Cuarbhóthar Theas Luimnigh – Céim II (Scéim Thollán Luimnigh)

Cuireadh an tionscadal seo san áireamh fad a d’fhógair an Rialtas tionscadail phíolótacha an 1 Meitheamh 1999. Sainaithníodh roinnt bealaí laistiar agus laistiar de Luimneach i staidéar a rinneadh in 1987 a cheanglaíonn Bóthar Bhaile Átha Cliath, an N7 le Bóthar na hInse - an N18. Críochnaíodh Céim I den scéim seo a ghabhann ó dheas agus siar ón N7 taobh le Bóthar Chorcaí an N20/21 ag Ros Uí Bhriain i mBealtaine 2004 trí chonradh ar leith. Gabhann Céim II siar agus ó thuaidh go dtí an N18. Tá stráice thart ar 10 gciliméadar sa tionscadal de dhébhealach caighdeánach agus tá tollán inti faoi Abhainn na Sionainne.

Bronnadh an conradh CPP ar DirectRoute Consortium (Kellogg Brown & Root Ltd., Strabag AG, John Sisk & Son (Holdings) Ltd., Lagan Holdings Ltd., Roadbridge Ltd. (Mulcair) an 18 Lúnasa 2006..

DÁTA BRONNTA CONARTHACONRADH BRONNTA ARSAGHAS AN CPP CLÁR RIALTAIS STÁDAS
Lúnasa 2006 Direct Route Lamháltas An Plean Forbartha Náisiúnta 2000-2006 Osclaíodh é in 2010

Cliceáil anseo, le do thoil, chun teacht ar eolas breise faoin scéim.

Gnéithe Airgeadais Scéim Thollán Luimnigh

Cuideachta Lamháltais

Is éard atá i gcuibhreannas DirectRoute Strabag AG, John Sisk & Son (Holdings) Ltd, Lagan Holdings Ltd, Roadbridge Ltd (Mulcair), agus beirt soláthraithe gnáthscaireanna tríú páirtí, is iad siúd, Meridiam Infrastructure Finance S.C.A. SICAR agus Allied Irish Banks p.l.c.

Dualgais agus oibleagáidí na Cuideachta Lamháltais

Tá an ceathrú trasrian ar Abhainn na Sionainne i bpurláin Chathair Luimnigh i Scéim CPP Thollán Luimnigh, atá bainteach le stráice thart ar 10 gciliméadar de dhébhealach nua a thógáil anuas ar nascbhóithre agus taobh-bhóithre gaolmhara. Chuimsigh an ceathrú trasrian seo ar Abhainn na Sionainne, tiúb-thollán timpeall 900m ar fad, a nascann baile fearainn Ó Cuanach, ar an mbruach thuaidh le baile fearainn Bhun Leice, ar bhruach theas Abhainn na Sionainne.

Tosaíonn an bealach i mbaile fearainn Ros Uí Bhriain, a dhéanann nasc le bun thoir Scéim CPP Thollán Luimnigh ag láthair Thimpeallán reatha Ros Uí Bhriain agus a ghabhann siar, trí na bailte fearainn: an Ráth Bhán Thuaidh, Béal Átha na Cora (Weston), Béal Átha na Cora (Hart), Baile Uí Chaoimh, Bun Leice, Caisleán Mhungairit, Uí Chuanach Thiar, Cluain Maicín, Uí Chuanach Thoir, Míleac agus an Chreatalach Mhaol agus déanann sé ceangal leis an N18 reatha i gar do Chaisleán na Creatlaí.

Áirítear leis an Scéim seo ceithre acomhal ilairde; ag Ros Uí Bhriain a dhéanann a cheanglaíonn Cuarbhóthar Theas Luimnigh – Céim 1 agus le Scéim CPP Thollán Luimnigh le bóthar an N20 ó Chorcaigh go Trá Lí; ag Bóthar an Duga (an N69); ag Uí Chuanach Thiar; agus ag ceangal Bhóthar na hInse an N18. Tá dhá dhola-phlás agus fóntais ghaolmhara lonnaithe lastuaidh d’Abhainn na Sionainne agus sé thrasrian abhann ann, trasrian tolláin Abhainn na Sionainne san áireamh.

Tá ar DirectRoute tabhairt faoi na tascanna seo a leanas:

  • Dearadh
    • Dearadh mionsonraithe iomlán a dhéanamh ar gach gné nuathógála;
    • CNa measúnuithe riachtanacha ar struchtúir a dhéanamh ag céimeanna éagsúla i rith na tréimhse lamháltais
  • Tógáil
    • Na hoibreacha nua go léir a thógáil;
    • Glacadh le freagracht as dálaí talún, monatóireacht agus réiteach seandálaíochta, athlonnú fóntais agus tírdhreachú.
  • Cothabháil
    • Pábháil bhóthair, struchtúir, tírdhreachú, comharthaí, líniú, soilsiú, bacainní sábháilteachta, fálú agus gach gné eile den bhóthar a chothabháil;
    • Tabhairt faoi chothabháil chuimsitheach geimhridh, patróil, sailleadh réamhchúramach, agus glanadh sneachta san áireamh.
  • Oibriú
    • An bóthar a bhainistiú i dtaobh sábháilteachta, bainistíocht tráchta, eolais don úsáideoir bóithre, doirteadh ola, timpistí;
    • An córas dolaí a oibriú i leith na leibhéal riachtanach seirbhíse agus é a uasghrádú mar is gá chun freastal ar éileamh;
  • Ath-infheistiú
    • Sula dtabharfar ar ais don earnáil phoiblí é ag deireadh an lamháltais, na háiseanna go léir a uasghrádú is gá (e.g. athdhromchlú, athlíniú bóthair) chun an tsaolré riachtanach iarmharach a sholáthar don bhóthar.
    • Maidir le struchtúr an bhóthair, tá ar an lamháltóir é a thabhairt ar ais agus saolré bhreise 10 mbliana aige sula mbeadh aon neartú struchtúrach ag teastáil.
  • Airgeadas
    • Airgeadas a thiomsú don scéim agus freagracht a ghlacadh as na haisíocaíochtaí go léir;
    • An baol i leith róchaiteachas costais a láimhseáil.

An Tréimhse Lamháltais

Síníodh an conradh an 18 Lúnasa 2006 agus leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar feadh 35 bliain ón dáta sin. Ceapadh go nglacfaidh an tógáil thart ar 4 bliana agus beidh DirectRoute freagrach as dolaí a bhailiú ar feadh tréimhse thart ar 31 bliain.

Costas an tionscadail

Measann an tÚdarás, dá dtabharfadh sé féin faoi na tascanna uile dearaidh, tógála, cothabhála, oibrithe agus ath-infheistíochta ar gá do DirectRoute tabhairt fúthu gurbh ionann a bheadh an costas agus thart ar €660m (gan costais talún agus réamhdhearaidh a áireamh) de réir luachanna 2006

Measann an tÚdarás gurb ionann a bheidh an costas talún, réamhstaidéar/dearaidh a theastaíonn leis an mbealach a shainaithint, cáipéisí reachtúla a ullmhú (Scéim Mótarbhealaigh agus Ráiteas Tionchair Timpeallachta), réamh-imscrúdú talún, tástáil agus réiteach tosaigh seandálaíochta, agus maoirseacht ar a tógáil agus thart ar €150m. Baineann na costais seo, gan aird ar bhealach an chonartha a d’fhéadfaí a úsáid leis an scéim a sholáthar.

Maoiniú DirectRoute

Tá cistiú substainteach á infheistiú ag DirectRoute isteach sa tionscadal seo trí ghnáthscaireanna ó na cuideachtaí atá sa chuibhreannas. Cistiú fiachais é tromlach an chistithe agus shocraigh DirectRoute cistiú ó thrí fhoinse:

  • HBoS;
  • An Banc Eorpach Infheistíochta – banc faoi úinéireacht bhallstáit an Aontais Eorpaigh a infheistíonn i mbonneagar riachtanach AE; agus
  • Cistí ó bhaill an chuibhreannais.

Príomhghné de phacáiste airgeadais DirectRoute don Tionscadal is ea réiteach cistithe fiachais ina bhfuil banna socrúcháin príobháideach aonlíne cumhdaithe atá frithgheallta ag HBoS (struchtúr an chainéil). Chumasaigh é seo an maoiniú fiachais a shocrú ar chostas níos ísle ná cistiú traidisiúnta fiachais. Áirítear leis an bpacáiste cistithe chomh maith airgeadas idirlinne gnáthscaire agus airgeadas mezzanine.

Is é DirectRoute an páirtí atá freagrach as na fiachais go léir seo a aisíoc agus gan a bheith ar an Stát iad a íoc.

Íocaíochtaí ón Údarás le DirectRoute

Tá íocaíochtaí an Údaráis le DirectRoute seasta agus íocaíochtaí €180m (Ainmniúil) i gcaitheamh na tréimhse tógála atá iontu, a scaoiltear ar chríochnú sásúil príomhghnéithe tógála, agus íocaíocht €60m (luachanna 2006) i rith thréimhse an oibrithe. (Nóta: Tá íocaíochtaí oibríochtúla faoi réir innéacsú ar aon dul leis an bpraghasinnéacs tomhaltóirí.)

Íocaíochtaí ó DirectRoute leis an Údarás

Íocfaidh DirectRoute sciar leis an Údarás, ag brath ar an leibhéal tráchta ar an mbóthar, de na hioncaim ó dholaí a bhailítear. Gan na sonraí iomlána a nochtadh mar gheall ar íogaireacht tráchtála an togra chruinn, measann an tÚdarás gur suim shubstainteach airgid a bheidh san ioncam seo a aisíocfaidh na híocaíochtaí fóirdheontais go páirteach a bheidh déanta ag an Údarás.

Íocaíochtaí ó DirectRoute leis an Stát

Anuas ar an sciar ioncaim a íocfaidh sé leis an Údarás, beidh oibleagáid ar DirectRoute na híocaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Rátaí tráchtála: I gcomhréir leis an Acht Luachála, 2001, DirectRoute a bheidh in áititheoir réadmhaoine inrátáilte mar gheall ar na saoráidí dola a bheidh á n-oibriú acu. Ceanglófar ar DirectRoute, ag brath ar na líonta feithiclí agus a ríomhtar i gcomhréir le modheolaíocht a leagann an Oifig Luachála amach, rátaí a íoc leis an údarás áitiúil/na húdaráis áitiúla a ngabhann an bóthar trína limistéar riaracháin;
  • Cáin chorparáide; agus
  • CBL ar fháltais neamh-inghnóthaithe

Léargas Ginearálta Achomair

For infrastructure with an estimated cost (construction and on-going operations and maintenance) of €660m, excluding land/planning/ preparatory design costs, the State will pay €180m (excluding land/preparatory costs) throughout the 4 year construction period along with a further €60m during the operational period. The State will recoup monies by means of revenue share, rates and taxes.