Oscailtí Naisc Tráchta Acomhail Dhún Citil ar an 24 Deireadh Fómhair: Achoimre

1. Ag 06:00am ar an Luan, an 24 Deireadh Fómhair, mar chuid d'Uasghrádú Acomhail Dhún Citil: 

  • Osclófar nasc bóthair aontreo nua a sholáthróidh bealach díreach do thrácht amach ó Chathair Chorcaí go Gleann Maghair-An Gleanntán (Lipéadaithe ‘1A’ ar an íomhá thíos). 
  • Osclófar bóthar nua dhá threo thuaidh-theas, díreach soir ón Acomhal reatha ag Dún Citil, ag trasnú an N25 trí dhroichead nua agus ag nascadh leis an mBóthar Réigiúnach (R623) ar an Oileán Beag (Lipéadaithe ‘1B’ ar an íomhá thíos). 

Le chéile, soláthróidh na naisc nua bóithre naisc áitiúla níos fearr, laghdóidh siad an méid tráchta ar na hacomhail ag Dún Citil agus ag an Oileáin Beag atá ann cheana féin, agus feabhsóidh siad rochtain ar an taobh thiar den Oileán Beag. 

2. Díreach i ndiaidh na n-oscailtí seo, dúnfar ‘Sliosbhóthar an Ibis’ a nascann bóthar Ghleann Maghair-An Gleanntán leis an M8 ó dheas (lipéadaithe ‘2’ ar an íomhá thíos). Ina ionad sin, díreofar an trácht trí bhealach sealadach ag baint úsáide as an droichead nua thar an N25. 

Fíor 1: Naisc Bhóthair ag Oscailt agus ag Dúnadh Dé Luain an 24 Deireadh Fómhair

3. Leis an mbealach nua thuaidh-theas thar an N25, glactar isteach saoráidí tiomnaithe d’Iompar Gníomhach agus Poiblí araon comhdhéanta de lána bus ó thuaidh atá suite ó dheas an N25, agus cosán rothaíochta/coisithe dhá bhealach deighilte, le droichead nua thar an iarnród. 

  • Mar thoradh ar an gcuid nua seo, déanfar 2.5 ciliméadar de Bhealach Taistil Gníomhach leanúnach a sheachadadh mar chuid den Uasghrádú Acomhail, (aibhsithe i mbuí ar an íomhá thíos). 

Fíor 2: Naisc Rothaíochta / Coisithe ag Oscailt agus ag Dúnadh Dé Luain an 24 Deireadh Fómhair