Sraith Monagraif Scéime an NRA

Conas iad a Cheannach

Tá na monagraif go léir a liostaítear thíos ar fáil i siopaí leabhar nó go díreach ó Wordwell Books (is féidir ordú ar líne: www.wordwellbooks.com; ríomhphost: office@wordwellbooks.com nó cuir glao gutháin ar: +353 1 2933568). Tá costas €25 an ceann orthu, seachas ar Imleabhair 1 agus 2 de Generations, ar a bhfuil costas €35.

Cover of book entitled Through the Lands of the Auteri and St Jarlath

Through the Lands of the Auteri and St Jarlath: the archaeology of the M17 Galway to Tuam

(ISBN 978-0-9932315-0-6)

Tá stair an-spéisiúil na Gaillimhe, idir an stair shaolta agus reiligiúnach, scríofa ar fud a tírdhreacha. Gabhann a seandálaíocht agus a hailtireacht siar go dtí an tráth is luath a lonnaigh daoine sa cheantar agus aniar go dtí an tráth a d’imigh na sluaite ag aimsir an Ghorta Mhóir agus ag gach pointe idir an dá thráth sin. Síneann an stráice de mhótarbhealach an M17 a ndéantar cur síos air sa leabhar seo trí chríocha ársa treibhe agus reiligiúnacha a shín ó Bhaile Átha an Rí sa deisceart go Tuaim sa tuaisceart. Déanfaidh léitheoirí Through the Lands of the Auteri and St Jarlath, a scríobh Teresa Bolger, Martin Jones, Brian MacDomhnaill, Ross MacLeod, Colm Moloney agus Scott Timpany, ceann de na suíomhanna deasghnátha is luaithe sa réigiún a fhiosrú i mbaile fearainn Chill Sciach, aimseoidh siad sraith tuláin dhóite i mbaile fearainn Chluain Dá Rón, ar dhócha gur úsáid grúpa teaghlaigh shínte i gcaitheamh tréimhse thart ar 30 glúin, tiocfaidh siad ar fhianaise i leith tóraíocht taisce sa Nua-aois Luath ag lios i mbaile fearainn Ráth Mhuirisín agus rachaidh siar ar thuras timpeall ‘Sean-Chill Sciach’ agus fothraigh phobal teachíní ó thréimhse an Ghorta Mhóir.

Cover of book entitled A Journey Along the Carlow Corridor

A Journey Along the Carlow Corridor: the archaeology of the M9 Carlow Bypass

(ISBN 978-0-9574380-9-5)

Ceantar tábhachtach lonnaíochta agus cainéal cumarsáide a bhí in Abhainn na Bearú, an dara habhainn is faide in Éirinn, ar feadh na mílte bliain – táthar nach mór cinnte gurbh amhlaidh a bhí an abhainn ón tráth a leag ár sinsir cos ar na cladaí seo sa tréimhse Mhéisiliteach. Aithníodh ról Ghleann na Bearú mar chainéal cumarsáide arís eile in aimsir na Normannach. Is ionann Seachbhóthar Cheatharlach a fhorbairt mar chuid de mhótarbhealach an M9 idir Dublin agus Port Láirge agus uasghrádú 21ú haois ar an mbealach ársa seo. Déantar tuairisciú in A Journey Along the Carlow Corridor, a chuir Teresa Bolger, Colm Moloney agus Damian Shiels in eagar, ar imscrúduithe réamhthógála a léirigh go raibh gníomhaíocht thábhachtach seandálaíochta sa réigiún seo i gCeatharlach i lár na habhann. Tá cáil ar Cheatharlach sa lá atá inniu ann mar chontae curaíochta. Chuathas sa tóir chomh maith céanna roimhe seo ar na hithreacha saordhraenála torthúla atá ann agus nochtadh sna tochailtí seandálaíochta fianaise nach beag tí, deasghnátha agus thionsclaíoch ar fud tréimhse ón réamhstair isteach sa mheánaois agus isteach sa tréimhse iarmheánaoiseach ina dhiaidh sin. Léirítear arís eile saibhreas na talún talmhaíochta i leathadh na n-eastát mór diméine agus na dtithe contae a bhí breactha go ceannasach sa tírdhreach tuaithe ón 18ú haois

Cover of book entitled The Quiet Landscape

The Quiet Landscape: archaeological investigations on the M6 Galway to Ballinasloe national road scheme

(ISBN 978-0-9574380-7-1)

Contae mór agus éagsúil í Gaillimh. Tá sliabhraonta nochta garbha agus imeallbhord an Atlantaigh fhiáin san iarthar. Ach tá féarach íseal eallaigh, áiteanna cónaithe tuaithe scaipthe agus bailte margaidh stairiúla i lár tuaithe an chontae. Seo é tírdhreach ciúin an leabhair seo, a chuir Jim McKeon agus Jerry O’Sullivan in eagar, a thrasnaíonn mótarbhealach an M6 anois, ó imill Chathair na Gaillimhe go baile Bhéal Átha na Sluaighe. Sholáthair imscrúduithe seandálaíochta feadh bhealach an mhótarbhealaigh léargas nua ar luathstair agus réamhstair an tírdhreacha seo. Tá na rudaí a aimsíodh iontach de bharr a éagsúla atá siad, go háirithe i gcontae nach ndearnadh ach beagán obair allamuigh ann roimhe sin lasmuigh dá mbailte stairiúla. In The Quiet Landscape, is féidir le léitheoirí teacht ar champa fiagaithe cnuasaitheoirí iad féin ag Baile na Cloiche, mianach luaidhe ón gCré-umhaois ag an Trian Bán, dún cnoic mór réamhstairiúil ag Ráth Chalaidh, áitribh feirme ón luath-mheánaois ag na Cualacha, an Carn Mór Thiar, Loch Buan agus Meacnaigh, muileann spád ón 18ú haois ag Cúil Ola agus go leor suíomhanna seandálaíochta a tochlaíodh, a léiríonn nach mór 300 glúin den bheatha idir Abhainn na Suca agus an tAtlantach.

Éist le closleabhar Abarta Heritage a bhaineann le scéim bóthair an M6 idir Gaillimh agus Béal Átha na Sluaighe.

 

Cover of book entitled River Road

River Road: the archaeology of the Limerick Southern Ring Road

(ISBN 978-0-9574380-4-0)

Tá Luimneach líon lán le stair. Idir ballaí na cathrach agus a eaglaisí meánaoiseacha agus na liagchiorcail agus na liosanna atá breactha sa tuath, d’fhág gach glúin a rian ar an tírdhreach. Déantar cur síos in River Road: the archaeology of the Limerick Southern Ring Road, le Nóra Bermingham, Frank Coyne, Graham Hull, Fiona Reilly agus Kate Taylor, ar thorthaí 28 tochailt sa tírdhreach seo, ar shuíomhanna seandálaíochta ar thángthas orthu i bhféarach ísealtalún lastoir agus laisteas den chathair agus i measc réileáin láibe agus ghiolcarnach thuilemhá Abhainn na Sionainne san iarthar. Nochtar sna tochailtí íomhá ghléineach den saol le himeacht na mílte bliain, idir uirlisí cloiche á ndéanamh ag fiagaithe cnuasaitheoirí ar bhruacha na Sionainne 8,000 bliain ó shin, agus na déantóirí brící Ó Cuanach i bhfeighil a n-áitheanna le hábhar tógála a sholáthar do thithe galánta Seoirseacha Chathair Luimnigh. Léirítear sna hearraí a aimsíodh conas a mhair agus a d’oibrigh daoine agus a fuair siad bás. Cuireann na rudaí seo a aimsíodh lenár n-eolas ar na bealaí a rinne ár sinsir áiteanna cónaithe agus slite maireachtála i gceantar Luimnigh ón tréimhse luath réamhstairiúil.

Cover of book entitled Generations: the archaeology of five national road schemes in County Cork

Generations: the archaeology of five national road schemes in County Cork (Imleabhair 1 agus 2)

(ISBN for set 978-0-9574380-6-4)

Leabhar é Generations, a chuir Ken Hanley agus Maurice F Hurley in eagar, faoi shaol daoine i gContae Chorcaí le 10,000 bliain anuas. D’fhág na glúnta go léir a mhair agus a fuair bás sa tréimhse sin rian éigin ar an tírdhreach, mar a nochtar in 114 tochailt seandálaíochta ar chúig thionscadal bóthair náisiúnta: Gleann Maghair–Cnocán na Biolraí (N8), Ráth Chormaic–Mainistir Fhear Maí (M8), Bóthar Faoisimh Bhaile Mhistéala (N8/N73), Seachbhóthar Bhaile an Chollaigh (N22) agus Seachbhóthar Eochaille (N25). Léirítear i ngach suíomh a tochlaíodh an lorg fisiciúil a d’fhág ár sinsir, cosúil linn féin, a bhain súp as aoibhneas an tsaoil agus a d’fhulaing a chruatan, cibé acu ar chnoic rollacha Chorcaí thuaidh, ar mhánna torthúla Ghleann na Laoi nó ag féachaint amach ar Chuan Eochaille.

Thángthas ar iarsmaí de na daoine ba luaithe a lonnaigh i gCorcaigh thart ar 10,000 bliain ó shin, i gceann de na tochailtí ba thábhachtaí a rinneadh, i ngar do Mhainistir Fhear Maí. Tochlaíodh teach a thóg ceann de na chéad phobail feirmeoireachta beagnach 6,000 bliain ó shin i ngar do Bhaile an Chollaigh agus nochtadh cuid de ‘sráidbhaile’ ón gCré-umhaois i ngar do Ráth Chormaic. Earra ar leith ar thángthas air ná ‘Cuach Aghaidh-Chruthach Bhaile Mhistéala’, an léiriú is sine tríthoiseach de dhuine in Éirinn a bhfuiltear eolach air. Bhí lonnaíocht shubstainteach luath-mheánaoiseach feirmeoireachta (an 7ú haois AD) i ngar d’Eochaill comhaimseartha le roinnt de na chéad taifid scríofa do dhaoine i gContae Chorcaí. Gabhann lonnaíocht chréfoirt mhótaigh (an 13ú/14ú haois AD) i ngar do Ghleann Maghair siar go dtí an tréimhse a rinne na hAngla-Normannaigh coilíniú ar Chorcaigh.

Cuireann aistí ina bpléitear tábhacht na rudaí a aimsíodh ina gcomhthéacsanna réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta le cuntais de gach suíomh a tochlaíodh sa dá imleabhar de Generations. Tá sa CD-ROM a ghabhann leis na bunsonraí teicniúla agus na sainsonraí go léir ó na tochailtí agus athchruthú beoite 3D ar chúig cinn de na suíomhanna feiceálacha.

Cover of book entitled The Mill at Kilbegly

The Mill at Kilbegly: an archaeological investigation on the M6 Ballinasloe to Athlone national road scheme

(ISBN 978-0-9574380-1-9)

Déantar cur síos in The Mill at Kilbegly, a scríobh Neil Jackman, Caitríona Moore agus Colin Rynne, ar iarsma iontach ar tháinig seandálaithe air in 2007 a bhí ag tabhairt faoi ghnáth-thochailtí tástála i bportach i ndeisceart Chontae Ros Comáin, ar bhealach mhótarbhealach nua an M6. Tá an muileann uisce tóin le talamh ón meánaois luath ag Kilbegly ar cheann de na samplaí dá mhacasamhail is tábhachtaí a aimsíodh i seandálaíocht na hEorpa iar-Rómhánaí. Bhí sárbhail ar na taraenna, na linnte muilinn, an flúma nó an locchomhla, lusca an mhuilinn nó an teach cruinn, mol an rotha, an t-acastóir agus na céaslaí nuair a thángthas orthu (sa mhullach ar na huirlisí agus na hearraí eile a bhaineann leis an muileann), a bhí á gcaomhnú i nduibheagán dorcha, fionnuar, gan aer an phortaigh móna. Cuireadh saibhreas eolais nua ar fáil nuair a rinneadh an suíomh a thochailt ar ghnéithe de mhuilte luatha agus den mhuilleoireacht agus de cheird shofaisticiúil na saor muilinn ón meánaois luath in Éirinn. Cuirtear le cuntas seandálaíochta shuíomh an mhuilinn mheánaoisigh sa leabhar seo trí staidéir eolaíochta ar ábhair phailéachomhshaoil ón bportach agus anailís stairiúil ar fhoinsí cáipéisíochta ón meánaois luath.

Cover of book entitled Harvesting the Stars

Harvesting the Stars: a pagan temple at Lismullin, Co. Meath

(ISBN 978-0-9574380-0-2)

Tá Lios Muilinn suite i nGleann Ghabhra, faoi Theamhair, Contae na Mí. Rinneadh an suíomh seandálaíochta de is mó a bhfuil cur amach air de na 167 suíomh seandálaíochta ar thángthas orthu agus a imscrúdaíodh feadh bhealach mhótarbhealach an M3 idir Cluain Aodha agus lastuaidh de Cheanannas. Imfhálú mór ciorclach ón Iarannaois a rinneadh de chuaillí a aimsíodh, a tochlaíodh agus ar baineadh tuiscint as, an ghné is suntasaí sa leabhar seo. Is í an tuiscint a bhaineann an t-údar, Aidan O’Connell, as an imfhálú ná teampall págánach faoin aer agus cuireann sé an cheist ‘Cé a thóg é?’ Agus ‘Conas a úsáideadh é?’ (Tugann an fhianaise le fios gur thit deasghnátha mórthaibhseacha oíche amach anseo a d’imigh ar na Déithe go mbainfí fómhar torthúil.) Fiosraítear na ceisteanna seo agus eile san fhoilseachán seo ar cheann de na rudaí is tábhachtaí a aimsíodh ar an M3.

‘Tá teacht gan stró sa chur i láthair ar an taifead ar pé leibhéal a roghnaíonn an léitheoir tabhairt faoi. Iarracht shuimiúil agus, ceapaim, an-rathúil í chun dul i ngleic leis an bhfadhb a bhaineann le conas is fearr tochailtí casta a fhoilsiú. Cuireann sé samhail mhealltach ar fáil a gcloífear go fairsing léi agus déanfaidh sé go leor maitheasa i dtaobh obair sheandálaithe a chur i láthair pobal atá ag éirí níos éilithí i gcónaí.’
Sir Barry Cunliffe, Ollamh Emeritus le Seandálaíocht na hEorpa, Ollscoil Oxford
Cover of book entitled Beneath the Banner

Beneath the Banner: archaeology of the M18 Ennis Bypass and N85 Western Relief Road, Co. Clare

(ISBN 978-0-9564180-7-4)

Déantar cur síos ar in Beneath the Banner, le Nóra Bermingham, Graham Hull agus Kate Taylor, ar thorthaí tochailtí seandálaíochta feadh bhealach Sheachbhóthar na hInse an M18 agus Bhóthar Faoisimh an Iarthair an N85, Contae an Chláir. Tochlaíodh fiche a hocht suíomh, idir reiligí réamhstairiúla créamtha agus áitheanna brící ón nua-aois luath, cuid de bhunsraith Agaistíneach mheánaoiseach Mhainistir an Chláir san áireamh. Is ionann an taifead ar na rudaí seo a aimsíodh agus scéal faoin saol daonna i nGleann Abhann an Fhorghais ón réamhstair luath go dtí an nua-aois. Bhí áit ar leith sa tírdhreach ag na reiligí réamhstairiúla créamtha ag Maighnis Mór, agus bhí siad, agus inbhear Abhann an Fhorghais, le feiceáil i dteannta a chéile. I measc na suíomhanna ón meánaois luath, bhí áit chónaithe agus ceardlann ghabha, laistigh d’imfhálú créfoirt ar ghabh claí timpeall air ag Cathair Cheallaigh Mhór, i measc na rudaí thar a bheith tábhachtach a aimsíodh. Ba phríomh-lárionad reiligiúnach, polaitiúil agus tráchtála Mainistir an Chláir ó bunaíodh í sa 12ú haois. Bhí sé suite ar thulán de thalamh ard i dtuilemhá Abhainn an Fhorghais. Déanann na tochailtí anseo a haistriú ó theach reiligiúnach meánaoiseach go garastún míleata sa tréimhse tar éis an Reifirméisin, a rianú. I dtréimhse níos déanaí, léiríonn na háitheanna brící, an áith aoil agus iarsmaí eile de ‘Feabhsúcháin’ ón nua-aois luath go raibh príomhbhaint ag an tírdhreach, agus ag na hamhábhair a sholáthraíonn sé, leis an mbeatha sa ghleann i ngach tréimhse.

Cover of book entitled Borderlands

Borderlands: archaeological investigations along the route of the M18 Gort to Crusheen road scheme

(ISBN 978-0-9564180-6-7)

Gné lárnach é mótarbhealach an M18 i gConair an Atlantaigh. Trasnaíonn sé croíthailte geilleagracha an Iarthair, nascann sé dhá chathair mhóra – Gaillimh agus Luimneach – agus gabhann sé thar Shionainn agus Inis, i measc áiteanna eile. Ach ní dhéanann bóthar níos fearr an stair a chur ar leataobh le haon réigiún amháin a dhéanamh. Meabhraíonn údair an imleabhair reatha seo go dtrasnaíonn stráice an M18 idir an Gort agus Croisín ‘na tailte teorann’ idir dhá chúige, dhá chontae agus dhá chríoch stairiúla freisin. Is ar éigean a thabharfaidh an gnáth-thiománaí an teorainn faoi deara, mar gheall go ngluaiseann an trácht ó thuaidh agus ó dheas feadh mótarbhealach nua go saoráideach. Ach bhíodh sé an-sainithe go deo, tráth dá raibh, sa tírdhreach, ag Abhainn Mhaothraí, agus tá sé an-sainithe go fóill i samhlaíocht daoine áitiúla a mhaireann gach aon taobh den deighilt ina ndéanann Mumha teorainn le Connachta, ina ndéanann an Clár teorainn le Gaillimh agus, níos déanaí sa mheánaois, ina ndearna seanríocht Ghaelach Thuamhan, sa Chlár, teorainn leis na tailte ó thuaidh ar ghlac na Normannaigh ceannas orthu. Insítear cuid de na scéalta in Borderlands, a scríobh Shane Delaney, David Bayley, Ed Lyne, Siobhán McNamara, Joe Nunan agus Karen Molloy, faoi na tailte teorann seo san aimsir réamhstairiúil agus stairiúil.

Cover of book entitled Cois tSiúire—Nine Thousand Years of Human Activity in the Lower Suir Valley

Cois tSiúire—Nine Thousand Years of Human Activity in the Lower Suir Valley

(ISBN 978-0-9564180-3-6) CURRENTLY OUT OF PRINT

Rinne James Eogan agus Elizabeth Shee Twohig Cois tSiúire—Nine Thousand Years of Human Activity in the Lower Suir Valley a chur in eagar agus cuirtear i láthair ann na torthaí ar bhreis agus 60 tochailt seandálaíochta ar bhealach Sheachbhóthar Chathair Phort Láirge an N25, a nocht gur mhair daoine sa chuid seo de Ghleann na Súire Íochtarach ó thráth na bhfiagaithe cnuasaitheoirí is luaithe ar aghaidh. I measc na rudaí a aimsíodh bhí muileann uisce ingearach ó thráth lua sa seachtú haois AD ag Cill Odhráin, an muileann is luaithe dá mhacasamhail a sainaithníodh go dtí seo in Éirinn, agus an lonnaíocht Lochlannach thábhachtach ón naoú haois AD a aimsíodh ag Baile na Coille.

Tá in Cois tSiúire (‘taobh leis an tSúir’ nó ‘in aice na Súire’) achoimrí ar thochailtí a scríobh na stiúrthóirí tochailte, a gcuireann sraith sainléargas ginearálta leo a dhéanann na rudaí a aimsíodh a shuíomh ina gcomhthéacsanna réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Léiríonn na húdair go raibh pobail bheoga ag maireachtáil ón aimsir is luaithe i nGleann na Súire Íochtarach a bhí leathanaigeanta agus dinimiciúil, agus a bhain tairbhe as na buntáistí nádúrtha a sholáthair na tírdhreacha agus na hacmhainní ilchineálacha ‘cois Súire’.

Cover of book entitled In the Lowlands of South Galway

In the Lowlands of South Galway: archaeological excavations on the N18 Oranmore to Gort national road scheme

(ISBN 978-0-9564180-4-3)

Scríobh Finn Delaney agus John Tierney In the Lowlands of South Galway agus déantar cur síos ann ar bhreis agus 20 suíomh seandálaíochta a thochail Eachtra Archaeological Projects ar bhealach scéim bóthair an N18 idir Órán Mór agus an Gort, a thrasnaíonn tírdhreach inar mhair agus inar bhásaigh pobail dhaonna ar feadh 10,000 bliain. Ba chúlra buan an mhá inar mhair siad agus ba mhír mhearaí de thailte féaraigh, coillte coill agus de bhuncharraig bhoireannach aolchloiche ina raibh imeallbhord mantach Atlantach, agus Sliabh Eachtaí agus Boirinn ag féachaint amach air. Déantar cur síos aonair ar na tochailtí sa leabhar seo ach déanann na húdair iarracht freisin an fhianaise a thuiscint ó gach tréimhse ina suíomh fairsing tírdhreacha agus cuireann siad amharc anuas ar fáil don léitheoir ar an saol ar mhá íseal Dheisceart na Gaillimhe, óna réamhstair go dtí an nua-aois. Foilsíodh i Meitheamh 2011 é, agus gabhann CD leis an imleabhar maisiúil seo ina bhfuil na tuairiscí ábhartha deiridh tochailte agus eolas teicniúil eile.

Cover of book entitled Of Troughs and Tuyères

Of Troughs and Tuyères: the archaeology of the N5 Charlestown Bypass

(ISBN 978-0-9564180-1-2)

Scríobh Richard Gillespie agus Agnes Kerrigan é seo, agus leabhar é lena mbaineann tábhacht réigiúnach agus atá éachtach i dtaobh cúrsaí amhairc de ina bpléitear torthaí ar bhreis agus 40 tochailt a rinne seandálaithe Chomhairle Contae Mhaigh Eo sular tógadh Seachbhóthar Bhaile Chathail an N5 in oirthear Mhaigh Eo. Foilsíodh i mí na Nollag 2010 é agus cuirtear i láthair sa mhonagraf seo fiosrú ar shé mhíle bliain de ghníomhaíocht dhaonna faoi mar a léirítear i struchtúir Neoiliteacha, fulachtaí fia dea-chaomhnaithe ón gCré-umhaois (tugtar suíomhanna ársa cócaireachta orthu chomh maith), lonnaíochtaí imfhálaithe ón meánaois luath agus foirgnimh dhúchasacha ón 19ú haois. Rinne na rudaí a aimsíodh iarthírdhreacha a atógáil, nocht siad teagmháil ársa leis an domhan níos fairsinge agus sholáthair siad léargas tábhachtach ar iartheicneolaíochtaí agus ar iarcheardaíocht. Déanann na suíomhanna an-spéisiúla a nochtar in Of Troughs and Tuyères an príomhról a ghlacann Iarthar na hÉireann i dtaobh scéal seandálaíochta an oileáin seo a nochtadh.

Cover of book entitled Places Along the Way

Places Along the Way: first findings on the M3

(ISBN 978-0-9564180-0-5)

Chuir Mary B Deevy agus Donald Murphy Places Along the Way in eagar agus léirítear ann garsprioc shuntasach don NRA mar gheall gurbh é an cúigiú foilseachán ina shraith monagraf a bhain go sonrach le scéim agus gurbh é an chéad mhonagraf a bhí tiomnaithe do na torthaí tochailte ó scéim mótarbhealaigh an M3 idir Cluain Aodha agus lastuaidh de Cheanannas (féach Harvesting the Stars thuas). Foilsíodh an leabhar seo i mí na Nollag 2009 agus cuirtear i láthair ann cuntais shubstainteacha ar agus machnamh ar ocht gcinn de na suíomhanna is suntasaí ar mhótarbhealach an M3 idir Dún Búinne agus an Uaimh i gContae na Mí – limistéar ina bhfuil an tírdhreach níos fairsinge timpeall ar Theamhair. Ráitis eatramhacha iad na caibidlí ina ndéantar cur síos ar na suíomhanna aonair san imleabhar seo a scríobhadh fad a bhí taighde iarthochailte ar bun; ach ní dóchúil go ndéanfaidh taighde breise athrú radacach ar go leor de na tátail a bheartaítear go sealadach sa leabhar, mar sin féin. Cé go ndíríonn an fhianaise ó na suíomhanna go trom ar an tréimhse mheánaoiseach luath, tá rianta substainteacha ann freisin de ghníomhaíocht réamhstairiúil agus ón meánaois dhéanach. Cuireann an leabhar seo méid tábhachtach chomh maith leis an bhfianaise dhoiciméadach i leith lonnaíocht níos déanaí sa mheánaois sa Mhí.

Cover of book entitled In the Shadow of the Galtees

In the Shadow of the Galtees: archaeological excavations along the N8 Cashel to Mitchelstown road scheme

(ISBN 978-0-9545955-9-3)

Scríobh Melanie McQuade, Bernice Molloy agus Colm Moriarty In the Shadow of the Galtees agus is é an ceathrú foilseachán i sraith monagraf an Údaráis um Bóithre Náisiúnta a bhaineann go sonrach le scéim agus foilsíodh é i Samhain 2009. Tugtar le chéile sa leabhar seo na torthaí ar imscrúduithe seandálaíochta ar bhealach an scéim bóthair an N8 idir Caiseal agus Baile Mhistéala i gContae Thiobraid Árann faoinar thug Margaret Gowen & Co. Ltd. Thángthas le linn thógáil an bhóthair nua seo ar go leor suíomhanna seandálaíochta móra nach rabhthas eolach orthu roimhe seo a chuir doimhneacht nua lenár n-eolas ar Thiobraid Árann Theas. Déantar cur síos sa leabhar ar na suíomhanna agus na déantáin an-spéisiúla a aimsíodh agus fiosraítear ann conas a dhéanann na rudaí seo machnamh ar riachtanais, roghanna agus fiú dílseachtaí polaitiúla athraitheacha na ndaoine a chónaigh sa limistéar seo le 5,000 bliain anuas. 24 struchtúr ón gCré-umhaois (idir 4,000 agus 2,600 bliain d’aois) atá sna rudaí is tábhachtaí a luaitear sa leabhar. Seo an líon is mó d’fhoirgnimh ón gCré-umhaois a aimsíodh go dtí seo ar aon scéim bóthair amháin in Éirinn. Rinneadh In the Shadow of the Galtees a chur le chéile go mealltach le léaráidí lándatha ar fud an leabhair agus cuirtear CD-ROM ar fáil freisin ina gcuimsítear na tuairiscí uile deiridh tochailte agus na saintuairiscí go léir. Ní hamháin go meallfaidh an leabhar seo aon duine atá an-tógtha leis an am a chuaigh thart, ach beidh an-spéis go deo ag daoine ann ó réigiún Thiobraid Árann.

Cover of book entitled Near the Bend in the River

Near the Bend in the River: the archaeology of the N25 Kilmacthomas realignment

(ISBN 978-0-9545955-8-6)

Scríobh Penny Johnston, Jacinta Kiely agus John Tierney Near the Bend in the River agus is é an tríú foilseachán i sraith monagraf a bhaineann go sonrach le scéim de chuid an Údaráis um Bóithre Náisiúnta agus foilsíodh é ag deireadh 2008. Tugtar le chéile sa leabhar seo na torthaí ar imscrúduithe seandálaíochta ar bhealach an athailíniú an N25 ag Coill Mhic Thomáisín i gContae Phort Láirge faoinar thug Eachtra Archaeological Projects idir 1998 agus 2000. Baineadh an chéad úsáid, dá bharr seo, as tochailtí forleathana tástála réamhthógála ar scéim bóthair Éireannach. Sainaithníodh rianta de ghníomhaíocht dhaonna roimhe seo as na tochailtí in 30 limistéar ar leith feadh an bhóthair nua seo. Ní rabhthas eolach, roimh an obair seo ach ar aon fhulacht fiadh, nó tulán dóite, amháin feadh líne an athailínithe. I measc na n-iarsmaí a aimsíodh, bhí loirg chuaille bhunsraithe foirgnimh a tógadh nach mór 4,500 bliain ó shin ag daoine a d’úsáid potaireacht Eascra an-mhaisithe agus córas páirceanna a sainaithníodh lenar bhain tábhacht áitiúil a cheaptar a bhain le lonnaíocht Choill Mhic Thomáisín a fhorbairt sa mheánaois. Nochtadh sna tochailtí gníomhaíocht dhaonna nach mór leanúnach sa chuid seo de Phort Láirge le sé mhíle bliain anuas agus cuirtear na torthaí i láthair i bhfoirm gasaitéir, agus gabhann CD-ROM leis ina gcuimsítear na tuairiscí deiridh tochailte agus na saintuairiscí uile.

Cover of book entitled The Archaeology of Life and Death in the Boyne Floodplain

The Archaeology of Life and Death in the Boyne Floodplain: the linear landscape of the M4

(ISBN 978-0-9545955-5-5)

Scríobh Neil Carlin, Linda Clarke agus Fintan Walsh an monagraf seo agus d’fhoilsigh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta é i Lúnasa 2008 agus is é an dara foilseachán i sraith monagraf an NRA a bhaineann go sonrach le scéim. Tugtar le chéile san fhoilseachán seo na torthaí ar an obair fhorleathan sheandálaíochta a rinneadh ar scéim mótarbhealaigh an M4 idir Cionn Átha Gad, an Bóthar Buí agus Cill Choca (M4 KEK) sular tosaíodh an tógáil. Cuireann an foilseachán seo go mór lenár dtuiscint ar an tréimhse mheánaoiseach luath, ach go háirithe, ach cuireann sé chomh maith lenár dtuiscint ar an Iarannaois luath agus ar fhorbairtí níos déanaí. Tugann scóip iontach na hoibre a chuirtear i láthair sa mhonagraf seo gairmiúlacht agus díograis na seandálaithe uile atá bainteach sa tionscadal. Tá in CD-ROM a ghabhann leis an bhfoilseachán tuairiscí éagsúla deiridh agus saintuairiscí tochailte.

Cover of book entitled Monumental Beginnings

Monumental Beginnings: the archaeology of the N4 Sligo Inner Relief Road

(ISBN 978-0-9545955-4-8)

Scríobh Ed Danaher Monumental Beginnings agus d’fhoilsigh an NRA é seo i mí na Nollag 2007 agus ba é an chéad fhoilseachán i Sraith Monagraif Scéime an NRA. Tugtar sonraí san fhoilseachán seo faoi na torthaí ar na rudaí a aimsíodh agus ar thochailtí seandálaíochta feadh bhealach Bhóthar Faoisimh Inmheánach Shligigh an N4. Mar thoradh ar imscrúduithe in 2003 a rinne Archaeological Consultancy Services Ltd agus ar thástáil tosaigh agus ar thochailt a rinne Mary Henry Archaeological Services Ltd in 2001, aimsíodh roinnt suíomhanna réamhstairiúla tábhachtacha, suíomh imfhálaithe cabhsa san áireamh a ghabhann siar go dtí an tréimhse Neoiliteach Luath, thart ar 4000 BC. Cuireann na rudaí seo a aimsíodh le hoidhreacht seandálaíochta réigiúin ar a raibh dea-cháil cheana féin i ngeall ar a shéadchomharthaí seasta. Tá in CDROM a ghabhann leis an bhfoilseachán tuairiscí deiridh agus saintuairiscí tochailte.