Nuashonrú ar Thionscadal an N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach

Foilsíodh inniu (27ú Samhain 2023) sainaithint na conaire bóthair laghdaithe, bonneagar méadaithe taistil ghníomhaigh, moil iompair, mol lastais, comhtháthú feabhsaithe iompair phoiblí agus comhtháthú comhshaoil do thionscadal an N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach.

Is réiteach uathúil bóthair é scéim iompair an N/M20 a chuirfidh go mór le sábháilteacht do gach úsáideoir iompair, a fheabhsóidh sláinte agus folláine na seachphobal, a thacóidh le fás eacnamaíoch réigiúnach agus áitiúil, agus a chuirfidh bearta dícharbónaithe iompair i bhfeidhm ón bPlean Gníomhaíochta Aeráide.

Tá tionscadal an N/M20 ó Chorcaigh go Luimneach bunaithe ar dhearcadh ilmhodúil atá “ar an gcéad cheann dá chineál”, chun nascacht, sábháilteacht agus naisc eacnamaíochta a fheabhsú idir cathracha Chorcaí agus Luimneach, agus ar deireadh thiar Gaillimh. Roimh fhógra an lae inniu, rinneadh breithniú ar aiseolas forleathan ón bpobal agus ar bheartas éabhlódeach aeráide, comhshaoil agus iompair. Díríonn nuashonrú an tionscadail ar na gnéithe seo a leanas:

  • Leithead na conaire príomhlíne a laghdú ó 500m go 200m. Tarlóidh laghdú breise a shainaithneoidh an líne fál atá beartaithe sna 12 mí atá amach romhainn.
  • Suíomh na n-acomhal, na nascbhóithre, na taobh-bhóithre agus conairí taistil ghníomhaigh a aithint.
  • Soláthar méadaithe bhonneagar Taistil Ghníomhaigh le haghaidh siúlóide agus rothaíochta ó 80km go 100km.
  • Soláthar Moil Iompair chun aistriú go seirbhísí iompair phoiblí, roinnt carranna, taisteal gníomhach, agus áiseanna luchtaithe Feithiclí Leictreacha ar an mbealach a éascú.
  • Soláthar Mol Lastais chun páirceáil HGV, leas agus áiseanna luchtaithe Feithiclí Leictreacha ar an mbealach a sholáthar.
  • Deiseanna breise a fhorbairt chun Iompar Poiblí a fheabhsú agus aistriú chuig bus agus iarnród a spreagadh.
  • Dea-chleachtas a fhorbairt do bhainistiú comhshaoil, bithéagsúlachta agus carbóin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.corklimerick.ie. Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Chorcaí, Comhairle Cathrach Chorcaí, Bonneagar Iompair Éireann agus an Roinn Iompair ag cur Céim 3 ar aghaidh le Dearadh agus Measúnú Timpeallachta. Leanann foireann an tionscadail ag fáiltiú roimh aiseolas ó úinéirí maoine, pobail, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear seimineáir ghréasáin agus foirm aiseolais ar líne. Foilseofar tuilleadh nuashonruithe tionscadail i R2 (dréachtdhearadh) agus R4 2024 (dearadh deiridh agus líne fál), ansin lorgófar cead an rialtais chun an t-iarratas pleanála a chur isteach.