Tionscadal Bóthair an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg a Fhógairt


Is deas leis an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, an tUasal Shane Ross, T.D., a fhógairt go bhfuair Tionscadal Bóthair an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg faomhadh pleanála agus tá sé le dul chun cinn a dhéanamh go dtí céim na tógála.
Dúirt an tAire Ross:
 
  “Cuiridh an bóthar nua náisiúnta seo naisc bhunriachtanacha ar fáil idir pobail. Anuas ar charrbhealach nua, beidh 13 chiliméadar bhreise i gceist leis an tionscadal seo de thaobh-bhóithre agus feabhsúcháin ar an mbóthar reatha, 17 T-acomhal chomhréidhe agus 5 thimpeallán ina measc. Beidh bóithre sábháilte do gach duine a úsáideann iad mar thoradh ar bhóithre maithe. Cuireann an tionscadal nua seo feabhas ar shábháilteacht do gach úsáideoir bóithre, coisithe agus rothaithe ina measc agus tacaíonn sé le Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre an Rialtais. Ina theannta sin, bainfidh sé stráicí den N5 a bhfuil ráta imbhuailte acu atá dhá uair níos airde ná an meán náisiúnta.
 
Is é an gréasán bóithre an ‘capall oibre’ dár mbonneagar sóisialta agus geilleagrach. Braitheann ár seirbhísí bus go léir ar ár ngréasán bóithre, iompraítear formhór ár lasta de bhóthar, agus thar aon ní eile, déanann ár ngréasán bóithre bailte, cathracha agus sráidbhailte a cheangal le chéile agus cuireann seo le fostaíocht agus infheistíocht.”
 
Is éard atá i gceist leis an tionscadal ná 34 ciliméadar de bóthar carrbhealaigh nua singil a thógáil a shínfidh ó bhun thiar Sheachbhóthar Bhealach an Doirín an N5 chuig baile fearainn Scramóige i gContae Ros Comáin, agus ghabhfaidh sé thart ar bhailte agus sráidbhailte Dhún Gar, Bhéal Átha na gCarr, Thuilsce agus Bhéal na mBuillí.  
I rith an choir chun donais gheilleagraigh, lean Comhairle Contae Ros Comáin le plean a fhorbairt chun feabhas a chur ar chonair an N5.  Mar thoradh air sin, cuireadh cás gnó le chéile a bhain an tátal as gur theastaigh bóthar nua a thógáil a thiocfadh in ionad bhealach reatha an N5. 
D’fhaomh Bonneagar Iompair Éireann an cás gnó don tionscadal i Nollaig 2017 i ndiaidh gur thug an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (an RITS) agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (an RCPA) faoi athbhreithnithe teicniúla breithmheasa. Tugadh faomhadh, chomh maith, do Chomhairle Contae Ros Comáin chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála reachtúil agus cuireadh an scéim faoi bhráid an Bhoird Phleanála (an BP) i Nollaig 2017, anuas ar an Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (OCÉ) gaolmhar.  
Thionóil an BP éisteacht ó bhéal ar an bhforbairt bóthair a bheartaítear an 9 agus an 10 Deireadh Fómhair 2018 i mBéal na mBuillí agus dheimhnigh an Bord faomhadh don scéim an 16 Eanáir 2019.
I ndiaidh próiseas fógraí poiblí reachtúil a thabhairt chun críche, thug Comhairle Contae Ros Comáin fógra do gach úinéir talún a ndearnadh difear dóibh go mbeadh an OCÉ oibríochtúil an 21 Márta 2019.  Leanfaidh Comhairle Contae Ros Comáin le hidirchaidreamh a dhéanamh le húinéirí talún agus réadmhaoine fad a leanann an tionscadal bóthair ar aghaidh.
 
I ndiaidh gur éag an tréimhse inar féidir le páirtí iarratas a dhéanamh ar chead chun a athbhreithniú breithiúnach a lorg ar chinneadh an BPs faoi fhoráil an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú (is é an dáta is déanaí an 23 Aibreán 2019), is féidir le Comhairle Contae Ros Comáin leanúint ar aghaidh anois le Tionscadal Bóthair an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg.
Tá seirbhísí sainchomhairleoireachta teicniúla á soláthar faoi láthair chun cabhrú le hOifig Bóithre Náisiúnta Ros Comáin na príomhcháipéisí conartha tógála, an próiseas soláthair agus riar agus monatóireacht an phríomhchonartha tógála a ullmhú.   I rith 2019, tosófar sraith conarthaí réamhoibreacha, imscrúduithe seandálaíochta, imscrúduithe talún, teorainneacha a fhálú, crainn a leagan agus oibreacha breise glanta.  Tacóidh BIÉ le Comhairle Contae Ros Comáin chun bronnadh conartha a bhaint amach roimh dheireadh 2020. I ndiaidh tairiscintí a fháil agus faoi réir Fhaomhadh an Rialtais chun leanúint ar aghaidh, glacfaidh sé trí bliana leis an bpríomhchonradh tógála a chríochnú. 
Is é luach measta iomlán infheistíochta Thionscadal Bóthair an N5 ó Bhealach an Doirín go Scramóg €200 milliún.
Príomhbhunsprioc inghnóthaithe atá sa tionscadal seo a shainaithnítear i dTionscadal Éireann 2040, a chuireann feabhas ar rochtain ar réigiún Thiar Thuaidh na tíre.  Nuair a chríochnófar é, tiocfaidh sé in ionad ceann de stráicí níos easnamhaí an phríomhbhóthair náisiúnta. 
 
Tairbhí an Tionscadail
Áirítear le tairbhí an tionscadail bhóthair seo a bhfuil coinne leo:-
• Cuireann sé bóthar sábháilte agus nua-aimseartha ar fáil a shásóidh Rialacháin an AE maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompartha (TEN-T);
• Feabhsaíonn sé timpeallacht Bhéal na mBuillí, Thuilsce, Bhéal Átha na gCarr agus Dhún Gar trí thrácht agus feithiclí earraí troma ach go háirithe, a bhaint a thaistealaíonn trí na háiteanna sin;
• Cuireann sé feabhas ar shábháilteacht do gach úsáideoir bóithre, coisithe agus rothaithe ina measc agus tacaíonn sé le Straitéis um Shábháilteacht ar Bhóithre an Rialtais;
• Baineann sé stráicí den N5 a bhfuil ráta imbhuailte acu atá dhá uair níos airde ná an meán náisiúnta.
• Laghdaíonn sé an costas a bhíonn ar thaisteal do ghnólachtaí agus feabhsaíonn sé amanna aistir agus iontaofacht amanna aistir feadh an N5;
• Cuireann sé bóthar atá ar ardchaighdeán comhsheasmhach ar fáil feadh chonair an N5 le hinfheistíocht agus fostaíocht i gContae Ros Comáin agus i réigiúin an Iarthair agus an Iarthuaiscirt a spreagadh agus tacú leis; agus
• Seachnaíonn sé drochthionchar a imirt ar an suíomh seandálaíochta reatha lena mbaineann tábhacht náisiúnta ag Ráth Cruachan. 
 
Críoch
An Phreasoifig, an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt 01 604 1090 / 01 604 1093 www.dttas.gov.ie pressoffice@dttas.gov.ie; Cliceáil anseo chun díliostáil.