Taighde ar Shábháilteacht ag BIÉ

Taighde Sábháilteachta

Tá baint ag Bonneagar Iompair Éireann le gníomhaíochtaí forleathana taighde ar shábháilteacht ar bhóithre. Tugann Sábháilteacht TII faoi réimse fairsing anailíse atá dírithe ar fheabhas a chur ar shábháilteacht do gach úsáideoir bóithre ar an ngréasán bóithre náisiúnta.

Anuas ar thaighde leanúnach inmheánach, glacann Sábháilteacht TII páirt i gcláir thaighde thrasnáisiúnta ar shábháilteacht ar bhóithre. Ceadaíonn comhoibriú le húdaráis bóithre agus le grúpaí taighde ar shábháilteacht ar bhóithre lasmuigh d’Éirinn eolas, taithí agus smaointe a aistriú a théann chun sochair obair Shábháilteacht TII agus chuspóirí straitéiseacha níos fairsinge na heagraíochta. Chun teacht ar bhreis eolais ar straitéis taighde TII, féach anseo.

Áirítear leis an iarthaighde a choimisiúnaigh TII tionscadal a rinne anailísiú ar shonraí imbhuailtí in Éirinn ina gcuimsítear athbhreithniú ar na tosca a chuireann leis na sonraí (feithicil, bonneagar bóthair, iompar tiománaí, etc.) a bailíodh d’iar-imbhuailtí. Thug Risk Solutions faoin taighde seo, a d’fhorbair tuarascáil dar teideal Anailís ar Thosca Bainteacha d’Imbhuailtí um Thrácht ar Bhóithre (Contributory Factors Analysis for Road Traffic Collisions). Rinneadh measúnú sa tuarascáil seo ar cén feabhsúcháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an mbealach a bhailítear sonraí agus ar thábhacht ghaolmhar na saghsanna éagsúla de thosca bainteach.

 

Scríobh TII tuarascáil don Siompóisiam Idirnáisiúnta maidir le Dearadh Geoiméadrach Mórbhealaigh (ISHGD), ina scrúdaítear Tosca Mionathraithe Tuairteanna (CMFanna) a Chur i bhFeidhm ó Pheirspictíocht 2 Chigireacht ar Shábháilteacht ar Bhóithre laistigh de Ghréasán Mótarbhealaí na hÉireann. Choimisiúnaigh TII taighde freisin ar shonraí stairiúla imbhuailtí ó 2014 go 2017. Foilsíodh tuarascáil in Eanáir 2019 agus tá sí ar fáil anseo. Rinneadh na haguisíní go léir a bhaint ón bhfoilseachán seo. Is féidir eolas breise a lorg ó infosafety@tii.ie.

An Chomhdháil do Stiúrthóirí Eorpacha Bóithre (an CEDR)

Tá baint freisin ag Sábháilteacht TII i dtaighde trasnáisiúnta tríd an gComhdháil do Stiúrthóirí Eorpacha Bóithre (an CEDR). Cuireann an CEDR bealach ar fáil d’údaráis bóithre ar fud na hEorpa chun eolas, taighde agus eispéiris choiteanna a roinnt.

Ghlac TII páirt go dtí seo i ngach ceann de na glaonna taighde a rinne an CEDR maidir le sábháilteacht ó rinneadh an chéad ghlaoch in 2012, lenar áiríodh trí thionscadal taighde ar shábháilteacht; ASAP (Appropriate Speed saves All People), BROWSER (Baselining Road Works Safety on European Roads) agus SAVERS (Selection of Appropriate Vehicle Restraint Systems)

Thosaigh glaoch eile taighde a rinne an CEDR in 2013 3 ábhar taighde bhreise in 2013, ESRET (an Uirlis Eorpach um Athbhreithniú Sábháilteachta), EUSight (Faid Radhairc Eorpacha i bpeirspictíocht / European Sight Distances in perspective) agus PRACT (Predicting Road Accidents - modheolaíocht inaistrithe ar fud na hEorpa)

Ó ghlaoch taighde a rinne an CEDR in 2016 a tháinig an taighde ar shábháilteacht is déanaí atá ar bun. Áiríodh leis seo na hábhair thaighde seo a leanas; PROGRESS Provision of Guidelines for Roadside Safety), IRIS (Incursion Reduction to Increase Safety in road work zones), ADVERTS (Assessing Distraction of Vehicle drivers in Europe from Roadside technology-based Signage), SANA-4U (Safety in Non-Urban Areas for VRUs). Cuireadh na torthaí tosaigh do na tionscadail seo i láthair ag Comhdháil na hAiréine Taighde Iompair i Vín in 2018.

Sular bunaíodh an CEDR, tugadh faoi thromlach an taighde trí ERA-NET ROAD, inar tháinig aon tír déag le chéile le cláir thaighde thrasnáisiúnta a chomhchistiú agus a chomhfhorbairt. Ba thionscadal amháin a coimisiúnaíodh in 2009, faoi chathaoirleacht na hÉireann, Forgiving Roadsides, agus leanadh leis an obair seo tríd an CEDR. Ba é cuspóir an tionscadail tarlú earráid tiomána a íoslaghdú. Tríd an mbaol a íoslaghdú go bhfágann feithiclí an carrbhealach agus a chinntiú go bhfuil spás leordhóthanach tarrthála ann anuas ar dhul i ngleic le hearraí cois bóthair leis an bhfórsa imbhuailte ar phaisinéirí feithicle a theorannú agus gortuithe tromchúiseacha agus marfacha a laghdú dá bharr. Tá TII ag oibriú go leanúnach i dtreo an cur chuige córas sábháilte seo a chur i bhfeidhm in Éirinn agus d’fhoilsigh siad Cáipéis Treorach ar Thuarascáil Forgiving Roadsides an CEDR a Chur i bhFeidhm.