" "

Suiteáil Ceamaraí Meánluais i dTollán Bhaile Átha Cliath Fógartha ag Bonneagar Iompair Éireann (TII) & An Garda Síochána

Tá TII ag obair leis an nGarda Síochána ar an gcéad chóras forfheidhmithe ceamaraí meánluais a shuiteáil in Éirinn

Arsa an tArd-Cheannfort Aidan Reid, Biúró Náisiúnta Tráchta an Gharda Síochána, “Cuirimid fáilte roimh an bhfeabhsú seo ar oibríochtaí Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath.  De bharr méadú ar an trácht ag taisteal trí Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath tá an córas forfheidhmithe nua seo ann chun breis tacaíochta a thabhairt i ndáil le heispéireas taistil sábháilte a chur ar fáil d’úsáideoirí uile an Tolláin.”

Arsa an Príomhfheidhmeannach Michael Nolan, “Cabhróidh córas forfheidhmithe ceamaraí meánluais linn le teist sábháilteachta láidir Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath a bhuanú.  Tá TII buíoch den Gharda Síochána as a dtacaíocht leis an bhfeabhsúchán oibríochta seo.”

  • Tá méadú 40% tagtha ar an leibhéal tráchta trí Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath le 5 bliana anuas agus tá, dá dheasca sin, méadú staitisticiúil ar an mbaol imhbhuailtí agus tionóiscí.  Déantar iarracht le córas forfheidhmithe ceamaraí meánluais an baol sin a mhaolú mar go dtaispeánann na staitisticí go dtagann laghdú 50% ar an ráta imbhuailtí nuair a bhíonn córas dá shaghas i bhfeidhm.
  • Déanann an córas forfheidhmithe ceamaraí meánluais monatóireacht ar mheánluas tiománaí agus é nó í ag gabháil trí Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath agus má théann an tiománaí thar an teorainn 80 km san uair beidh an dlí sáraithe agus cuirfear pionós i bhfeidhm.
  • Nuair a dheimhníonn an córas forfheidhmithe ceamaraí meánluais go bhfuil an teorainn luais sáraithe ag an bhfeithicil, cruthóidh sé go huathoibríoch taifead den sárú sin agus tarchuirfear go dtí an Garda Síochána é le go ngníomhóidh siadsan. Beidh an nós imeachta forfheidhmithe mar an gcéanna leis na nósanna imeachta atá ag an nGarda Síochána le haghaidh próiseáil uathoibríoch ar Chionta Trácht Bóthair dá ngearrtar muirir sheasta agus, más infheidhme, pointí pionóis.
  • Ba cheart go dtabharfadh gach tiománaí a úsáideann Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath faoi deara na cuaillí móra buí ar a mbeidh ceamaraí á suiteáil amárach.  Beidh na cuaillí seo mar thaca don chóras forfheidhmithe ceamaraí meánluais. Ní túisce na ceamaraí feistithe ná cuirfear tús leis an tástáil.  Nuair a bheidh deireadh leis an tástáil meastar go mbeidh an córas beo níos faide anonn sa bhliain.
  • Déantar an meánluas a thaifead idir dhá shuíomh ceamara a chlúdaíonn na lánaí uile agus ní dhéanfaidh sé aon difear don mhonatóireacht ar an meánluas má athraítear lánaí.  Ní bheidh soilse gealánacha ag an gcóras ná aon táscairí oibríochta eile, ach beidh sé ag monatóireacht an t-am ar fad.

Cúlra Breise

Osclaíodh Tollán Bhaile Átha Cliath ar an 20 Nollaig 2006. Tollán dé-thollphoill é atá 4.5km ar fhad. Is cuid de Chuarbhóthar C an M50 thart ar Chathair Bhaile Átha Cliath é.

http://www.dublintunnel.ie/safety/

Forfheidhmiú Ceamaraí Meánluais.

Beireann Ceamara Suite Luais ar luas feithicle ag pointe áirithe ar an mbóthar, rianann an córas ceamara meánluais luas na feithicle tar achar áirithe.

Fógraí Muirear Seasta Luais (FCN)

Nuair a dheimhníonn an córas ceamaraí meánluais go bhfuil an teorainn luais sáraithe ag an bhfeithicil laistigh den chrios forfheidhmithe, cruthóidh sé go huathoibríoch taifead den sárú sin agus tarchuirfear go dtí an Garda Síochána é le go ngníomhóidh siadsan. Beidh an nós imeachta forfheidhmithe mar an gcéanna leis na nósanna imeachta atá ag an nGarda Síochána le haghaidh próiseáil uathoibríoch ar Chionta Trácht Bóthair dá ngearrtar muirir sheasta agus, más infheidhme, pointí pionóis.

Is féidir teacht ar fhaisnéis faoi phróiseas riaracháin an Gharda ar na fógraí muirear seasta seo ar a suíomh gréasáin: www.garda.ie

Athrú Lánaí

Déantar an meánluas a thaifead idir dhá shuíomh ceamara - an crios forfheidhmithe.  Is cuma má athraítear lánaí mar déanann na ceamaraí monatóireacht ar na lánaí ar fad ag tosach agus ag críoch an chreasa fhorfheidhmithe arb é an tollán é.