PREASEISIÚINT

CUIREANN SÍNEADH LÍNE GHLAS LUAS BAILE ÁTHA CLIATH Ó NEART GO NEART

Bhí an Taoiseach, Leo Varadkar; an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross; agus an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe ina measc siúd a d’fhreastail inniu ar oscailt oifigiúil Luas Traschathrach ag Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath.
 
Beidh stráice sínte na Líne Glaise a ghabhann ó Fhaiche Stiabhna i lár na cathrach go dtí Droichead Broome i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, go hiomlán feidhmiúil ag 2pm inniu.
Go dtí seo, d’iompair Líne Ghlas Luas paisinéirí ó Ghleann Bhríde a fhad le Faiche Stiabhna, ach ón lá inniu ar aghaidh, cuirfear seirbhísí ar fáil do 13 stad nua ó thuaidh ó Fhaiche Stiabhna, ocht stad ina measc siúd i gceantar lár na cathrach.
 
Ciallaíonn seo, den chéad uair ó cuireadh tús le hoibríochtaí Luas i mBaile Átha Cliath in 2004, beidh ceangal idir an Líne Dhearg agus an Líne Ghlas, agus beidh paisinéirí in ann malartú idir an dá líne anois. Mar gheall go mbeidh an ceangal nua i gceantar Shráid Uí Chonaill, agus trí bhordáil agus fágáil ansin, is féidir le daoine taisteal ó thuaidh, ó dheas, soir agus siar ar Luas anois. 
Cuireann an stráice nua síneadh leis an Líne Ghlas trí nasc a dhéanamh le seirbhísí idirchathrach agus iarnróid chomaitéireachta Iarnród Éireann ag stáisiún Dhroichead Broome. 
 
Freastalaíonn an líne nua, chomh maith, ar shaoráid nua Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT), chomh maith, ag Gráinseach Ghormáin, ina mbeidh breis agus 10,000 mac léinn ar an gcampas sna blianta amach anseo. Bainfidh pobail i Lár na Cathrach Thuaidh i mBaile Átha Cliath, go háirithe i gceantar Shráid Dhoiminic tairbhe mhór, chomh maith, as an tseirbhís iarnróid éadroim iontaofa thapa a chuirfidh Luas ar fáil. 
 
Cuirfidh an líne shínte seo roinnt milliún aistear le líon na n-aistear a dhéantar ar Luas gach bliain. Ina theannta sin, spreagfaidh sé níos mó daoine chun a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile, laghdóidh sé brú tráchta agus astaíochtaí gás ceaptha teasa díobhálacha.
 
Beidh teacht níos fearr ag cuairteoirí ar cheantar stairiúil Shráid Uí Chonaill a bhuíochas le Luas Traschathrach, agus tuar dóchais a bheidh ann seo do nithe is díol spéise sa cheantar, ar nós an taispeántais ‘Witness History’ in Ard-Oifig an Phoist, Amharclann an Gheata, Amharclann na Mainistreach, agus Dánlann Hugh Lane Bhaile Átha Cliath.
Cuireadh tús le tógáil i Meitheamh 2013 agus tugadh chun críche í de réir an sceidil.
 
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar: “Mar Aire Iompair, rinne mé an cinneadh chun leanúint ar aghaidh leis tionscadal seo siar in 2013 agus is cuimhin liom gur dúradh gurb ionann é ag an tráth agus ‘tasc ollmhór i limistéar nach bhfuil cur amach air’.  Ach chreid mé gurbh fhiú tabhairt faoi agus b’eol dom go n-éireodh linn an beart a dhéanamh. Tá gliondar croí orm a bheith anseo inniu mar an Taoiseach nuair a osclaítear seirbhís traschathrach Luas do phaisinéirí.
 
“Garsprioc thábhachtach is ea an lá inniu i ngréasán iompair ardchaighdeáin chomhtháite a chruthú inár bpríomhchathair.  Tá súil againn go spreagfaidh Luas Traschathrach níos mó daoine chun úsáid a bhaint as iompar poiblí, anuas ar bhrú tráchta a mhaolú agus ár lorg carbóin a laghdú.  Siombail atá ann, chomh maith, den mhéid is féidir a dhéanamh fiú nuair a bhíonn an saol crua.  Rinneamar Luas Traschathrach a thógáil le linn roinnt de na blianta ba mheasa a rabhamar thíos leo i dtaobh cúrsaí geilleagracha.  Samhlaigh an méid is féidir linn a dhéanamh anois mar gheall go bhfuil ár ngeilleagar láidir; tá an Meitreo agus an M20 idir Luimneach agus Corcaigh ar na chéad tionscadail eile sa chlár iompair. 
 
“Ní dhéanann Luas Traschathrach ceangal ach idir na línte reatha, cuireann sé síneadh leis chun freastal ar Lár na Cathrach Thuaidh agus déanfaidh sé na comharsanachtaí a athghiniúint trína ngabhfaidh sé.  Bainfidh sé a cheann scríbe amach ag Droichead Broome ar líne iarnróid Mhaigh Nuad, agus cuireann sé ar chumas comaitéirí ó Chill Dara Thuaidh agus Baile Átha Cliath Thiar ceangal a dhéanamh le Luas ar thraein. 
 
“Tá an Rialtas tiomanta d’infheistíocht leanúnach a dhéanamh in iompar poiblí mar gheall go gcuireann sé iomaíocht agus borradh geilleagrach ar bhealach a leasa, agus go gcuireann sé feabhas ar ár gcáilíocht beatha.”
 
Dúirt an tAire Shane Ross an méid seo a leanas: “Lá stairiúil é seo do Bhaile Átha Cliath. Le ceithre bliana anuas, rinneadh forbairt ar an tionscadal seo taobh leis na daoine a oibríonn agus a chónaíonn sa chathair seo agus a thugann cuairt uirthi. Cabhróidh Luas Traschathrach le córas iompair phoiblí atá an-chomhtháite a chruthú i mBaile Átha Cliath den chéad uair inar féidir réimse leathan aistir nua a dhéanamh anois agus a éascóidh malartú a dhéanamh idir Luas, Bus, Iarnród agus Tacsaí. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl dóibh siúd go léir a raibh baint acu i gcur le Luas Traschathrach, as ucht bhur ndianoibre agus bhur gcomhoibriú agus as ucht cabhrú leis an tionscadal seo a chur i gcrích go tráthúil agus gan an buiséad a shárú. Tá súil agam go spreagfaidh an síneadh is déanaí seo lenár n-iompar poiblí daoine chun a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile agus páirt a ghlacadh san iarracht chun brú tráchta i lár na cathrach a laghdú agus cabhrú lenár ndúshlán athraithe aeráide a chomhrac.”
 
Dúirt an tAire Paschal Donohoe: “Garsprioc thábhachtach do chomaitéirí chathair Bhaile Átha Cliath is ea oscailt Luas Traschathrach (LTC) don phobal inniu. Le trí bliana déag anuas, ó cuireadh tús leis in 2004, ghlac Luas le ról lárnach chun daoine a iompar trasna Bhaile Átha Cliath, agus bhain breis agus 34 milliún paisinéir úsáid as anuraidh amháin. Tá borradh 10 milliún aistear le teacht ar an bhfigiúr sin sa bhliain mar gheall gur osclaíodh LTC. Léiríonn an chaoi gur cuireadh an tionscadal seo i gcrích go tráthúil agus nár sáraíodh an buiséad obair dhian an Údaráis Náisiúnta Iompair, Bhonneagar Iompair Éireann, na Roinne Iompair agus go leor comhlachtaí eile nach iad. Tá siad go léir le moladh i ngeall ar a ndícheall.
 
“Mar Aire Iompair ar feadh dhá bhliain i rith an tionscadail seo, bhí bród ollmhór orm nuair a bhí maoirseacht á déanamh agam ar na chéad oibreacha tochailte ar Luas Traschathrach, anuas ar na rianta a leagadh i dtosach báire. Cé gur mhór an trácht a bhí ar conas a dhéanfaidh LTC go leor áiteanna i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath a oscailt go leathan - agus déanfaidh sé díreach sin - táim ag tnúth le fáilte a chur rompu siúd go léir ó dheisceart Bhaile Átha Cliath a bheidh in ann Sráid Uí Chonaill agus Baile Phib, agus ceantair mórthimpeall orthu, ar nós Ghlas Naíon, a bhaint amach anois, le blaiseadh a fháil ar an méid iomlán atá á chur ar fáil againn. Bainfidh mic léinn, agus iad siúd atá ag súil le DIT i nGráinseach Ghormáin a bhaint amach, tairbhe mhór as an síneadh ríthábhachtach, agus a raibh feitheamh fada leis, a chuirfear leis an méid a bheidh á chur ar fáil ag seirbhísí iompair Bhaile Átha Cliath. 
 
Dúirt Michael Nolan, POF Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ): “Déanfaidh an síneadh seo ar chóras bonneagair iompair phoiblí na Cathrach an bealach a athrú ón mbonn aníos a dhéanann Baile Átha Cliath ceangal agus oibriú.   Is tábhachtach an chomhiarracht a rinne na páirtithe leasmhara, cónaitheoirí agus gnólachtaí go léir a aithint in oibriú linn chun oscailt an lae inniu a bhaint amach. 
 
“Aithním, chomh maith, an tsárobair a rinne foireann tionscadail BIÉ agus iad siúd go léir a raibh baint acu i ndearadh agus tógáil na Líne Glaise nua sínte. Tá BIÉ ag súil le hoibriú leis an ÚNI chun bonneagar iompair phoiblí amach anseo a sholáthar.”
 
Dúirt Anne Graham, POF an Údaráis Náisiúnta Iompair (an an ÚNI): “Ag tosú inniu, chuir an phríomhchathair barr mór feabhais ar sheirbhís Luas. Méadóidh seo go mór an méid paisinéirí sa bhliain a dhéanfaidh aistir ar chóras Luas agus cabhróidh sé le ceantair nua den chathair tairbhe a bhaint as córas iarnróid éadroim nua-aimseartha.
 
“Táim ag tnúth leis an tionchar dearfach a imreoidh an Líne Ghlas shínte ar bhrú tráchta a laghdú agus barr feabhais a chur ar an eispéireas iompair phoiblí do chomaitéirí.
 
“Tá an pobal a dhéanann taisteal a spreagadh chun aistriú chuig modhanna inbhuanaithe iompair i bhfíor-cheartlár an mhéid atá an ÚNI ag iarraidh a bhaint amach. Tá sé ag éirí níos soiléire i gcónaí, mar thír, gur gá dúinn a thaispeáint cé chomh dírithe atáimid ar astaíochtaí díobhálacha gás ceaptha teasa a laghdú. Céim thábhachtach chun cinn is ea an Líne Ghlas a shíneadh sa treo sin, ach is féidir linn níos mó a dhéanamh.
 
“A bhuíochas leis an ngealltanas a rinne an Rialtas, a fógraíodh timpeall ar aimsir an Bhuiséid i nDeireadh Fómhair, is féidir leis an ÚNI anois leanúint ar aghaidh le tionscadail an Mheitreo Thuaidh agus Bus Connects. I Ráithe 1 2018, beidh fógraí tábhachtacha á ndéanamh againn faoin méid a dhéanfaidh na tionscadail siúd ar son an iompair phoiblí, agus conas a sholáthrófar iad.”
 
 
Cuireadh tús leis an tógáil i Meitheamh 2013 agus sholáthair sé 5.9 km de rianta anuas ar 13 stad nua Luas a ghabhann trí lár na cathrach agus a fhad le Droichead Broome. Déanfar cuid de Líne Ghlas Luas anois den líne nuair a chuirfear tús le seirbhísí paisinéirí ag 2pm, Dé Sathairn, an 9 Nollaig 2017.
 
  • Oibreoidh Líne Ghlas Luas anois ó Ghleann Bhríde nó ó Áth an Ghainimh go dtí Sráid Parnell nó Droichead Broome. I lár na cathrach, oibreoidh Luas seirbhísí feadh lúb riain a ghabhann i dtreo amháin agus gabhfaidh tramanna ó thuaidh ó stadanna ar Shráid Westmoreland, Sráid Uí Chonaill - Ard-Oifig an Phoist agus Sráid Uí Chonaill Uachtarach agus ó dheas ó stadanna ar Shráid Parnell, Sráid Marlborough agus Sráid na Tríonóide.   
  • Oibrítear Líne Dhearg Luas ó Thamhlacht nó Teach Sagard go dtí Stáisiún Uí Chonghaile nó Iosta na Rinne. Is féidir leat malartú idir an Líne Dhearg agus an Líne Ghlas gan stró ag stadanna ar Shráid Uí Chonaill – Ard-Oifig an Phoist / Sráid na Mainistreach / Sráid Marlborough. Caith súil ar Léarscáil Ghréasán Luas ag luas.ie/map
 
 
" "
" "
D’fhéadfadh uaireanta oibre a bheith éagsúil ó stad go stad, ach de ghnáth bíonn seirbhísí ar fáil ó Luan go hAoine 05:30 - 00:30, Dé Sathairn 06:30 - 00:30 agus Dé Domhnaigh agus Saoirí Bainc 07:00 - 23:30. Is féidir teacht ar Amanna Oibriúcháin do gach ardán Luas ag luas.ie/operating-hours
 
Is éagsúil a bhíonn an mhinicíocht ó stad go stad ach gabhann tramanna Luas thart ar gach 3-5 nóiméad le linn uaireanta buaice agus gach 10-20 nóiméad le linn uaireanta seachbhuaice. Is féidir teacht ar an minicíocht do gach ardán Luas ag luas.ie/frequency. Tá Faisnéis Fíor-Ama do Phaisinéirí ar fáil ar líne, ag na stadanna nó ar Aip Luas atá ar fáil saor in aisce ó iTunes agus ó Google Play Store.  
 
Caithfidh tú ticéad bailí a bheith agat chun taisteal ar Luas. Taistealaíonn leanaí 0-4 bliana, na haoiseanna siúd san áireamh, saor in aisce. Tá meaisíní ticéad lonnaithe ag gach stad. Is féidir Cárta Leap, atá ar fáil lena cheannach ar líne agus i siopaí Payzone, a úsáid ar gach seirbhís Luas. Thug an tÚdarás Náisiúnta Iompair táille nua ar Chárta Leap Luas Lár na Cathrach isteach atá ar fáil nuair a osclófar an síneadh ar feadh bliain amháin. Cosnaíonn an táille seo €1 do Dhuine Fásta nó do Mhac Léinn agus 50c do Leanbh agus baineann sé le taisteal i rith Uaireanta Seachbhuaice laistigh den cheantar seo a leanas; Sráid Parnell i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, Faiche Stiabhna i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, Jervis in Iarthar Bhaile Átha Cliath agus Busáras/Stáisiún Uí Chonghaile/Duga Sheoirse in Oirthear Bhaile Átha Cliath. Is féidir teacht ar bhreis faisnéise faoi thicéid Luas, an Táille Is Fearr duit san áireamh ag luas.ie/ticéad-saghsanna.
 
Tá áiseanna Páirceála agus Taistil Luas ar an Líne Ghlas (Carraig Mhaighin, Áth an Ghainimh, Stigh Lorgan agus Baile Amhlaoibh) agus ar an Líne Dhearg (Baile an tSíbhrigh, an Bhó Dhearg agus Tamhlacht). Is féidir teacht ar níos mó faisnéise faoi pháirceáil Luas ag luas.ie/car-páirceáil.
 
Cuimhnigh, chun teacht ar na nuashonruithe is déanaí faoi sheirbhísí Luas, tabhair cuairt ar Nuacht ar Aip Luas saor in aisce agus lean @Luas ar Twitter.
 
Chun teacht ar bhreis faisnéise faoi Luas tabhair cuairt ar www.luas.ie. Nó má theastaíonn cúnamh uait, cuir glao ar Íosghlao ar 1850 330 604, seol Ríomhphost chuig info@luas.ie, Brúigh ‘Is Maith Liom’ ar Facebook nó Lean Sinn ag @Luas ar Twitter.