Leathnú 5km Ghlasbhealach Mór an Iarthair ó Ghob an Choire go dtí an Caiseal Oscailte go hOifigiúil

D'oscail an tAire Stáit sa Roinn Iompair agus sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Jack Chambers TD, síneadh Ghlasbhealach Mór an Iarthair go hoifigiúil ó Ghob an Choire go dtí an Caiseal ar maidin.

Ba é an tAire Stáit Chambers in éineacht le Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, an Comhairleoir Martin McLoughlin, a rinne oscailt oifigiúil an leathnaithe nua 5km de Ghlasbhealach Mór an Iarthair.

Sa síneadh seo ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair, tá 5km breise curtha le fad 44km an ghlasbhealaigh atá ann cheana féin, a nascann Cathair na Mart leis an gCaiseal in Acaill anois agus a chuirfidh tuilleadh leis an tairiscint turasóireachta i Maigh Eo.

Rinne foireann agus conraitheoirí Innealtóireachta agus Allamuigh Chomhairle Contae Mhaigh Eo an tionscadal a bhainistiú agus a thógáil. Chomh maith leis sin, chomhoibrigh 25 úinéir talún agus 25 scairshealbhóir coimíneachta le Comhairle Contae Mhaigh Eo chun an tionscadal a thabhairt chun críche.

Ceann de bhuaicphointí móra an leathnaithe nua glasbhealaigh seo ná an 400m de chlárchosán uathúil saincheaptha a thrasnaíonn cuid de bhratphortach – is é seo an clárchosán glasbhealaigh is leithne atá in úsáid sa stát faoi láthair agus tógadh é ag baint úsáide as táirgí inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Ag oscailt an leathnaithe nua glasbhealaigh dúirt an tAire Stáit Chambers: “Ciallaíonn oscailt an tsínidh 5km seo go sínfidh Glasbhealach Mór an Iarthair isteach go hAcaill anois. Tá ag éirí thar cionn le Glasbhealach Mór an Iarthair ó osclaíodh é in 2011 ag mealladh líon suntasach cuairteoirí go dtí an chuid seo de Chontae Mhaigh Eo".

“Tá tuairim is €4 mhilliún caite go dtí seo ag an Roinn Iompair maidir le tógáil an leathnaithe seo go dtí an Caiseal. Tá obair ar siúl chun leanúint leis an leathnú seo le 4km eile ag soláthar rotharbhealach atá beagnach go hiomlán leithscartha ó Chathair na Mart go dtí an Caol. Táim ag súil lena chríochnú in am trátha”.

Dúirt Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, an Comhairleoir McLoughlin: “Tá Glasbhealach Mór an Iarthair ar cheann de na tionscadail is tábhachtaí a bhfuil infheistíocht déanta ag Comhairle Contae Mhaigh Eo iontu le leathchéad bliain anuas. Tá fás thar cuimse tagtha ar an nglasbhealach ó thaobh infreastruchtúr na turasóireachta de".

“Ní hamháin go meallann sé na mílte cuairteoir in aghaidh na bliana chuig an gcontae, tá ag éirí go maith leis na bailte agus na sráidbhailte ar an mbealach agus tugann sé fostaíocht ríthábhachtach anseo agus méadóidh an leathnú seo.”

Dúirt Joanne Grehan, Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhaigh Eo: “Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo go mór chun cinn maidir le infreastruchtúr turasóireachta a sholáthar leis an leathnú nua ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair go dtí an Caiseal".

“Mar is gnáth le tionscadail den chineál seo tá rannpháirtíocht páirtithe leasmhara ina chuid lárnach agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an 25 sealbhóir talún agus leis an 25 scairshealbhóir coimíneachta ar chinntigh a gcomhoibriú gur cuireadh an tionscadal seo i gcrích".

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin d'fhoireann Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar fud roinnt rannóg a chothaigh leathnú an Ghasbhealaigh seo ó bunaíodh é go dtí a chríochnú. Cuireadh ar fáil é freisin a bhuíochas dár gcomhpháirtithe maoinithe Bonneagar Iompair Éireann, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na gníomhaireachtaí comhpháirtíochta eile a chabhraigh leis an tionscadal seo.”
 
Dúirt Bainisteoir Réigiún an Iarthair do Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ) Kieran Kelly: “Réitigh Glasbhealach Mór an Iarthair an bealach do go leor réigiún eile ar fud na tíre chun na tairbhí a bhaineann le tionscadal Glasbhealaigh a fheiceáil. D'oibrigh BIÉ agus Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcomhar le chéile ar an leathnú 5km seo go hAcaill, ag cur leis an 44km de Ghlasbhealach Mór an Iarthair atá ann cheana féin. Tá BIÉ ag tnúth le bheith ag obair le Comhairle Contae Mhaigh Eo ar thionscadail amach anseo.
 
Maidir le ceisteanna ó na meáin, déan teagmháil, le do thoil, le Martina Hughes, Ceannasaí Forbartha Corparáidí & Cumarsáide, Comhairle Contae Mhaigh Eo, 0876468551 mhughes@mayococo.ie