Eisiúint Nuachta ar Sheachbhóthar N52 Bhaile Átha Fhirdia Meán Fómhair 2019

Téann forbairt scéimeanna Sheachród an N52 siar go 2001. Thug Comhairle Contae Lú cead pleanála Cuid 8 don scéim i Meitheamh 2005 agus dheimhnigh An Bord Pleanála an tOrdú Ceannaigh Éigeantaigh (CPO) in 2006. Ar an drochuair, mar gheall ar easpa maoinithe sa tréimhse ó 2006 i leith, ní raibh Bonneagar Iompair Éireann (TII) in ann a dheimhniú go raibh faomhadh tugtha an scéim a bhogadh ar aghaidh go céim na tógála. Mar sin féin, in 2018, fuarthas roinnt maoinithe inar ligeadh do Chomhairle Contae Lú, arbh í an t-údarás bóithre don cheantar, comhairleoirí teicniúla a cheapadh chun dearadh mionsonraithe a dhéanamh agus an Cás Gnó agus na doiciméid tairisceana a ullmhú.
 
Tar éis an scéim a bheith athmhúscailte áfach, léirigh pobail áitiúla roinnt ábhar imní  maidir le dearadh na scéime. Baineann na hábhair imní go príomha le cruthú dhá cul de sac a bhí mar chuid den scéim i gceantar Bhaile Mhoilin/an Chúil agus an tionchar diúltach a n-imreodh  na socruithe seo ar ghluaiseachtaí tráchta áitiúla.
 
Is léiriú iad na hábhair imní seo ar  na hathruithe iomadúla a tharla i mBaile Átha Fhirdhia agus máguaird san idirthréimhse dhá bhliain déag. Go háirithe, tá méadú tagtha ar dhaonra an cheantair agus léirítear é seo i líon na dtithe nua a tógadh i gcóngaracht na scéime le blianta beaga anuas.
 
Tá níos mó i gceist le gach mórscéim bóthair náisiúnta, ar nós seachbhóithre baile, ná bóthar straitéiseach, sábháilte agus éifeachtúil a sholáthar do thrácht fad-achair. Ní mór raon leathan fachtóirí eile a chur san áireamh freisin, lena n-áirítear cúrsaí comhshaoil, innealtóireacht, airgeadas, pátrúin tráchta agus tionchair na scéime ar an bpobal áitiúil. Tá sé, mar sin, ríthábhachtach do chur chuige TII maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm mórscéimeanna bóithre náisiúnta go  n-éistfear le tuairimí na bpobal áitiúil agus go gcuirfear iad san áireamh a mhéid agus is féidir.
 
Dá réir sin, le linn míonna beaga anuas, reáchtáladh cruinnithe agus fuair Comhairle Contae Lú agus TII aighneachtaí mionsonraithe ó chónaitheoirí. Ábhar imní ar leith sna haighneachtaí seo is iad na moltaí go ndúnfar bóthar Pháirc an Bhaile siar ón seachbhóthar nua agus go ndúnfar Bóthar Bhaile Mhoilin (atá ar thaobh Bhaile Átha Fhirdhia) soir ón seachbhóthar nua agus toradh dhúnadh na mbóithre seo.
 
Mar atá luaite cheana, tá tuairimí an phobail áitiúil mar chuid riachtanach de dhearadh agus de sheachadadh mór-scéimeanna bóithre náisiúnta. Dá réir sin, tá Comhairle Contae Lú, le tacaíocht ó TII, ag obair ar bhealaí a aithint chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna ardaithe ag an bpobal áitiúil. Tá iarrachtaí na Comhairle ina leith seo an-srianta áfach, ag dearadh bunaidh na scéime a thug an Bord Pleanála cead reachtúil dó agus ag scóip na talún a fuarthas chun an scéim a thógáil.
 
D'éileodh gach ceann de na roghanna aitheanta ag Comhairle Contae Lú tar éis di dul i gcomhairle leis an bpobal go ndéanfaí leasú ar an gcead pleanála agus go gceannófaí tailte breise, dá mbeidís le bheith curtha i bhfeidhm.
 
Is sa chomhthéacs seo gur lorg Comhairle Contae Lú an 29 Lúnasa 2019, cead TII an comórtas tairisceana a thosú chun an scéim a thógáil, mar a bhí ceadaithe ag an mBord Pleanála in 2006. Rinneadh an Chomhairle an t-iarratas ar an mbonn go mbeadh leasuithe déanta níos déanaí ar na hacomhail, dá n-aimseofaí go mbeadh gá leo. Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbeadh gá le próiseas pleanála ar leithligh agus ina dhiaidh sin i gcás aon leasuithe dá leithéid.
 
D'ainneoin thábhacht straitéiseach an tionscadail seo - go háitiúil agus go náisiúnta - is é dearcadh TII go gcaithfear scéim Sheachbhóthar Bhaile Átha Fhirdhia seachbhóthar oiriúnach a sholáthar, seachbhóthar ní amháin a fheabhsóidh gluaiseachtaí tráchta fad-achair ach a chuirfidh le saolta, le gnólachtaí agusle  gníomhaíochtaí fóillíochta an phobail áitiúil. Tá TII tiomanta freisin, ar ndóigh, don mhéid is mó luacha a bhaint amach ar son na gcáiníocóirí, de réir ár n-oibleagáidí faoin gCód Caiteachais Phoiblí.
 
Dá réir sin, ós rud é go raibh sé soiléir don TII le linn a phlé le cónaitheoirí áitiúla go gcaithfí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a d'ardófaí, iarradh ar Chomhairle Chontae Lú athbhreithniú a dhéanamh ar dhearadh na scéime roimh dhul ar aghaidh go céim na tógála. Breathnóidh an t-athbhreithniú ar straitéis acomhail na scéime agus ar na háiseanna d'úsáideoirí soghonta bóithre. Tabharfar faoi phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin phoiblí mar chuid den athbhreithniú d’fhonn a chinntiú go mbeidh an deis ag gach páirtí leasmhar páirt a ghlacadh i bpróiseas atá oscailte agus cothrom. Reáchtálfar imeachtaí comhairliúcháin phoiblí go luath in 2020, tar éis athbhreithniú teicniúil ar an scéim a bheith curtha i gcrích, agus cuirfear líníochtaí ar fáil ina léireofar roghanna inmharthana acomhail chomh maith le socruithe do choisithe agus do rothaithe. Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí agus cuirfear an rogha theicniúil is fearr ar aghaidh ansin chuig cead pleanála Cuid 8 an bhliain seo chugainn.
 
I gcomhthráth, críochnófar na hoibreacha atá tosaithe ar an talamh cheana féin agus déanfar an Cás Gnó don scéim a nuashonrú agus a chur isteach le haghaidh athbhreithnithe, de réir mar a éilítear faoi Chód Caiteachais Phoiblí an Rialtais. Faoi réir na gceaduithe riachtanacha go léir a bheith faighte, táthar ag súil go bhfógróidh Comhairle Contae Lú próiseas tairisceana an phríomhchonartha tógála roimh dheireadh 2020 nó go luath in 2021.
 
Tá moladh ann gur cheart do TII machnamh a dhéanamh ar chead a thabhairt do Chomhairle Contae Lú an tionscadal a thairiscint, faoina dhearadh reatha, agus aon leasuithe dearaidh a shainaithneofar agus a aontófar tar éis an phróisis athbhreithnithe a chorprú ag céim eile amach anseo. Is amhlaidh, áfach, nach féidir le comhlachtaí poiblí ar nós TII próiseas tairisceana tionscadail a cheadú sula mbeidh dearadh, raon feidhme agus sonraíocht na n-oibreacha atá le seachadadh faoin gconradh curtha i gcrích ina n-iomláine. Bheadh aon chur chuige den sórt sin maidir le tionscadal Sheachbhóthar Bhaile Átha Fhirdhia, ina bhfuil infheistíocht roinnt milliún d’airgead na gcáiníocóirí i gceist, ag sárú phrionsabail an Chóid Chaiteachais Phoiblí go hiomlán agus d’fhágfadh sé go mbeadh Comhairle Contae Lú/TII/na cáiníocóirí fágtha gan cosaint ar éilimh an-substaintiúla faoin gconradh.
 
Go hachomair, in imthosca ina bhfuil imní mhór maidir le tionchair na scéime ar an bpobal áitiúil léirithe ag cónaitheoirí, is léir go bhfuil sé stuama athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim ag an tráth seo agus cuireadh a thabhairt don phobal áitiúil tuairimí agus aighneachtaí a léiriú, sula gcaithfear roinnt milliún d’airgead na gcáiníocóirí. Cinnteoidh sé seo (a) go seachadfar scéim Sheachbhóthar Bhaile Átha Fhirdhia atá oiriúnach don fheidhm agus a chuirfidh le leas an phobail áitiúil agus (b) go mbainfear amach an luach is mó ar airgead do cháiníocóirí.
 
Tá TII tiomanta go hiomlán do sheachadadh na dtionscadal bóithre náisiúnta mar atá aitheanta lena dtógáil sa Phlean Forbartha Náisiúnta, lena n-áirítear Seachbhóthar N52 Bhaile Átha Fhirdhia. Níl ach stop sealadach curtha ag Comhairle Contae Lú ar dhul chun cinn na scéime seachbhóthar fad is atá ag dul i gcomhairle leis an bpobal agus athbhreithniú a dhéanamh ar an tionscadal. Lorgóidh an Chomhairle cead pleanála le haghaidh aon fheabhsuithe a shainaithneofar agus a bhfuil gá leo i ndiaidh an athbhreithnithe agus cuirfidh TII maoiniú ar fáil do chaiteachas tionscadail de réir mar a tharlaíonn sé, lena n-áirítear conradh na bpríomhoibreacha.