Osclaíonn trí thionscadal bonneagair siúlóide agus rothaíochta i gCiarraí

Inniu, d’fhógair Eamon Ryan, an tAire Iompair, agus an tAire Stáit Hildegarde Naughton, go nosclófar trí thionscadal glasbhealaigh agus bóithre nua do mhuintir an cheantair agus do chuairteoirí ag dul go Ciarraí, le húsáid ón Deireadh Seachtaine Saoire Bainc seo.

D’oscail an tAire Stáit Hildegarde Naughton na trí thionscadal go hoifigiúil. Tá an chuid N69 ó Lios Tuathail go Mainistir na Féile de Ghlasbhealach Chiarraí Thuaidh, an Glasbhealach ó Thrá Lí go dtí an Fhianait agus bóthar an Bhrá Chathrach ar an N70 i gCathair Dónall oscailte go hoifigiúil anois do choisithe, rothaithe, úsáideoirí cathaoireacha rothaí leictreacha agus úsáideoirí bóithre.

Tá an Clár don Rialtas tiomanta do chlár suntasach Glasbhealaigh agus bonneagar rothaíochta agus siúlóide a chur ar fáil ar fud na tíre. Mhaoinigh an Roinn Iompair na tionscadail nua seo i gCiarraí agus chuir Comhairle Contae Chiarraí agus Bonneagar Iompair Éireann iad i gcrích, ag cur nascacht inbhuanaithe ar fáil sa réigiún.

Tionscadal Brá Chathrach an N70

Áiríonn Tionscadal Brá Chathrach an N70 uasghrádú agus leathnú ar chuid 1.2KM de Bhóthar Náisiúnta an N70 den dara grád agus tógáil rotharbhealach deighilte nua. Is cuid shuntasach de bhealach turasóireachta ‘Mórchuaird Chiarraí’ é an N70 agus cuireann sé nasc tábhachtach ar fáil ó Leithinis Uíbh Ráthaigh go dtí an Príomhlíonra Náisiúnta agus go modhanna iompair eile.

N69 Lios Tuathail go Mainistir na Féile, Glasbhealach Chiarraí Thuaidh

Áiríonn an chuid N69 ó Lios Tuathail go Mainistir na Féile de ‘Ghlasbhealach’ Chiarraí Thuaidh stráice 10.5km de ghlasbhealach ó Lios Tuathail go Teorainneacha Chontae Luimnigh. Forbraíodh an Glasbhealach feadh iarnród as úsáid a nascfaidh le Glasbhealach Luimnigh a shíneann 40 km ó Mhainistir na Féile go Ráth Caola i gContae Luimnigh. Nuair atá na céimeanna den Ghlasbhealach ó Lios Tuathail go dtí an Fhianait críochnaithe, sínfidh sé níos mó ná 90km ar fad ó Luimneach go dtí an Fhianait.

Glasbhealach Thrá Lí go Fianait

Is tógáil Glasbhealaigh 11.2KM ar an tseanlíne iarnróid, a théann ó Thrá Lí go Fianait, é Glasbhealach Thrá Lí go dtí an Fhianait. Síneann sé ó bhaile fearainn Bhaile an Abhalloirt i dTrá Lí go sráidbhaile na Fianaite. Cuirfidh an Glasbhealach conair iompair inbhuanaithe ar fáil do mhuintir an cheantair a nascfaidh lár baile Thrá Lí agus Stáisiún Traenach Thrá Lí le Cnocán Seabhac ar Bhóthar Bracken O’Regan. Tabharfaidh sé bealach sábháilte freisin do thurasóirí agus rothaithe fóillíochta chun taitneamh a bhaint as na radhairc thar Chuan Thrá Lí agus soláthróidh sé nasc tábhachtach leis an mBealach Tras-Eorpach ‘EuroVelo’.

Dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan: “Bhí mé i gCiarraí ag deireadh mhí an Mheithimh, áit ar bhuail mé le hoifigigh na Comhairle Contae agus ionadaithe poiblí agus d’oscail mé cuid de Ghlasbhealach Thrá Lí go dtí an Fhianait. Ag an am sin, leag mé béim ar an tábhacht chun oibriú go tapa chun smaoineamh faoi conas a théimid thart, trínár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte agus trí líonraí deighilte rothaíochta agus siúlóide a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go bhféadfaidh níos mó daoine rogha a dhéanamh chun siúl nó rothaíocht. Is léiriú é ar Chomhairle Contae Chiarraí go bhfuil na trí thionscadal seo críochnaithe anois agus réidh le hoscailt. Tá a fhios againn go léir go bhfuil Ciarraí an tarraingteach do chuairteoirí, ach is do mhuintir an cheantair go príomha na tionscadail seo, chun é a dhéanamh níos éasca agus níos taitneamhaí dóibh bogadh thart, le carr nó gan charr.”

Dúirt an tAire Stáit Hildegarde Naughton: “Tá thart ar €60m tugtha againn do Ghlasbhealaí amháin i mbliana chomh maith le breis is €285m do bhonneagar siúlóide agus rothaíochta ar fud na tíre chun cur ar chumas daoine rogha a dhéanamh go sábháilte siúl nó rothaíocht seachas an carr a úsáid. Níl oscailt na dtionscadal seo i gCiarraí inniu ach cuid den iliomad scéimeanna bonneagair dá bhfuilimid tiomanta a chur chun cinn thar shaolré an Rialtais.

“Ceadóidh na trí thionscadal seo dóibh siúd atá ina gcónaí sa chomharsanacht taisteal ar scoil, obair nó chuig taitneamhachtaí áitiúla ag siúl nó ag rothaíocht chomh maith le gné áineasa thábhachtach a sholáthar a thacóidh leis an tairiscint turasóireachta áitiúil agus a chothóidh fás eacnamaíoch sa cheantar áitiúil.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach TII Peter Walsh: “Cuireann Glasbhealach Thrá Lí go dtí an Fhianait, tionscadal ‘Taisteal Gníomhach’ Brá Chathrach an N70 agus Glasbhealach Lios Tuathail go Mainistir na Féile roghanna iompair taistil gníomhach inbhuanaithe ar fáil do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon, agus ag an am céanna, cuireann siad timpeallacht níos sábháilte ar fáil do gach úsáideoir bóithre.”

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Chiarraí, an Comhairleoir John Francis Flynn: “Cuireann Glasbhealach Thrá Lí go dtí an Fhianait, tionscadal ‘Taisteal Gníomhach’ Bhrá Chathrach an N70 agus Glasbhealach Lios Tuathail go Mainistir na Féile roghanna iompair taistil ghníomhach inbhuanaithe ar fáil do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon, ag an am céanna ag cur timpeallacht níos sábháilte ar fáil do gach úsáideoir bóithre.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí, Moira Murrell: “Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thacaíocht na Roinne Iompair as na glasbhealaí seo a mhaoiniú agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le húinéirí talún áitiúla agus le pobail áitiúla as a gcomhoibriú agus a dtacaíocht. Gabhaim buíochas freisin le foireann Chomhairle Contae Chiarraí a d’oibrigh le blianta fada chun na háiseanna riachtanacha seo a fhorbairt.”