Osclaíonn an tAire Ross scéim bóthair M17/M18 ón nGort go Tuaim

Dé Céadaoin, 27ú Meán Fómhair 2017

D’oscail an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Shane Ross TD go hoifigiúil inniu scéim M17/M18 ón nGort go Tuaim. Tá scéim Comhpháirtíochta Poiblí Príobháidí (CPP) ón nGort go Tuaim ar cheann de thrí thionscadal bóthair CPP atá áirithe i bPacáiste um Spreagadh Airgeadais an Rialtais 2012.

Ag labhairt dó ag an oscailt dúirt an tAire Ross: “Seo é an chéad uair agam bóthar nua a oscailt go hoifigiúil mar Aire Iompair mar sin tá ríméad orm go bhfuil scéim bóthair M17/M18 curtha i gcrích dhá mhí roimh an spriocdháta agus é de réir an bhuiséid. Is borradh ollmhór é an mótarbhealach seo do bhord farraige an iarthair. Feabhsóidh sé deiseanna fostaíochta, rachaidh sé chun tairbhe na turasóireachta agus cuideoidh sé chun dul i ngleic le tranglam tráchta i dTuaim, Baile Chláir, Órán Mór, Droichead an Chláirín, Cill Cholgáin agus An Gort. Táim ag tnúth lena úsáid.”

Dúirt an tAire; “Agus dea-scéal eile nach mbeidh aon dolaí ar an mótarbhealach.” 

Chuir an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe TD, fáilte roimh oscailt an mótarbhealaigh freisin, a seachadadh a dúirt sé, trí CPP, dhá mhí roimh an spriocdháta: "Is cloch mhíle ollmhór eile i seachadadh chlár CPP an Rialtais é oscailt mótarbhealach CPP an M17/M18 ó Ghort go Tuaim agus léiríonn sé an infheistíocht mhór a rinne an Rialtas i mbonneagar náisiúnta in iarthar na hÉireann. Laghdóidh an bóthar nua turais agus méadóidh sé sábháilteacht agus is céim mhór chun cinn é freisin chun nascacht réigiúnach a fheabhsú san Iarthar."

Beidh an bóthar ar chaighdeán mótarbhealaigh ón nGort go dtí acomhal na Coille Móire gar do Thuaim (fad 53.2km) agus thrasghearradh débhealaigh de chineál 2 ó thimpeallán na Coille Móire go dtí timpeallán Lios an Airne ó thuaidh de Thuaim (fad 4.2km).  

Is fiú €550 milliún an scéim ar an iomlán.

Dúirt Michael Nolan POF Bhonneagar Iompair Éireann: "Is cloch mhíle thábhachtach é an lá inniu do BIÉ maidir lenár saindualgas chun líonra bóithre náisiúnta sábháilte agus éifeachtúil a sholáthar. Feabhsaíonn mótarbhealach M17//M18 ón nGort go Tuaim nascacht feadh bhealach an Atlantaigh agus cuirtear nasc náisiúnta straitéiseach ar fáil ar fud na tíre trí acomhal an M6 ag Ráth Mhuirisín."

Chas an t-iar-Thaoiseach, Enda Kenny, an chéad fhód ar an scéim ón nGort go Tuaim an 9 Bealtaine 2014 agus tá an scéim oscailte anois tar éis don Direct Route Consortium a bheith díreach os cionn trí bliana i mbun tógála. 

Bhí imeacht rothaíochta ar son carthanachta á eagrú ag Clubanna Leon Thuama agus an Ghoirt ar siúl feadh an bhealaigh iomláin lena n-áirítear débhealach Sheachbhóthar Thuama an 10 Meán Fómhair 2017.