Tagann Córas Ceamaraí Sábháilteachta Meánluais an M7 i bhfeidhm Dé Luain 25 Aibreán ag 07.00 am.

Tagann Córas Ceamaraí Sábháilteachta Meánluais an M7 i bhfeidhm Dé Luain 25 Aibreán ag 07.00 am.
Beidh an córas Príomhlíne Ceamaraí Sábháilteachta Meánluais Mótarbhealaigh ar an M7 i dTiobraid Árann idir  Acomhal 26 agus Acomhal 27, dá threo, soir agus siar, i bhfeidhm ó 07:00am Dé Luain an 25 Aibreán 2022.
Beidh feithiclí a bhraitear ag tiomáint os cionn luasteorainn an mhótarbhealaigh 120km/ faoi réir ionchúisimh ó 07: 00 Dé Luain an 25 Aibreán 2022.
Is trí Fhógra Muirir Sheasta a dhéantar ionchúiseamh ar chionta luais.  Is ionann an Fógra Muirir Sheasta reatha agus €80 agus tá 3 phointe pionóis ag gabháil leis.  Tá tuilleadh sonraí maidir leis an gcóras Fógra Muirir Sheasta foilsithe ar láithreán gréasáin an Gharda Síochána.