eToll

Is modh comhtháite náisiúnta é e#Toll chun dolaí a bhailiú go huathoibríoch ag baint úsáide as clib leictreonach atá suite ar ghaothscáth d'fheithicle.

" "

Ligeann eToll do thiománaithe taisteal ar dholabhóithre uile na hÉireann gan a bheith orthu stopadh agus airgead a íoc.  Ciallaíonn sé freisin go mbeidh tú ábalta rochtain a fháil ar gach dolabhóthar sa tír a luaithe is a chláraíonn tú leis an soláthraí clibe.

Cén fáth clibe?

Le clibeanna leictreonacha beidh aistir níos tapúla agus níos breosla-éifeachtúla agat ar do thurais phearsanta agus ghnó. Is féidir le cairr, jípeanna agus veaineanna bheaga an mearlána a úsáid ar gach dolabhóthar in Éirinn agus sábháilfear airgead agus am agus seachnófar stró. Le clibeanna cinnteofar go:

  • Nach mbíonn breosla á alpadh agus am á chur amú ag an dola-phlás.
  • Nach mbíonn tú buartha faoin tsóinseáil cheart a bheith agat chun dola a íoc.
  • Nach gá duit bheith buartha faoi spriocanna íocaíochta an lá dar gcionn.
  • Gur féidir rogha a dhéanamh idir chuntais réamhíoctha nó iaríoctha.
  • Leas a bhaint as rátaí laghdaithe dola ar bhealaí áirithe.

Le dolaí leictreonacha úsáidtear clib bheag leictreonach a chuirtear san fheithicil agus a bhraitear gach uair a théann an fheithicil tríd an dola-phlás. Cuirtear cuntas an chustaiméara do dhochar ansin. Aithneoidh an córas leictreonach dola, an dola ceart don aicme feithicle atá á tiomáint agat. 

Cláraigh le haghaidh cuntas clibe.

Chun feabhas a chur ar d'eispéaras tiomána in Éirinn, cláraigh le haghaidh cuntas clibe inniu.


Soláthraithe Neamhspleácha Clibeanna
Eurolink logo
ParkMagic Mobile Solutions Teo..
Riverfront, Cé Uí Uallaigh, Luimneach

F: +353 (0) 61 311 422
R: info@parkmagic.net | G: www.TollTag.ie


Easytrip logo Easytrip Services Ireland Teo.
Teach E.A, Eastát Tionsclaíochta Bhaile Dama,
Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15

Íosghlao: 1890 67 67 68 | F: +353 1 8613200
R: info@etrip.ie | G: www.easytrip.ie

Dolabhóithre ar a n-Úsáidtear Clibeanna

DirectRoute Logo DirectRoute (Mainistir Fhear Maí) Teoranta
Bóthar an Chumainn Gailf, An Carn, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí

F: +353 25 40199
R: info@directroute.ie | G: www.directroute.ie

Oibritheoir: Eurotoll Teoranta,
An Sceachánach Thuaidh, Cnocán na Biolraí, Co. Chorcaí

F: +353 21 4889968

North-Link logo eFlow
eFlow, PO Box 13294, South City DSU, Cork

T: Lo-call 0818 50 10 50
W: eFlow.ie