Nuashonrú ar COVID-19

Tá monatóireacht á déanamh ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) ar fhorbairtí leanúnacha maidir le paindéim Covid-19.  Mar thoradh air sin, tá réitigh teicneolaíochta faisnéise (TF) á bhforbairt agus á dtástáil ag BIÉ lena chur ar chumas ár bhfoirne chun tabhairt faoina róil ó chian lena chinntiú gur féidir linn, a mhéid agus is féidir, leanúint le seirbhís ardchaighdeáin agus éifeachtúil a sholáthar dár bpáirtithe leasmhara go léir i rith amanna neamhghnácha.
Ar aon dul le Treoirlínte an Rialtais, rinne BIÉ an cinneadh chun ár n-oifigí ag Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8 a dhúnadh le héifeacht ón 26 Márta 2020, go dtí go bhfógraítear a mhalairt. 
 
Rinneadh an cinneadh seo agus fios maith againn go gcinnteoidh na bearta atá curtha i bhfeidhm againn gur féidir linn leanúint ag freastal ar ár bpáirtithe leasmhara go héifeachtach agus go héifeachtúil. Leanfaidh le feidhmeanna laethúla BIÉ, ar an ábhar sin, ag feidhmiú agus leanfar leis an ngréasán bóithre náisiúnta, chomh maith le hoibríochtaí Luas, a oibriú go hiomlán go fóill. Mar thoradh ar an dúnadh, ní dhéanfar aon seachadtaí poist chuig ár n-oifigí. Ba cheart teagmháil a dhéanamh, ar an ábhar sin, ar ríomhphost nó ar an nguthán. Cuirtear ár sonraí teagmhála ar fáil sa leathanach Déan Teagmháil Linn den láithreán gréasáin seo.
 
Leanfaidh BIÉ ag freagairt d’fhiosrúcháin chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir, ach d’fhéadfadh moill a bheith orainn freagairt dóibh, mar sin féin. Is mór againn d’fhoighne maidir leis seo agus gabhaimid leithscéal as ucht aon mhíchaoithiúlachta a d’fhéadfadh seo a chruthú duit.