Tá BIÉ ag Iarraidh Príomhróil Cheannaireachta a Cheapadh don Tionscadal MetroLink

Sé MetroLink, arna dhearadh chun freastal ar mhuintir na hÉireann ar feadh na nglúnta le teacht, an infheistíocht ar leith san iompar phoiblí is mó i stair an Stáit.

Tá an tionscadal ag bogadh i dtreo céim an tseachadta agus tá iarrachtaí suntasacha á ndéanamh lena chinntiú go bhfuil na príomh-acmhainní i bhfeidhm ag Bonneagar Iompar Éireann (BIÉ) agus gur féidir tosú ar an tógáil chomh luath agus a thagann an -tOrdú Iarnróid lena bhaineann i bhfeidhm.

I measc na n-éachtaí suntasacha an tionscadail a baineadh amach go dtí seo tá:

  • Ceapadh na Comhfhoirne leis an cliant a bheidh freagrach as tacaíocht a thabhairt do BIÉ le haghaidh maoirseacht a dhéanamh ar sheachadadh an MetroLink.
  • Cur chun cinn an ullmhúcháin do sholáthar gach príomhchonradh a agus na comhairle ina leith a chur ar an margadh trí fhógraí tairisceana.
  • Ordú Iarnróid a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála i Mí Meán Fómhair na bliana 2022. Thug BIÉ mion-fhreagraí don Bhord ar na haighneachtaí ó thríú páirtithe a foilsíodh ar shuíomh Gréasáin MetroLink.

Léiríonn an méid a foghlaimíodh ó thaithí idirnáisiúnta ar sheachadadh na megathionscadail go seasta go bhfuil gá le foireann ceannaireachta ar ardtaithí a bhfuil teist ar leith aici maidir lena leithéid tionscadal. Cé go bhfuil taithí nach beag ag TII maidir le mórthionscadail an iompair a chur i gcrích, aithnítear go mbeadh gá le tuilleadh saineolais, scileanna agus acmhainní chun meitreo uathoibrithe a sheachadadh go rathúil mar gheall ar scála agus ar chastacht MetroLink. Níl ach líon teoranta a leithéid daoine ar fáil, le hard-éileamh orthu ar fud an domhain, agus ní mór á bhfáil go háitiúil agus go hidirnáisiúnta ó mhargadh domhanda na bpost.

I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an méid a foghlaimíodh agus ar an taithí a bhfuarthas ó mheigithionscadail eile ar chomhscála, ghlac BIÉ le múnla cliaint solúbtha. Ionas go n-éireoidh lena leithéid mhúnla, caithfear foireann láidir na ceannaireachta a cheapadh agus a cuid chomhaltaí fostaithe go díreach ag BIÉ mar chliaint. Siad na príomhcheapacháin tosaigh ar an bhfoireann cheannaireachta seo atá i gceist ná:

  • Stiúrthóir an Chláir
  • Ceannasaí an tSoláthair agus na gConarthaí
  • Bainisteoir na n-Oibreacha Casta agus Cumasúcháin
  • Bainisteoir Chomhpháirtíochta an Chliaint

Tá próiseas na hearcaíochta á bhainistiú ag Newsom Consulting agus ag Steering Point thar ceann BIÉ. Bun-riachtanas seachadadh an tionscadail do MetroLink is ea foireann cheannaireachta láidir ar ard-taithí ionas go n-éireodh leis go tráthúil, go héifeachtach agus go rathúil. Tá BIÉ ag tnúth le baill eile foireann na cheannaireachta a earcú in am trátha.

Cúlra

Cuid bhunathraithe de bhonneagar an iompair phoiblí nua is ea MetroLink, an chéad cheann riamh dá leithéid in Éirinn. Cuimseoidh sé iarnród meitreo nua-aimseartha ar ard-acmhainn, ar ard-minicíocht agus ar ard-éifeachtach le 16 stáisiún nua aige idir Sord agus Charlemont. Déanfaidh sé Aerfort Bhaile Átha Cliath, Iarnród Éireann, DART, Bus Átha Cliath, agus Luas a cheangal le chéile chun gréasán imeasctha an iompair phoiblí a chur le cheile a chruthú do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (MCBÁC).

Chomh maith le príomh-mhoil an iompair a cheangal lena cheile, cuirfidh MetroLink nascanna ar fáil le príomhchinn scríbe eile lena n-áirítear Baile Munna, Ospidéil an Mater agus an Rotunda, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Rithfidh an chuid is mó den bhealach 18.8km (thart ar 11.68 míle) faoin talamh, éacht shuntasach nua i stair iompar poiblí na hÉireann.

Nuair a thiocfaidh an córas i bhfeidhm, beidh traen ag teacht gach trí nóiméad le linn buaic-tréimhsí oibre. B'féidir go n-ardófar an mhinicíocht suas go seirbhís gach 90/100 soicind (thart ar 1 nóiméad go leith) faoi 2060, más gá. Beidh an córas in ann suas le 20,000 paisinéir a iompar in aghaidh na huaire sa dá threo. Mar chomparáid leis, ni féidir le seirbhísí reatha Líne Ghlas an Luas ach timpeall 9,000 paisinéir a iompar in aghaidh na huaire dá threo.

Ciallaíonn an inbhuanaitheacht do MetroLink ná córas meitreo éifeachtach, ar ísealcharbóin agus athléimneach ó thaobh na haeráide a chur ar fáil agus a fheidhmiú, a cheanglaíonn turais na bpaisinéirí níos fearr lena cheile mar chuid de ghréasán imeasctha an iompair, a a éascaíonn deiseanna na hathbheochana, a threisíonn an nascacht idirnáisiúnta, agus a chumasaíonn fás dlúth an gheilleagair don ghlúin seo agus dóibh siúd atá le teacht, agus arna dhearadh chomh maith lena bheith freagrúil do na héilimh amach anseo.