Bóithre Náisiúnta 2040 – Tuarascáil Deiridh

Tá an straitéis infheistíochta Bóithre Náisiúnta (NR2040) á foilsiú inniu ag Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ). Is é NR2040 creat infheistíochta fadtéarmach BIÉ chub líonra Bóithre Náisiúnta na hÉireann a chothabháil, a fhorbairt agus a bhainistiú.

Le NR2040, tá sé mar aidhm ag BIÉ seachadadh Thionscadal Éireann 2040 (An Creat Náisiúnta Pleanála) a chumasú, tacú le fíorú roinnt Torthaí Straitéiseacha Náisiúnta (TSNanna) agus ailíniú le Creat Náisiúnta Infheistíochta na Roinne Iompair don Iompar in Éirinn (NIFTI) agus le beartas an rialtais.

Tá beagnach 5,300 ciliméadar de bhóithre i líonra na mBóithre Náisiúnta: Príomhbhóithre Náisiúnta (mótarbhealaí san áireamh ) agus Bóithre Náisiúnta Den Dara Grád, ar fud na hÉireann. Cruthaíonn an líonra bonneagar iompair ríthábhachtach do gach earnáil den tsochaí. Éascaíonn sé gluaiseacht daoine agus earraí agus raon leathan cuspóirí turais lena n-áirítear sláinte, oideachas, fostaíocht, turasóireacht agus rochtain ar sheirbhísí.

Is í fís BIÉ ná go mbeadh líonra na mBóithre Náisúnta ina chóras iompair inbhuanaithe atá ag forbairt agus cuireann an straitéis seo ar chumas BIÉ agus gníomhaireachtaí comhpháirtíochta chun líonra bóithre náisiúnta a sholáthar agus a chothabháil ag díriú ar shábháilteacht, nuálaíocht, inrochtaineacht agus soghluaiseacht daoine, earraí, agus seirbhísí.

 

Cliceáil ar an nasc thíos chun an tuarascáil a léamh: