OSCAILT OIFIGIÚIL DON SEACHBHÓTHAR IOMLÁN Ó MHAIGH CHROMTHA GO BAILE BHUIRNE

Bhí baint dhíreach ag 2,200 duine leis an tionscadal 22km.

Osclaíodh an chuid deiridh de sheachbhóthar Mhaigh Chromtha go Baile Bhuirne ar an N22 go hoifigiúil ag cur i gcrích an tionscadail €280 milliún, atá maoinithe ag Bonneagar Iompar Éireann agus a cuireadh chun cinn faoi Thionscadal Éireann 2040 de chuid an Rialtais. Ghearr Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Frank O’Flynn agus an Taoiseach, Leo Varadkar TD, an ribín ar an 6km deireanach don bhóthar, in éineacht le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí Valerie O’Sullivan Dé Luain, 6 Samhain.

Tá ceann de na gearrthacha is doimhne a rinneadh riamh in Éirinn ar an gcuid nua seo den bhóthar. Briseadh agus pléascadh os cionn 500,000 m3 de charraig thar thréimhse dhá bhliain ón gcuid seo, agus athchúrsáladh an charraig mar bhunsraith don bhóthar ar feadh an tionscadail.

Cuireadh tús le tógáil an bhóthair 22km i mí Eanáir 2020 agus na conraitheoirí Jons Civil Engineering Company Ltd agus John Cradock Ltd ag obair le chéile ar an gcomhfhiontar. Is é J.B Barry & Partners Dearthóir an Chonraitheora agus d'fheidhmigh Mott MacDonald mar Ionadaí Fostóra ar an tionscadal.

Is ionann líon na n-uaireanta oibre le linn chéim na tógála agus 1.8 milliún. Bhí baint dhíreach ag 2,200 duine lena n-áirítear innealtóirí, dearthóirí, pleanálaithe, maoirseoirí, tiománaithe tochaltóra agus dumpaire, siúinéirí, socraitheoirí cruach, leagadóir píopaí, foirne leagan cosán agus oibrithe bainistíochta tráchta. Bhí breis agus 300 ball foirne tógála ag obair gach lá le linn na mbuaicphointí.

Síneann an débhealach críochnaithe ón taobh thoir de Mhaigh Chromtha ag Cúil Chomhair go baile fearainn Sliabh Riabhach ar an taobh thiar de Bhaile Bhuirne. Seachnaíodh Baile Mhaigh Chromtha, Baile Mhic Íre agus Baile Bhuirne mar chuid den tionscadal, rud a léiríonn uasghrádú mór ar an mbonneagar bóithre idir Corcaigh agus Ciarraí. Tá ceithre acomhal agus 101 struchtúr príomha ann lena n-áirítear ceithre dhroichead abhann, ceithre thardhroichead, 15 fodhroichead, ballaí coinneála, boinn le haghaidh comharthaí teachtaireachta athraitheacha, lintéir agus bacainní timpeallachta.

Dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Frank O’Flynn, “Is lá tábhachtach é an lá inniu do mhuintir Ghaeltacht Mhúscraí. Nuair a osclaíodh an chéad chuid den tionscadal seo i mí na Nollag 2022 laghdaigh truailliú aeir i mbaile Mhaigh Chromtha láithreach de níos mó ná 50%, ag tacú leis an bpróiseas dícharbónaithe ar bhaile Mhaigh Chromtha. Táimid ag tnúth le tairbhe den chineál céanna do Bhaile Mhic Íre agus Baile Bhuirne. Beidh rochtain ar na scoileanna agus ar ghnólachtaí áitiúla i bhfad níos sábháilte mar thoradh ar an laghdú d'fheithiclí earraí troma. Déanfaidh an nasc feabhsaithe idir Corcaigh agus Cill Airne an ceantar seo níos tarraingtí fós d’fhorbairtí tithíochta.”

Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar TD, “Beidh críochnú an seachbhealaigh ina bhuntáiste mór do chónaitheoirí Chorcaí agus Chiarraí agus don iliomad cuairteoirí chuig an réigiún álainn seo, a bhfuiltear ag súil go fonnmhar leis. Laghdóidh an bóthar seo amanna turais, bainfidh an brú tráchta as na bailte agus na sráidbhailte feadh an bhealaigh agus laghdóidh sé na costais breosla a bhaineann le feithiclí réchasta i mbrú tráchta. Agus trácht á atreorú chuig an bpríomhbhóthar, is féidir bóithre reatha a fhorbairt chun bealaí rothaíochta agus siúil níos sábháilte a éascú idir ceantair áitiúla. Trí nascacht a fheabhsú idir Corcaigh, Cill Airne agus Trá Lí do ghnó agus do thurasóireacht, cuirfidh an tionscadal seo le forbairt áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Tá sé ag teacht le cur chuige an Rialtais beocht a thabhairt isteach i lár ár mbailte agus ár sráidbhailte agus an doras a oscailt do raon deiseanna nua dóibh, ag déanamh na tuaithe in Éirinn mar áit níos fearr le maireachtáil agus le hoibriú ann agus le cuairt a thabhairt uirthi. Is éacht iontach innealtóireachta é an tionscadal seo agus tréaslaím gach duine a bhí páirteach ó na conraitheoirí, Comhairle Contae Chorcaí agus Bonneagar Iompar Éireann.”

Dúirt An tAire Iompair Eamon Ryan, “Le hoscailt an bhóthair seo, beidh níos lú brú trácht agus caighdeán an aeir níos fear i mBaile Mhic Íre agus Baile Bhuirne, mar atá feicthe cheana féin i Maigh Chromtha. Cuirfidh sé seo feabhas ar cháilíocht na beatha do chónaitheoirí áitiúla, agus cuirfidh sé le tarraingteacht an taistil ghníomhaigh freisin. Tá sé i gcomhréir le cuspóir an Rialtais fás dlúth a chur chun cinn inár lár bailte agus sráidbhailte, mar Toradh Straitéiseach Náisiúnta faoin gCreat Náisiúnta Pleanála.”

Roimh an oscailt oifigiúil, ghlac na céadta duine páirt i rás agus siúlóid 5km West Muskerry AC ar an gcuid nua den seachbhóthar Dé Sathairn, 21 Deireadh Fómhair. Bhailigh an ócáid airgead don Ionad Lae i mBaile Bhuirne agus don chlub áitiúil CLG, Naomh Abán.

Dúirt Peter Walsh Príomhfheidhmeannach le Bonneagar Iompair Éireann an meid seo, “Is lá suntasach é inniu do mhuintir Chontae Chorcaí agus Chontae Chiarraí agus dóibh siúd go léir a úsáideann an N22. Leis an gcuid seo de bhealach an N22 idir Baile Bhuirne agus Maigh Chromtha a thabhairt suas go caighdeán innealtóireachta nua-aimseartha, a sheachadann sábháilteacht agus éifeachtúlacht, is infheistíocht shuntasach é ón Rialtas don réigiún agus cuireann sé le feabhsú leanúnach an ghréasáin bóithre náisiúnta ar mhaithe le tairbhe na tíre ar fad. Déanfaidh sé difríocht shuntasach do shaol laethúil na ndaoine a chónaíonn, a oibríonn agus a thaistealaíonn ar fud an cheantair."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Valerie O’Sullivan, “Tá borradh mór tagtha ar bhaile Mhaigh Chromtha agus ar an gceantar máguaird ó cuireadh críoch leis a gcuid den seachbhóthar go déanach anuraidh. Mar gheall ar an mbaint den phlódú tráchta tá sé ina láthair níos tarraingtí do thiománaithe cuairt a thabhairt ar a mbealach ó Chorcaigh go Ciarraí agus na seirbhísí atá le tairiscint ag Maigh Chromtha a bhlaiseadh. Reáchtáladh Féile Ceoil Mhaigh Chromtha i mí an Mheithimh, agus an Fhéile Bia i mí Mheán Fómhair ina dhiaidh sin. Bheinn ag súil le buntáistí cosúla a fheiscint do shráidbhailte Bhaile Bhuirne agus Bhaile Mhic Íre. Táimid tiomanta d'fhorbairt inbhuanaithe sóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach i gceantair thuaithe agus ár mbailte agus sráidbhailte a dhéanamh ina n-áiteanna tarraingteacha le maireachtáil, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu. Tá seachbhóthar Mhaigh Chromtha go Baile Bhuirne mar chuid lárnach de sin agus táim ag tnúth lena thionchar a fheiscint sna blianta amach romhainn.”

Chuir Baile Bhuirne agus Maigh Chromtha fáilte roimh líon suntasach tionscadal nua a théann chun sochair na gcónaitheoirí agus na gcuairteoirí araon. Tá gairdín céadfach nua, ionad pobail nua i mBaile Bhuirne anois; spás pobail lasmuigh le suíocháin, snoíodóireacht crann agus clár faisnéise stairiúla agus i Maigh Chromtha tá foirgneamh nua don Leabharlann agus Amharclann Bhearna na Sceiche le bheith críochnaithe go luath an bhliain seo chugainn agus beidh siad ar oscailt don phobal roimh an samhradh. Osclaíodh stáisiún dóiteáin nua an bhaile le déanaí agus tá stáisiún Gardaí nua le ceanncheathrú rannáin le tosnú sna blianta amach romhainn. Tá ullmhúcháin ar bun chun tionscadail an fhearainn phoiblí ag an gCearnóg Theas agus ag Baile Mheasaigh a chur chun cinn agus chun Eaglais Naomh Colmán a athchóiriú ina spás pobail gníomhach tar éis €7.2m de mhaoiniú RRDF a fhaomhadh i mí na Nollag 2022.