Bí Ullamh Don Gheimhreadh

Feachtas “Bí Ullamh don Gheimhreadh” 2019 – 2020 le seoladh ag an rialtas

Chuaigh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross T.D., i bpáirt leis an Aire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aige i leith Cosanta, Paul Kehoe, TD, an tAire Stáit Tithíochta agus Forbairt Uirbeach, Damien English T.D., an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphries T.D., agus an tAire Stáit in Oifig na nOibreacha Poiblí agus Faoiseamh ar Thuilte, Kevin “Boxer” Moran T.D. inniu chun feachtas “Bí Ullamh don Gheimhreadh 2019-20” an rialtais a sheoladh ag an Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí i mBaile Átha Cliath.
 
Tugann an feachtas “Bí Ullamh don Gheimhreadh” spreagadh do daoine bheith ullamh, coimeád sábháilte, agus cá bhféadann siad cabhair a fháil i gcás go bhfuil sí ag teastáil uathu.
 
Agus é ag labhairt ag an seoladh inniu, chur an tAire béim ar an tábhacht atá le bheith ullamh don gheimhreadh, ag lua go bhfuil comhairle agus treoir mhionsonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin “Bí Ullamh don Gheimhreadh”, www.winterready.ie.
 
Féadann aimsir an gheimhridh bheith contúirteach do thiománaithe, rothaithe, agus coisithe. Tharraing an tAire aird ar an contúirt ar leith atá ag gabháil le ceathanna clocha sneachta, mar ní féidir linn na bóithre a chóireáil lena haghaidh.
 
Dúirt an tAire Ross “Ní féidir cith clocha sneachta a thuar, agus d’fhéadfadh dálaí contúirteacha an-deacra a bheith mar thoradh air, go háirithe ar bhóithre ardluais amhail débhealaí agus mótarbhealaí.  Ba chóir daoibh iarracht a dhéanamh aird a thabhairt ar aon rabhaidh aimsire ina léirítear go bhfuil baol ann go mbeidh cith clocha sneachta ag teacht.  Sa chás go bhfuil seans ann go mbeidh clocha sneachta ann, ba chóir daoibh tiomáint ar luas níos lú agus aird a thabhairt ar na dálaí tiomána atá ann ag an am. Bíonn sé thar a bheith contúirteach bheith ag tiomáint sna dálaí aimsire sin, agus bíonn sé rí-thábhachtach go moillfidh sibh agus go seachnóidh sibh coscánú trom nó stiúradh tobann."

 

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin “Bí Ullamh don Gheimhreadh” anseo le do thoil.