Suirbhéanna Aerfheithiclí Gan Fhoireann (AGF) – An Ráth, Contae Chorcaí.

Tá suirbhéanna Aerfheithiclí Gan Fhoireann (AGF) á ndéanamh ag Bonneagar Iompair Éireann feadh an N20 i gceantar na Rátha, Contae Chorcaí. Déanfar na suirbhéanna le linn uaireanta oibre agus, ag brath ar choinníollacha aimsire, is iad dátaí beartaithe na suirbhéanna ná Meitheamh go Iúil 2023.  Beidh aitheantas ag oibreoirí AGF BIÉ agus beidh siad inaitheanta ag éadaí brandáilte BIÉ.

B’fhéidir go mbaileoidh na suirbhéanna sonraí pearsanta an-teoranta gan chuimhneamh agus ní choimeádfar iad. Próiseálann Bonneagar Iompair Éireann sonraí pearsanta de réir a Fhógra Cosanta Sonraí atá ar fáil anseo.