Lá Oscailte M17/M18 ón nGort go Tuaim fógartha le haghaidh Dé Céadaoin 27 Meán Fómhair 2017
Fógraíonn Bonneagar Iompair Éireann Mótarbhealach Nua an M17/M18 ón nGort go Tuaim
Ag Oscailt Dé Céadaoin, 27 Meán Fómhair, 2017 dhá mhí roimh an spriocdháta
Osclófar Mótarbhealach Nua an M17/M18 ón nGort go Tuaim dhá mhí roimh an spriocdháta a bhí ceaptha dó.
Soláthróidh an scéim 57km ceithre lána (2x2) ón nGort ó dheas go dtí Tuaim ó thuaidh, agus acomhal mór le bealach an M6 ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath ar an taobh thoir de Chathair na Gaillimhe. Gabhfaidh sé thar Thuaim, Ard Raithin, Bhaile Chláir, Chill Cholgáin, Dhroichead an Chláirín agus An Gort.
Tiocfaidh an mótarbhealach nua ceithre lána in ionad na mbóithre N17/N18 atá ann cheana, agus laghdóidh sé turais ó cheann ceann de thart ar 20 nóiméad.
Is é an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Shane Ross, T.D. a osclóidh an mótarbhealach go hoifigiúil.
Is Scéim Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (CPP) é, infheistíodh €550 milliún ann ar an iomlán agus tá an bóthar saor ó dholaí.
Tuilleadh eolais
Is CPP saor ó dholaí é an bóthar
Cuibhreannas an Chonartha: Bealach Díreach (Direct Route), ina n-áirítear Roadbridge, John Sisk, Lagan, agus Strabag.
57 km ar fad (mótarbhealach 53km agus Seachbhóthar Thuama 4km)
Ag tosú ó scéim an N18 ón nGort go Croisín a d'oscail i mí na Samhna 2010
Nascann sé le Mótarbhealach an M6 taobh thoir d'Órán Mór
Gabhann sé thar Thuaim agus Bhaile Chláir ag an gceann ó thuaidh mar aon le hArd Raithin, Cill Cholgáin agus Droichead an Chláirín ó dheas
Seachadann an oscailt sin píosa mór eile de Bhealach an Atlantaigh