Fógraíonn Bonneagar Iompair Éireann, Comhairle Contae Loch Garman agus Comhairle Contae Chill Chainnigh Dáta Oscailte do Sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25

Tá gliondar croí ar Bhonneagar Iompair Éireann, Comhairle Contae Loch Garman agus Comhairle Contae Chill Chainnigh a fhógairt go mbeidh an Taoiseach, Leo Varadkar, T.D., i mbun an tsearmanais oscailte oifigiúil do Sheachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25 tráthnóna Dé Céadaoin, an 29 Eanáir 2020. 
 
Infheistíocht thart ar €230 milliún atá sa scéim 15 chiliméadar atá i réigiún an Oirdheiscirt, agus cruthóidh sé tairbhí móra don réigiún, go háirithe i dtaobh aistir níos giorra agus níos sábháilte d’úsáideoirí bóithre agus teacht níos fearr a bheith ar Ros Mhic Thriúin agus an réigiún níos fairsinge. 
 
Tá sa tionscadal, chomh maith, Droichead Róis Mhic Ghearailt-Uí Chinnéide os cionn Abhainn na Bearú. Tá an droichead 887 méadar ar fad agus is é an droichead is faide in Éirinn dá bharr. Is éagsúil atá dearadh an-uaillmhianach an droichid, agus tá ceann de na struchtúir is íocónaí sa tír le déanamh de.
 
Tá Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25 a sholáthar mar thoradh ar obair breis agus 20 bliain a rinne Bonneagar Iompair Éireann (an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta roimhe seo), Comhairle Contae Loch Garman agus Comhairle Contae Chill Chainnigh, anuas ar chomhairleoirí teicniúla don scéim, Mott MacDonald Ireland. 
 
Cuireadh an tionscadal ar siúl mar Chonradh  Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (CPP) idir Bonneagar Iompair Éireann agus an Chuideachta CPP, ina bhfuil CPP BAM, PGGM Infrastructure Coöperatie U.A. agus Iridium Concesiones de Infraestructuras S.A. 
 
Thug Comhfhiontar Ros Mhic Thriúin, ina bhfuil BAM Civil agus Dragados, faoi oibreacha tógála. Ghníomhaigh Arup agus Carlos Fernandez Casado mar dhearthóirí do Chomhfhiontar Ros Mhic Thriúin. Ar an meán, fostaíodh lucht saothair 300 duine i rith na tógála agus críochnaíodh thart ar 2.5 milliún uair an chloig d’obair ar an láthair chun an scéim a thabhairt chun críche.
 
Mar gheall ar oscailt na scéime, ní bheidh brú tráchta seasta agus scuainí tráchta i Ros Mhic Thriúin a thuilleadh, go háirithe i rith buaic-amanna, agus tiocfaidh laghdú a mhéid le 30 nóiméad ar amanna taistil. Cuirfidh seo éifeachtúlachtaí suntasacha ar fáil ar bhealach straitéiseach an N25 ó Chorcaigh go Europort Ros Láir, agus tacóidh sé, chomh maith, le borradh agus inbhuanaitheacht Bhaile Ros Mhic Thriúin agus réigiún an Oirdheiscirt amach anseo. Déanann an scéim bealach an N25 a cheangal le bealach an N30 ó Ros Mhic Thriúin go hInis Córthaidh, chomh maith. 
 
Is ionann Seachbhóthar Ros Mhic Thriúin an N25 a oscailt, anuas ar mhótarbhealach an M11 ó Ghuaire go hInis Córthaidh in Iúil 2019 agus ceangal ríthábhachtach eile a críochnaíodh i nascacht agus inrochtaineacht fhoriomlán Loch Garman, Chill Chainnigh agus Réigiún iomlán an Oirdheiscirt.
 
Nuair a chuirtear breithnithe optamacha oibríochtúla agus sábháilteachta san áireamh, beidh an bóthar ar oscailt do thrácht poiblí ag meán lae Déardaoin, an 30 Eanáir 2020.