Fáiltíonn na hAirí Ross agus Griffin roimh leithdháileadh de €2.7 billiún le haghaidh an Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i mBuiséad 2020

•         Méadú de €1 billiún ó mhí Dheireadh Fómhair 2016
•         Méadú foriomlán de 16.5% ar 2019
 
Chuir an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross T.D., agus an tAire Stáit, Brendan Griffin T.D., fáilte inniu roimh an leithdháileadh iomlán de €2.7 billiún don Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhliain seo chugainn. 
 
Ag labhairt ag an bpreasagallamh inniu, dúirt an tAire Ross:
 
“Bhí dúshlán suntasach i mbuiséad na bliana seo, ó thaobh conas ár ngeilleagar a chosaint i gcoinne drochthionchair Brexit gan mhargadh. Faoi na himthosca seo atá chomh dúshlánach sin, tá áthas orm a bheith in ann méadú 16.5% a fhógairt sa leithdháileadh iomlán buiséid do mo roinnse féin. Leis an leithdháileadh seo, beifear in ann na hacmhainní sin a sholáthar atá de dhíth chun leanúint ar aghaidh leis an infheistíocht chobhsaí inár gcóras iompair, le forbairt an earnáil spóirt seo againn, agus ag tacú leis an earnáil turasóireachta, go háirithe chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag Brexit crua a mhaolú.
 
Le blianta beaga anuas tá an Rialtas ag obair go dian chun a chinntiú go bhfuil coinníollacha agus beartais i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun tacú le saoránaigh glacadh le roghanna iompair níos inbhuanaithe. In 2020, beidh an infheistíocht sa chóras iompair phoiblí ag sárú €1 billiún den chéad uair riamh. Leis an infheistíocht sin, tacófar le réimse leathan tionscadal iompair, lena n-áirítear infheistíochtaí móra bonneagair a chur ar aghaidh mar chuid de BusConnects agus Metrolink, ag leanúint ar aghaidh linn feabhas a chur ar ár seirbhísí iarnróid ar fud na tíre, agus ag tacú le haistriú céimnithe ár bhflít iompair go cineálacha breosla atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.
 
Glacaim fáilte leis an tiomantas a rinne an tAire Donohoe chun cistí a bhailigh an cháin charbóin a chur ar leataobh chun tacú lenár bPlean Gníomhaíochta Aeráide freisin. Mar gheall ar an dtiomantas seo, tógfar isteach €10.5 milliún breise de chistí infheistíochta le haghaidh féarbhealaí, infrastruchtúr rothaíochta uirbí agus infheistíocht mhéadaithe i mbonneagar a athmhuirearú d'fheithiclí leictreacha.
 
Le linn 2020, leanfaimid linn ag infheistiú chun an inrochtaineacht réigiúnach a fheabhsú, agus breis is €1 billiún le hinfheistiú againn i gcothabháil bóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus le tús a chur leis an tógáil i ndáil le roinnt scéimeanna bóthair nua chomh maith. Tá an infheistíocht seo riachtanach chun seirbhísí áitiúla a sheachadadh agus chun tacú leis an fhás eacnamaíoch i gceantair thuaithe agus réigiúnacha.
 
San iomlán, cuirfear €38 milliún ar fáil don Earnáil Eitlíochta. As seo, rachaidh €22 milliún i dtreo Chlár na nAerfort Réigiúnach, lena n-áirítear leithdháileadh €5 milliún i dtreo an mhéadaithe atá beartaithe le rúidbhealach Aerfort Réigiúnach Phort Láirge. 
 
Infheisteofar €103 milliún de mhaoiniú sa sábháilteacht mhuirí. Leis an mhaoiniú sin, beifear in ann a dheimhniú gur féidir le Garda Cósta na hÉireann feidhmiú go sábháilte agus go héifeachtach. Is iad na príomhthosaíochtaí leis sin ná chun cur leis an infheistíocht san oiliúint sábháilteachta, agus i dtrealamh agus i gcórais sábháilteachta.
 
Céim mhór chun tosaigh is é Buiséad 2020 maidir le cumas na hearnála iompair chun na spriocanna atá againn a bhaint amach. Tríd is tríd ligfear dúinn na hearnálacha iompair, turasóireachta agus spóirt níos mó daoine a nascadh le níos mó áiteanna mar gheall ar an airgid seo, agus déanfar pobal ar fud na tíre a nascadh agus a neartú dá bharr.”
 
Dúirt an tAire Stáit Griffin:
 
“Ó thaobh na Turasóireachta de, tá áthas orm a fhógairt go bhfuil méadú 10% ar an leithdháileadh iomlán, suas go dtí €186 milliún in 2020. Cuirfidh an infheistíocht seo Fáilte Éireann ar a gcumas chun an tacaíocht a thugann sé don fhorbairt agus don inbhuanaitheacht thurasóireachta in Éirinn a mhéadú, go háirithe trí thacaí fiontair, tríd an infheistíocht chaipitil, trí fás a chur faoin líon imeachtaí agus faoin ngnó turasóireachta chomh maith le feabhas leanúnach a chur leis brandaí bunaithe ar thaithí. Leanfaimid ag infheistiú i gcur chun cinn margaíochta thar lear Thurasóireacht Éireann, agus ag díriú ar ioncam ó thurasóirí thar lear a mhéadú suas go dtí €6.5 billiún faoi 2025.
 
Níl aon amhras faoi ach go raibh buiséad na bliana seo faoi thionchar mór ag an amn baol ann go dtarlóidh Brexit gan mhargadh, agus is léir go bhfuil na rioscaí sin tar éis tionchar a imirt ar ár n-earnáil Turasóireachta cheana féin. Cuireadh ciste forlíontach de €7 milliún ar fáil do Fáilte Ireland agus do Thurasóireacht Éireann le bheith caite láithreach ar thionchar Brexit a mhaolú. 
 
Tá teagmhas breise againn de €40m freisin i gcás Brexit gan mhargadh de € 40m chun tacú leis an margaíocht thar lear agus chun ligean d’Fháilte Éireann agus do Thurasóireacht Éireann freagra níos fearr a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le Brexit. Beidh an an maoiniú teagmhasach seo in ann feidhmiú chun cur leis na hiarrachtaí chun cuairteoirí a mhealladh ó phríomh-mhargaí eile amhail an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh, chomh maith le príomh-mhargaí atá ag teacht chun cinn faoi láthair. Leagfar béim ar leith freisin ar na réigiúin ar a mbeidh an tionchar is mó ag Brexit gan mhargadh, na contaetha teorann, mar shampla.
 
Ag casadh ar an Spórt, agus infheisteofar €125 milliún san earnáil seo le linn 2020. Rachaidh sé seo i dtreo ár Scéime Deontais do Chomhlachtaí Spóirt, an Scéim Infrastruchtúir Spóirt ar Scála Móir agus an maoiniú do Spórt Éireann agus don Champas Spóirt.
 
Tá maoiniú faighte againn chun tacú le foirne arna cáiliú do na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo 2020, cluichí a óstáil le haghaidh Chraobhchomórtais Sacair na hEorpa 2020 i mí an Mheithimh seo chugainn, chomh maith le tús a chur leis na hullmhúcháin riachtanacha chun an Corn Ryder 2026 a óstáil.
  
Tríd is tríd, soláthraíonn buiséad 2020 dár n-earnálacha turasóireachta agus spóirt agus táim muiníneach go rachaidh an Buiséad seo chun sochair do shaoránaigh agus do phobail ar fud na tíre ” 
 
Cliceáil anseo chun féachaint ar léaráid ar Bhuiséad 2020