Moilliú Tráchta

Cistíonn TII scéimeanna Moillithe Tráchta le feabhas a chur ar shábháilteacht bóithre náisiúnta nuair a ghabhann siad trí bhailte agus sráidbhailte. Deimhníodh nach spreagann luasteorainneacha a chur in airde gan aon bhearta fisiciúla laghdaithe luais a bheith i bhfeidhm, tiománaithe a luas a laghdú a dhóthain i mbailte agus sráidbhailte. Tá mar chuspóir ag moilliú tráchta luasanna feithicle a laghdú i gceantair uirbeacha agus chónaithe trí mhodhanna innealtóireachta tráchta a chur i bhfeidhm acu féin. Feabhsaíonn moilliú tráchta sábháilteacht stráicí uirbeacha de bhóithre náisiúnta tríd an luas a laghdú agus, ar an ábhar sin, laghdaíonn sé minicíocht agus tromchúis imbhuailtí ag na láithreacha seo.
 
Baintear na laghduithe ar luas amach trí chuma an bhóthair a shíneann go dtí an baile a athrú trí úsáid a bhaint as “tairseacha" agus déantar an luas sin a chothú trí shocruithe breise bainistithe tráchta laistigh den bhaile féin. Is iad na príomhchritéir a chuirtear i bhfeidhm agus bailte agus sráidbhailte á roghnú do mhoilliú tráchta líon agus tromchúis imbhuailtí.
 
D’eisigh TII treoirlínte i dtosach maidir le moilliú tráchta in 1998 agus leasaíodh iad ó shin i Lúnasa 2018 le tagairt a dhéanamh don Lámhleabhar Dearaidh do Bhóithre agus Sráideanna Uirbeacha. Tá an foilseachán ar fáil ar líne anseo. Bainistíonn TII conradh cothabhála leanúnach moillithe tráchta chun na scéimeanna éagsúla moillithe tráchta ar bhóithre náisiúnta ar fud na tíre a chothabháil.