Seolann an RSA, BIÉ agus an Garda Síochána feachtas sábháilteachta mótarbhealaigh

Sheol an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA), Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) agus An Garda Síochána comhfheachtas dírithe ar Rialacha an Bhóthair a chur i gcuimhne d’úsáideoirí bóithre agus iad ag tiomáint ar líonra mótarbhealaigh na hÉireann.

 

Táthar ag meabhrú do thiománaithe tiomáint i gcónaí sa lána clé le haghaidh tiomána ginearálta ar mhótarbhealach agus eolas a chur ar na rialacha a bhaineann le dul isteach ar mhótarbhealach agus é a fhágáil.

Meabhraítear d’úsáideoirí bóithre gur cion é stopadh ar ghualainn chrua mhótarbhealaigh ach amháin i gcás éigeandála (i.e. cliseadh). Má tharlaíonn sé seo, ba chóir duit glaoch chun cabhair a fháil ag baint úsáide as do ghuthán póca nó ceann de na fóin éigeandála cois bóthair, agus fanacht in áit shábháilte, taobh thiar den bhacainn tuairte.

Más rud go bhfuil tú ag tiomáint in aghaidh an tsrutha tráchta, tarraing isteach láithreach go dtí an ghualainn chrua agus stop. Déan teagmháil leis na Gardaí trí ghlaoch a chur ar 999 nó 112. Ná déan iarracht d’fheithicil a chasadh. Fan le cabhair a fháil in áit shábháilte.

Dúirt Sam Waide, Príomhfheidhmeannach, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre: “Is cuid lárnach de straitéis sábháilteachta bóithre Vision Zero an rialtais í úsáid shábháilte ar bhóithre. Áirítear leis seo tiománaithe a chur ar an eolas faoi conas mótarbhealaí a úsáid go sábháilte agus an baol a bhaineann le húsáid mhícheart a bhaint astu. Ciallaíonn na luasanna níos airde ar mhótarbhealaí gur féidir le rudaí tarlú go han-tapa – d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith i gceist má théann d’intinn ar seachrán ar feadh nóiméad. Más duine thú nach dtiomáineann ar mhótarbhealach go rialta nó murar éirigh leat sa scrúdú tiomána ach le déanaí, ba cheart duit smaoineamh ar cheacht cleachtaidh a dhéanamh ar thiomáint mhótarbhealaigh le Teagascóir Tiomána Faofa atá cláraithe leis an RSA.”

Dúirt Peter Walsh, Príomhfheidhmeannach Bhonneagar Iompair Éireann, “Bíonn na mílte duine ag baint úsáide as an ngréasán mótarbhealaigh gach lá in Éirinn. Le blianta beaga anuas tá méadú faoi dhó tagtha ar fhad na mótarbhealaí ó 424 km i 2008 go 995 km i 2021. Is iad na mótarbhealaí na bóithre is sábháilte in Éirinn. Tá siad cúig huaire níos sábháilte ná bóithre dhá lána tuaithe. Mar sin féin, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil siad saor ó riosca. Cuireann stopadh ar mhótarbhealach tiománaithe, a bpaisinéirí agus úsáideoirí eile bóithre i mbaol mór. Is áit an-dainséarach é an ghualainn chrua. Is féidir le himbhuailtí a bheith mar thoradh ar stopadh ar mhótarbhealach idir do charr féin agus daoine eile. Níl sé sábháilte agus is cion é mura rud é gur cás éigeandála é. Níl sé sábháilte stopadh ar mhótarbhealach.”

Dúirt an Ceannfort Thomas Murphy, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Bóithre: “Táthar ag iarraidh ar thiománaithe tiomáint go cúramach toisc go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse thirim reatha. Nuair a thiteann an bháisteach, tar éis tréimhse aimsire thirim, éiríonn dromchlaí an bhóthair níos gréiscí ná mar a bhíonn de ghnáth, rud a éilíonn faid coscánaithe níos mó chun moilliú nó stop a dhéanamh go sábháilte.

Meabhraítear freisin do thiománaithe atá ar thurais fhada mhótarbhealaigh leas a bhaint as tréimhsí sosa ag na stáisiúin seirbhíse mótarbhealaigh atá suite feadh an ghréasáin.”

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le do thoil le:

Preasoifig an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre, 096 25008

Preasoifig an Gharda Síochána Fón: 01 6662071 

Bonneagar Iompair Éireann Fón: +353 1 6463600 nó seol ríomhphost chuig: info@tii.ie

Nótaí don Eagarthóir;

Rialacha an Bhóthair maidir le hÚsáid Mhótarbhealaigh

  • Níl cead ach tiomáint ar aghaidh amháin. Ní cheadaítear casadh ná cúlú.
  • Ní mór duit dul ar aghaidh ar luas agus ar bhealach nach gcuireann isteach ar thrácht mótarbhealaigh eile.
  • Níl cead agat tiomáint ar aon chuid den mhótarbhealach nach carrbhealach é, mar shampla, gualainn chrua – ach amháin i gcás éigeandála.
  • Níl cead agat stopadh ná páirceáil ar aon chuid den mhótarbhealach ach amháin má bhriseann d’fheithicil síos nó má chuireann Garda in iúl duit é sin a dhéanamh.
  • Níor cheart duit aon duine a phiocadh suas nó a ligean síos ar mhótarbhealach.
  • Is é 120km san uair an uasteorainn luais ar mhótarbhealach mura bhfuil:
    • comharthaí ann a léiríonn luasteorainn eile, mar shampla de bharr oibreacha bóthair nó drochaimsire
    • má tá tú ag tiomáint feithicil atá faoi réir teorann níos ísle cosúil le bus (100km/u) nó trucail (90km/u), nó má tá tú ag tarraingt leantóir, carbhán nó bosca capall/eallaigh (80km/u)
  • Ba cheart duit tiomáint sa lána clé i gcónaí ach amháin má theastaíonn uait feithicil níos moille a scoitheadh, nó má tá an lána sáinnithe. Nuair atá tú críochnaithe ag scoitheadh, bog ón lána ar dheis ar ais go dtí an lána clé chomh luath agus atá sé sábháilte é sin a dhéanamh. Ar mhótarbhealach le trí lána, tá lána breise scoitheadh, ach ba chóir duit a choinneáil ar chlé a oiread agus is féidir
  • Seiceáil do scátháin ar bhonn leanúnach, mar beidh an pictiúr thart timpeall ort ag athrú an t-am ar fad. Sula scoitear nó sula n-athraítear lánaí, cuimhnigh ar ‘scáthán, comhartha, scáthán, bogadh’.
  • Cuimhnigh go gcaithfidh tú go leor spáis a fhágáil os do chomhair ionas go mbeidh tú in ann stopadh go sábháilte.

Mar chuid den fheachtas, tá roinnt leideanna foilsithe ag an RSA agus ag an nGarda Síochána roimh dhul ar aon turas mótarbhealaigh, lena n-áirítear:

  • Cuir tú féin i dtaithí ar chomharthaíocht mhótarbhealaigh agus cuimhnigh ar uimhir bealach amach an acomhail atá beartaithe agat a úsáid chun an mótarbhealach a fhágáil.
  • Déan cinnte go bhfuil brú ceart sna boinn ar d’fheithicil.
  • Déan cinnte go bhfuil dóthain breosla ag d’fheithicil chun dul go dtí an chéad stáisiún seirbhíse eile ar a laghad.
  • I gcás feithicle leictrigh, déan cinnte go bhfuil go leor cumhachta ann chun dul go dtí an chéad stáisiún luchtaithe eile ar a laghad.
  • Má tá dolaí ar do thuras, bíodh an táille dhola ceart réidh i gcónaí sula n-imíonn tú ar do thuras.

Is féidir físeáin faisnéise a forbraíodh mar chuid den fheachtas seo a fheiceáil ag an nasc seo a leanas.

Straitéis na hÉireann maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre. Tá sé mar aidhm ag an gcúigiú Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre de chuid Rialtas na hÉireann 2021-2030 líon na mbásanna agus líon na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre na hÉireann a laghdú 50% thar na 10 mbliana atá romhainn. Ciallaíonn sé seo básanna ar bhóithre na hÉireann a laghdú go bliantúil ó 144 go 72 nó níos ísle agus gortuithe tromchúiseacha a laghdú ó 1,259 go 630 nó níos ísle faoi 2030.

Is í an straitéis an chéad chéim chun gealltanas Chlár an Rialtais 2020 a bhaint amach chun Éire a thabhairt chuig ‘Vision Zero’. Is é an cuspóir atá leis seo ná deireadh a chur le gach bás agus gortú tromchúiseach ar bhóithre na hÉireann faoin mbliain 2050.