Measúnacht Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre

TII Publication: PE-PMG-02001

Measúnacht Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre

Déantar cur síos ar Mheasúnacht Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSIA) sa Treoir ón AE maidir le Sábháilteacht an Bhonneagair Bóthair a Bhainistiú (EU RISM) mar mheasúnú straitéiseach ar thionchar roghanna éagsúla pleanála do bhóthar nua, nó do mhionathruithe substainteacha ar an mbóthar reatha, ar fheidhmíocht sábháilteachta an ghréasáin bóithre. Teastaíonn RSIA do na tionscadail siúd ar an ngréasán bóithre náisiúnta. Moltar RSIA a dhéanamh freisin dá mhacasamhail de scéimeanna ar bhóithre áitiúla agus réigiúnacha. Déantar cur síos ar an bpróiseas RSIA i bhFoilseacháin TII faoin Measúnacht Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre chaighdeán TII PE-PMG-02001.

Is féidir amharc ar Mheasúnacht Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre chaighdeán TII PE-PMG-02001 anseo i bhFoilseacháin TII.

Próiseas ar leith ó Iniúchadh ar Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) é an RSIA. Cé go scrúdaíonn RSA na gnéithe sábháilteachta laistigh de scéim, breithníonn RSIA tionchar sábháilteachta scéime ar an ngréasán bóithre máguaird. Oibríonn RSIA agus RSA araon le feabhas a chur ar fheidhmíocht sábháilteachta bóithre nua agus bóithre reatha óna dteastaíonn mionathruithe.

Foireann Measúnachta Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre

Murab ionann agus Iniúchadh ar Shábháilteacht ar Bhóithre, tugann an fhoireann dearaidh tionscadail faoi RSIA. Tá beirt daoine, ar a laghad, i bhfoireann RSA, a bhfuil taithí dhearaidh bóithre ag duine amháin díobh, agus a bhfuil taithí iniúchóireachta ar shábháilteacht ar bhóithre ag an duine eile.

An Próiseas Measúnachta Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre

Tugtar faoin RSIA ag an gcéim phleanála tosaigh i dtionscadal agus leasaítear go leanúnach í i rith na gcéimeanna dearaidh go dtí go bhfaomhtar an scéim.

Déanann an fhoireann RSIA measúnú ar fheidhmíocht sábháilteachta an ghréasáin bóithre reatha. Scrúdaíonn an fhoireann an gréasán bóithre reatha i dtaobh roinnt tosca, stair imbhuailtí agus sruthanna tráchta san áireamh. Ceadaíonn an anailís seo don fhoireann an tionchar a imreoidh an tionscadal bonneagair a bheartaítear a mheas ar fheidhmíocht sábháilteachta an ghréasáin bóithre reatha

Cuirtear roinnt roghanna pleanála do scéim i láthair d’fhoireann RSIA. I rith RSIA, tugann an fhoireann faoi anailís chomparáideach ar na roghanna pleanáilte siúd, lena n-áirítear an cás reatha ag an suíomh agus rogha mhalartach ‘déan a laghad agus is féidir’. Bunaítear an chomparáid seo ar laghdú imbhuailtí agus ar anailís costais is tairbhe.

Chun na roghanna malartacha a bheartaítear a chur i gcomparáid lena chéile, déanann an fhoireann RSIA measúnú ar an tionchar a imríonn gach rogha phleanála ar an ngréasán bóithre reatha i dtaobh feidhmíocht imbhuailtí. Bunaítear an measúnú ar gach rogha mhalartach ar roinnt tosca, a n-áirítear le roinnt díobh:

  • Cuspóirí na scéime
  • Sonraí imbhuailtí
  • Suirbhéanna ar thrácht

Tugtar faoi anailís costais is tairbhe mar chuid de RSIA do gach rogha scéime. Ríomhann an anailís costais is tairbhe seo costais éagsúla imbhuailtí an ghréasáin bóithre reatha agus na roghanna malartacha a bheartaítear. Feidhmíonn torthaí na hanailíse costais is tairbhe mar mhodh eile le scéimeanna malartacha a chur i gcomparáid lena chéile.

Úsáideann an fhoireann torthaí RSIA leis na tograí a rangú don suíomh i dtaobh a n-impleachtaí i leith sábháilteacht ar bhóithre. Áirítear leis an rangú seo na roghanna pleanála uile chomh maith leis an gcás reatha ag an suíomh.

Tuarascáil Mheasúnachta Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre

Ullmhaíonn an fhoireann RSIA tuarascáil ina gcuimsítear na Measúnachtaí Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre go léir a rinneadh i rith an phróisis dearaidh. Cuirtear an tuarascáil faoi bhráid an Bhainisteora Tionscadail Dearaidh a dhéanfaidh breithniú ar thorthaí an RSIA ag an gcéim roghnúcháin bealaigh. Cuirtear an tuarascáil deiridh RSIA faoi bhráid na heagraíochta maoirseachta freisin (do bhóithre náisiúnta TII) mar gheall go gcuirfidh sé leis an gcinntiúchán a dhéanfar ar chuspóirí an tionscadail. Féach Caibidil 3 de Mheasúnacht Tionchair ar Shábháilteacht ar Bhóithre TII PE-PMG-02001 chun teacht ar liosta de ghnéithe nach mór a phlé sa tuarascáil RSIA.