Faigheann an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross T.D., ceadú ón Rialtas conradh tógála an Tionscadal N22 Bhaile Bhuirne go Maigh Chromtha a bhronnadh

Fógraíonn an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Shane Ross T.D., i dteannta leis an Aire Stáit, Breandán Ó Grifín, ceadú an Rialtais chun cead a thabhairt do Chomhairle Chontae Chorcaí, faoi stiúradh Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ), príomhchonradh tógála an Tionscadal N22 Bhaile Bhuirne go Maigh Chromtha a bhronnadh.
 
Sainaithníodh an tionscadal seo chun forchéimniú de réir Tionscadal Éireann 2040, a chuimsíonn an Creat Náisiúnta Pleanála, a thugann achoimre ar straitéis spáis na tíre suas go dtí 2040, agus an Plean Forbartha Náisiúnta 2018 – 2027.
 
Tabharfaidh an tionscadal seo mórán buntáistí do Chontae Chorcaí, ina measc:
• Sábháilteacht níos fearr mar go laghdófar minicíocht agus déine thuairteanna agus thaismeach ar an N22;
• Amanna turais laghdaithe agus amanna turais níos deimhne do thrácht ag taisteal idir Corcaigh agus Cill Airne/Trá Lí, rud a thacóidh le fás eacnamaíoch sa réigiún;
• Feabhas ar fhorbairt réigiúnach cothrom agus nascacht idiruirbeach de thoradh atreorú tráchta straitéiseach ó lár Mhaigh Chromtha, agus rochtain dóthanach a choinneáil do thrácht áitiúil go Maigh Chromtha;
• Cumas a chur ar Mhaigh Chromtha béim a chuir ar bheartais iompair inbhuanaithe chun turais níos giorra a chruthú agus chun bealaí coisithe sábháilte agus pléisiúrtha a fhorbairt chun sochair do mhuintir na háite agus turasóirí;
• Conair iompair poiblí feabhsaithe a chur ar fáil ar bhealach an N22.
Is infheistíocht shuntasach €280 milliún i ngréasán bóithre náisiúnta na hÉireann í seo. Cuirfidh an tionscadal seo rochtain agus nascacht réigiúnach feabhsaithe i bhfeidhm, rud a chabhróidh le neartú gheilleagair agus phobail na tuaithe, atá ar cheann de phríomhchuspóirí an rialtais de réir Tionscadal Éireann 2040.
 
Ráiteas ón Aire Ross: “Tá lúcháir orm go bhfuair mé ceadú ón rialtas don tionscadal bóthair náisiúnta ó Bhaile Bhuirne go Maigh Chromtha. Is príomhchuspóir an tionscadail seo ná sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus básanna ar an N22 a laghdú, rud atá tábhachtach mar tá an N22 ceann de na bóithre is measa sa tír maidir le imbhuailtí marfacha agus tromchúiseacha. Mar phríomhchuspóir le feabhsú an ghréasán bóithre, níl aon fháth níos fearr infheistiú i mbonneagar bóthair ná beatha a shábháil. Sa chomhthéacs níos leithne, cuirfidh an tionscadal feabhas ar shaolta daoine a bhíonn ag obair, ag tabhairt cuairte, nó i mbun gnó sa réigiún.
 
“Bhí gá don bhóthar seo le feiceáil go soiléir thar na blianta. Is bealach gnóthach é, agus tá an feabhsú de dhíth ní amháin do Mhaigh Chromtha agus tuaisceart Chorcaí ach do mhuintir Chiarraí chomh maith. Is é an príomhbhealach idir an dá chontae.
 
“Cuirim fáilte roimh thús an phríomhchonradh tógála don tionscadal seo agus guím gach rath ar BIÉ, i gcomhar le Comhairle Chontae Chorcaí, i soláthar an tionscadail thábhachtaigh seo do réigiún an Iar-Dheiscirt”.
 
Ráiteas ón Aire Ó Grifín: “Tá áthas orm gur oibrigh mé go dian laistigh den rialtas chun ceadú don tionscadal bóthair náisiúnta suntasach a fháil ar maithe le réigiún an Iar-Dheiscirt. Cuirfidh tionscadal an N22 feabhas ar an ghréasán bóthair náisiúnta le nasc níos fearr do thrácht a thaistealaíonn idir Corcaigh agus Ciarraí. Cuirim fáilte chomh maith roimh na buntáistí a chuirfidh an tionscadal seo ar fáil, ar nós naisc níos láidre idir pobail tuaithe agus rochtain idiruirbeach fheabhsaithe do réigiún an Iar-Dheiscirt agus mo chontae féin.”
 
Dúirt Michael Nolan, POF BIÉ: “Is fógra iontach é seo agus tá BIÉ ag tnúth le bheith ag obair le Comhairle Chontae Chorcaí chun an tionscadail seo a chuir i bhfeidhm.”