Scéim Deontais um Bhonneagar Luchtaithe FNAÉ na bhFLanna LDV ar an mBóthar

Seo í Scéim Deontais um Bhonneagar Luchtaithe FNAÉ na bhFLanna LDV ar an mBóthar. Faoi stiúir Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), maoinithe ag Feithiclí ar Nialais Astaíochta Éireann (FNAÉ) , tá sé mar aidhm ag an scéim seo forbairt bhonneagar luchtaithe na bhFeithiclí Leictrí (FL) a bhrostú ar fud líonra bóithre náisiúnta na hÉireann.

I gcomhréir le rialacháin an AE, tá an an scéim tosaigh seo dírithe den chuid is mó ar líónra na mótarbhealaí, ag suiteáil ionaid luchtaithe ar ardchumhacht 1200kW, le ceithre phointe athluchtaithe 150 kW ar a laghad ar fáil i ngach ionad luchtaithe. Leanfaidh na scéimeanna amach anseo ag díriú ar leibhéal eile de líonra na mbóithre, chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do spriocanna aeráide na hÉireann agus don fhás leanúnach i líon na bhFLanna sa tír.

 
EV Electric Charging

Sonraí na Scéime

Cliceáil ar an íomhá thíos le do thoil le haghaidh leagan níos mó den íomhá agus sonraí na scéime

Cliceáil le do thoil le haghaidh léarscáil agus eochair eolais Sonraí na Scéime

Click here to access scheme details

Cén amlíne atá ag an scéim?

  • Cuirfear tús leis an scéim ar 14 Feabhra na bliana 2024;
  • Déanfaidh gach iarrthóir a thógra a ullmhú agus a aighneacht a chur isteach roimh an dáta deiridh ag meán lae 10 Aibreán na bliana 2024;
  • Tá sé beartaithe go mbeidh an bonneagar nua réidh le dul ar líne faoi mhí Nollaig na bliana 2025.
 

Cá háit a bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?

  • Tugann bróisiúr na scéime achoimre ar an bpríomhfhaisnéis agus is féidir é a íoslódáil anseo.
  • Tá tuilleadh mioneolais ar fáil I doicimeéadú na Scéime agus is féidir á íoslódáil ó shuíomh Gréasáin eTenders: www.etenders.gov.ie
 
 

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh ?

Cuir d'aighneacht isteach ag suíomh Gréasáin eTenders: www.etenders.gov.ie