Síníodh an conradh an 21 Aibreán 2006 agus leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar feadh 30 bliain ón dáta sin. Ceapadh go nglacfadh an tógáil thart ar 4 bliana agus beidh Celtic Roads Group freagrach as dolaí a bhailiú ar feadh tréimhse thart ar 26 bliain.

Costas an tionscadail

Measann an tÚdarás, dá dtabharfadh sé féin faoi na tascanna uile dearaidh, tógála, cothabhála, oibrithe agus ath-infheistíochta ar gá do Celtic Roads Group tabhairt fúthu gurbh ionann a bheadh an costas agus thart ar €600m (gan costais talún agus réamhdhearaidh a áireamh) de réir luachanna 2006.

Measann an tÚdarás gurb ionann a bheidh an costas talún, réamhstaidéar/dearaidh a theastaíonn leis an mbealach a shainaithint, cáipéisí reachtúla a ullmhú (Scéim Mótarbhealaigh agus Ráiteas Tionchair Timpeallachta), réamh-imscrúdú talún, tástáil agus réiteach tosaigh seandálaíochta, agus maoirseacht ar a tógáil agus thart ar €160m. Baineann na costais seo, gan aird ar bhealach an chonartha a d’fhéadfaí a úsáid leis an scéim a sholáthar.

Maoiniú Celtic Roads Group

Tá cistiú substainteach á infheistiú ag Celtic Roads Group isteach sa tionscadal seo trí ghnáthscaireanna ó na cuideachtaí atá sa chuibhreannas. Cistiú fiachais é tromlach an chistithe agus shocraigh Celtic Roads Group cistiú ó dhá fhoinse:

  • Dhá bhanc – Banco Santander in Hispano Láir, agus BBVA; agus
  • An Banc Eorpach Infheistíochta – banc faoi úinéireacht bhallstáit an Aontais Eorpaigh a infheistíonn i mbonneagar riachtanach AE

Is é Celtic Roads Group an páirtí atá freagrach as na fiachais seo a aisíoc.

Íocaíochtaí ón Údarás le Celtic Roads Group

Tá íocaíochtaí an Údaráis le Celtic Roads Group seasta agus íocaíochtaí NPV €99m i gcaitheamh na tréimhse tógála atá iontu, a scaoiltear ar chríochnú sásúil príomhghnéithe tógála, agus íocaíocht NPV €62m i rith thréimhse an oibrithe. (Nóta: Tá íocaíochtaí oibríochtúla faoi réir innéacsú ar aon dul leis an bpraghasinnéacs tomhaltóirí.)

Íocaíochtaí ó Celtic Roads Group leis an Stát

Anuas ar an sciar ioncaim a íocfaidh sé leis an Údarás, beidh oibleagáid ar Celtic Roads Group na híocaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Rátaí tráchtála: I gcomhréir leis an Acht Luachála, 2001, DirectRoute a bheidh in áititheoir réadmhaoine inrátáilte mar gheall ar na saoráidí dola a bheidh á n-oibriú acu. Ceanglófar ar DirectRoute, ag brath ar na líonta feithiclí agus a ríomhtar i gcomhréir le modheolaíocht a leagann an Oifig Luachála amach, rátaí a íoc leis an údarás áitiúil/na húdaráis áitiúla a ngabhann an bóthar trína limistéar riaracháin;
  • Cáin chorparáide; agus
  • CBL ar fháltais neamh-inghnóthaithe

Léargas Ginearálta Achomair

Íocfaidh an Stát, i dtaobh bonneagair ar a bhfuil costas measta €600m, gan costais talún/phleanála/dearaidh ullmhúcháin a áireamh, €99m, (gan costais talún/ullmhúcháin a áireamh) i rith na tréimhse tógála 4 bliana anuas ar €62m sa bhreis i rith na tréimhse oibríochtúla. Forchúiteoidh an Stát airgead trí sciar ioncaim, rátaí agus cánacha.