€215m Uasghrádú Acomhal Dhún Citil á Oscailt go hoifigiúil

Ag cur feabhas ar an gceanglaíocht i gCorcaigh

 

D’oscail an Tánaiste, Micheál Martin TD, Scéim Uasghrádaithe Acomhal Dhún Citil go hoifigiúil inniu, garsprioc suntasach maidir le feabhas a chur ar bhonneagar an iompair agus na ceanglaíochta i gCorcaigh. Geallann an tionscadal €215m brú na tráchta a mhaolú, an tsábháilteacht a fheabhsú, agus sruth na tráchta a chuíchóiriú do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí an réigiúin.

Séard ata in Acomhal Dhún Citil ná acomhal ceithre bhóthar náisiúnta, Mótarbhealach an M8 Corcaigh - Bhaile Átha Cliath, Bóthar Náisiúnta an N25 Corcaigh - Port Láirge/Ros Láir, Cuarbhóthar Theas Chorcaí an N40 agus Bóthar Náisiúntaan an N8 Dhún Citeal - Cathair Chorcaí. Tá an t-acomhal suite timpeall 5 chiliméadar soir ó lár Chathair Chorcaí agus luíonn sé den chuid is mó laistigh de limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach Chorcaí.

Cé gur cuireadh tús leis an réamhobair lena n-áirítear imscrúduithe na seandálaíochta agus na talún sa bhliain 2016, bhronn Bonneagar Iompar Éireann an príomhchonradh na tógála ar John Sisk & Son Ltd i mí Dheireadh Fómhair na blianan 2020. Tá 18 nasc bóthair nua 10km ar fad curtha ar fáil ag an tionscadal; seacht struchtúr droichid nua chomh maith leis na hoibreacha uasghrádaithe a rinneadh ar chúig struchtúr reatha; agus uasghrádú agus oibreacha athdhromchlaithe ar bhóthar an N25 idir Timpeallán Tivoli agus Acomhal an Oileáin Bhig. Ina theannta sin, rinneadh 2.9km de shiúlóidí agus de rotharbhealaí rothar nua a fhorbairt lena n-áirítear droichead nua a thógáil trasna líne iarnróid Chorcaí - Mainistir na Corann, Córais Chliste Iompair uasghrádaithe ar fud an Acomhail agus suiteáil na lintéir agus na-áiseanna um rialú an truaillithe nua, oibreacha tírdhreachtaithe, comharthaíocht treorach, bacainní sábháilteachta, srl.

Tá méid na tráchta ag dul trí acomhal Dhún Citeal níos airde ná riamh, ag druidim le 120,000 feithicil ar laethanta is gnóthaí na seachtaine. D'ainneoin sin, tuairiscíonn Bonneagar Iompair Éireann gur tháinig laghdú beagnach 50% ar an meán ar an am taistil le linn buaicuaireanta mar thoradh ar an tionscadal uasghrádaithe seo.

Tá laghdaithe beagnach 60% am taistil á bhaint amach ar an bbealach an N40 go dtí an N25 le linn buaicuaireanta, agus os cionn 50% ar na bhealaí le rochtain an M8 ó Dheas orthu.

Dúit Ardmhéara Chorcaí, An Clr. Kieran McCarthy: “Seasann an t-acomhal nua mar chuid tábhachtach breise bonneagar straitéiseach an iompair in Achar Cathrach Corcaí. I mbliana, tá 25 bhliain oscailt Tollán Jack Lynch á chomóradh againn, rud a aithníodh mar éacht na hinnealtóireachta. Éacht innealtóireachta eile atá san acomhal nua agus cuireann sé le scéal an tolláin in aice láimhe. Le linn ár gcuid ama, cruthaíonn éag na scrogall chriticiúil sreabhadh níos fearr na tráchta agus ceangal feabhsaithe freisin idir na pobail ar dhá taobh d’inbhear na Laoi. Is cinnte go spreagfaidh feabhsú na ceanglaíochta atá mar thoradh ar an tionscadal seo dul chun cinn agus deiseanna a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht.”

Dar leis an Tánaiste, Micheál Martin TD: "Is mór an t-áthas a chuireann sé orm Scéim Uasghrádaithe Acomhal Dhún Cite a oscailt go hoifigiúil inniu. Léiríonn tionscadal seo an bhonneagair infheistíocht shuntasach i dtodhchaí Chorcaí agus cuireann sé nasc ríthábhachtach ar fáil i ngréasán iompair an réigiúin. Creidim gospreagfaidh sé feabhar a chur ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch agus shóisialta ar fud Chorcaí agus fud réigiún uile na Mumhan.”

Dúirt Méara Chontae Corcaí, An Clr. Frank O’Flynn: “Garsprioc shuntasach i bhforbairt réigiún an deiscirt is ea críochnú an tionscadail seo. Beidh Comhairle Contae Chorcaí ag obair go dlúth lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Cathrach Chorcaí ionas go rachaimid ar aghaidh ar an obair atá déanta ag Dún Citeal ó thaobh bonneagar an taistil ghníomhaigh agus feabhsuithe breise a dhéanamh ar an taobh thoir agus ar an taobh thiar ón acomhal. Cabhraíonn na hoibreacha ar acomhal Dhún Citeal leis an gComhairle chomh maith maidir leis an gcuspóir aici modhanna inbhuanaithe an taistil a fhorbairt trí shoghluaisteacht shábháilte na gcoisithe agus na rothaithe a éascú i gcomhthéacs na forbartha leanúnaí ar Chonair Taistil Ghníomhaigh an Oirthir a bheartaítear a leathnú go Mainistir na Corann go luath amach anseo. Seasann na tionscnaimh seo mar thréimhse thar a bheith spreagúil maidir le feabhas a chur ar cháilíocht beatha mhuintir Chorcaí.”

Ag trácht ar an ócáid, dúirt Peter Walsh, Príomhfheidhmeannach Bonneagar Iompair Éireann: “Ceann scríbe aistear deich mbliain atá i gcríochnú Tionscadal Dún Chitil. Fuarthas cead pleanála don scéim den chéad uair sa bhliain 2013, agus d'éascaigh an comhoibriú dlúth leanúnach idir an Rialtas, Bonneagar Iompair Éireann, Comhairle Cathrach Chorcaí, Comhairle Contae Chorcaí, Comhlacht John Sisk agus Comhlacht Jacobs an tionscadal a thabhairt chun críche. Tharla a leithéid mar thoradh ar nuálaíocht agus ar thiomantas foireann iomlán an tionscadail agus ar an tacaíocht agus ar an bhfoighne a fuair siad ón bpobal.”

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta Sisk’s Civil Engineering Ireland, Will Merriman: “Tionscadal thar a bheith casta a bhí i nDún Citeal, ina rabhaimid ag obair i mórthimpeallacht uirbeach laistigh agus timpeall ar thrácht beo ag ceann de na hacomhail is gnóthaí sa tír, . Chuir sé an-áthas orainn anois an tionscadal a sheachadadh agus a thabhairt ar láimh, rud atá i ndiaidh feabhas a chur ar shreabhadh na tráchta, ar an soghluaisteacht agus ar an rochtain il-úsáideoira sa réigiún cheana féin. Is cúis áthais ar leith dom féin gur chomhlíonamar an gealltanas againne maidir le caighdeáin is airde na sábháilteachta agus na cáilíochta la bhaint amach maidir le tonscadal casta seo an bhonneagair.”

D'admhaigh Patrick de Feu, Pbainisteoir Tionscadail Jacobs: “Cuireann Comhlacht Jacobs fáilte roimh oscailt Acomhal Dhún Citil tionscadal ina ghlacamar páirt le breis agus 10 mbliain anuas. Is cathair bhríomhar atá ag fás í Corcaigh, suíomh atá thar a bheith mealltach le haghaidh infheistíochta agus mar áit iontach chónaithe agus oibre chomh maith. Baineann ríthábhacht le tionscadail an bhonneagair ar nós Uasghrádú Acomhal Dhún Citil le haghaidh cáilíocht beatha an phobail a ardú, le haghaidh forbairt an gheilleagair a chothú agus ionas staid Chorcaí mar chathair faoi bhláth a chinntiú.”

Mar chuid den chonradh um Scéim Uasghrádaithe Acomhal Dhún Citil, tá tréimhse chothabhála 3 bhliain a mhairfidh suas go dtí an bhliain 2027. Chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar an timpeallacht agus le bainistíocht an tírdhreachtaithe, áireofar leis seo freisin díriú leanúnach ar shúil a choimeád ar shreafaí na tráchta tríd an líonra.

Tá tuilleadh eolais faoi Uasghrádú Acomhal Dhún Citil le feiceáil ag www.dunkettle.ie.

 
Image of Dunkettle Interchange