Osclófar cuid de Sheachbhóthar Mhaigh Chromtha an N22 de Thionscadal Bhaile Bhuirne go Maigh Chromtha ar an 9 Nollaig

Tá Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Danny Collins, bródúil as a dheimhniú go n-osclófar an chuid de Sheachbhóthar Mhaigh Chromtha an N22 ó Bhaile Bhuirne go Maigh Chromtha ar an 9 Nollaig go hoifigiúil. Osclóidh an Taoiseach Michael Martin an chuid den bhóthar go hoifigiúil leis an Méara Collins, in éineacht le hionadaithe ó Chomhairle Contae Chorcaí agus ó Bhonneagar Iompair Éireann (TII).

Leis an gcuid 8km seo den bhóthar nua, áirítear timpeallán ag an bpointe a mbuaileann an dá bhóthar le chéile ar an taobh thoir de Mhaigh Chromtha, acomhal grád-scartha ag An Goirtín Rua ar an taobh thiar de Mhaigh Chromtha agus acomhal sealadach ag an bpointe a mbuaileann na bóithre le chéile ag Carraig an Phúca, agus an timpeallán sealadach ag ligean do thrácht teacht le chéile leis an N22 reatha. Tá dhá lána ar an mbóthar sa dá threo deighilte le bacainn sábhála lárstráice cruach.

Chuir an conraitheoir Jons John Craddock JV tús le hobair ar an láithreán siar i mí Eanáir 2020 le cur chuige rathúil comhoibríoch a chur ar chumas an chuid seo den bhóthar oscailt roimh an sceideal. Meastar go gcríochnófar an 14km eile den bhóthar nua i bhFómhair 2023.

Dúirt an Méara Collins agus é labhairt faoin oscailt luath, “Feabhsóidh an oscailt seo sábháilteacht úsáideoirí bóithre agus bainfidh sé brú tráchta ó Mhaigh Chromtha, rud a thabharfaidh rochtain éasca do chónaitheoirí, gnóthaí agus cuairteoirí chuig agus ón mbaile. Thar ceann Chomhairle Contae Chorcaí agus TII, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bpobal, le Baill Thofa, le húinéirí talún, le gnóthaí áitiúla, le conraitheoirí agus le gach páirtí leasmhar eile as a gcomhoibriú leanúnach, a bhfoighne agus a dtuiscint le linn na n-oibreacha seo. Is tréimhse iontach é seo do Mhaigh Chromtha agus d’úsáideoirí an bhóthair nua seo.”