Réamhchás Gnó Metrolink

D’fhoilsigh an ÚNI an Réamhchás Gnó do Metrolink

Cheadaigh Bord an ÚNI Réamhchás Gnó Metrolink a d’ullmhaigh Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) lena chur faoi bhráid na Roinne Iompair (RI) agus ina dhiaidh sin é a chur faoi bhráid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (RCPA). 

I mí Iúil 2022, d’fhógair an tAire Iompair Eamon Ryan go raibh Faomhadh i bPrionsabal tugtha ag an Rialtas don ÚNI chun a chumasú do BIÉ iarratas ar ordú iarnróid a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála i leith an tionscadail MetroLink.