Preasráiteas i leith Oscailt Oifigiúil Glasbhealach an Oirdheiscirt

Oscailt oifigiúil Chéim 1 (Ros Bearrcon go dtí An Gleann Mór) Glasbhealach an Oirdheiscirt Dé Máirt an 25 Iúil 2023

Is mór an t-áthas a chuireann sé ar Chomhairlí Contae Loch Garman agus Chill Chainnigh mar aon le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge a fhógairt go n-osclófar Chéim 1 de Ghlasbhealach an Oirdheiscirt go hoifigiúil Dé Máirt an 25 Iúil 2023 ag 11rn i gcarrchlós an Ghlasbhealaigh i Ros Bearrcon agus go n-osclófar an Glasbhealach don phobal ag 2in an lá céanna.

 

Cuireadh tús leis an tionscadal seo sa bhliain 2018 agus tá sé á mhaoiniú ag an Roinn Iompair, Bonneagar Iompair Éireann, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Comhairle Contae Loch Garman agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.

 

Sé Jack Chambers T.D., Aire Stáit sa Roinn Iompair agus sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil i láthair an Chomhairleora John Fleming, Cathaoirleach Chomhairle Contae Loch Garman, an Comhairleoir Michael Doyle, Cathaoirleach Chontae Chill Chainnigh. Comhairle, chomh maith le Comhairleoirí Loch Garman agus Cheatharlach- Chill Chainnigh, le Comhaltaí an Oireachtais agus le haíonna ar tugadh cuireadh dóibh.

 

Ritheann Céim 1 de Ghlasbhealach an Oirdheiscirt thart ar 6km ó Ros Mhic Thriúin go dtí An Gleann Mór. Sé seo an chéad chuid den Ghlasbhealach 24km an Oirdheiscirt le hoscailt, a bheidh ina Ghlasbhealach suntasach na rothaíochta, an tsiúil agus na rothaíochta easbhóthair.

 

Nuair a bheidh an tionscadal críochnaithe go hiomlán, rithfidh sé ar feadh an tseanlíne iarnróid ó chéibh na Cathrach Lochlannach is sine in Éirinn i bPort Láirge go dtí baile Normannach Ros Mhic Thriúin ar bhruach Abhainn álainn na Bearú, trí thuath álainn Chill Chainnigh Theas. Ar feadh an bhealaigh sna céimeanna atá le teacht, tá gnéithe stairiúla mar an Droichead Dearg agus an sean-thollán iarnróid ag An Mainséar sula nascann sé le Glasbhealach clúiteach na Déise ar deireadh. Ag labhairt dó faoin nGlasbhealach,  dúirt an tAire Chambers: “Eachtra spleodrach i bhforbairt Réigiún an Oirdheiscirt atá san oscailt seo den chéad chuid de Ghlasbhealach an Oirdheiscirt. Tá maoiniú €8 milliún infheistithe ag an Roinn Iompair chun an Glasbhealach iontach seo a fhorbairt go dtí seo. Léiríonn an infheistíocht seo gealltanas an Rialtais do bhonneagar rothaíochta ar ardchaighdeáin a chur ar fáil a chothóidh mórán buntáistí do rothaithe agus don phobal ar fud na hÉireann. Spreagfaidh an Glasbhealach seo leibhéil níos airde an taistil ar rothar agus ar chos seachas sa ghluaisteán príobháideacha i measc úsáideoirí fóillíochta, turasóirí agus comaitéirí. Déanfaidh oscailt an bhealaigh seo ar feadh na Bearú agus a nasc le Glasbhealach na Déise in am trátha thaitneamhacht turasóireachta den scoth a chur ar fáil le haghaidh cuairteoirí a mhealladh chuig Sean-Oirthear na hÉireann.”

 
Ag freastal freisin ar an oscailt oifigiúil Dé Máirt an 25 Iúil, bhí Peter Walsh Príomhfheidhmeannach BIÉ, “Is ábhar áthais dom fáilte a chur roimh oscailt an chéad chéim de Ghlasbhealach an Oirdheiscirt. Is garsprioc mhór é seo i bhforbairt an tionscadail thábhachtach seo, a chuirfidh cosán iontach 24 km na siúlóide agus na rothaíochta easbhóthair ar fáil in aice le bruacha na Bearú. Taitneamhacht tharraingteach atá Ghlasbhealach do na pobail feadh an bhealaigh agus cuirfidh sé chomh maith le feabhas a chur ar an méid atá á thairiscint cheana féin ag earnáil na turasóireachta ar fud Chontae Loch Garman agus Chontae Chill Chainnigh.”
 
 

I lathair chomh maith ag oscailt oifigiúil Chéim 1 (Ros Bearrcon go dtí An Gleann Mór) Glasbhealach an Oirdheiscirt Dé Máirt an 25 Iúil 2023, dúirt Príomhfheidhmeannach Gníomhach Chomhairle Contae Loch Garman, Eamonn Hore “Bainim an-áthas as a fheiceáil go bhfuil an lá seo tar éis teacht chugainn faoi dheireadh le hoscailt na céad céime de Ghlasbhealach an Oirdheiscirt. Gabhaim buíochas le gach éinne, díreach ar ais go dtí tús bunaidh an tionscadail sa bhliain 2014, a ghlac páirt ann. Tá súil agam go mbainfidh gach éinne taitneamh as an taithí.” Dúirt an tUasal Sean McKeown, Príomhfheidhmeannach Gníomhach Chomhairle Contae Chill Chainnigh, “Is lá tábhachtach é seo, ní hamháin do Chill Chainnigh ach do réigiún an oirdheisceart ar fad. Cé gur chéad chéim thábhachtach é oscailt Chéim 1 ó Ros Mhic Thriúin go dtí An Gleann Mór, cuirfidh réadú Ghlasbhealach iomlán an Oirdheiscirt go mór le tairiscint na turasóireachta agus le cáil an réigiúin. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dár gcomhpháirtithe sa thionscadail in údaráis áitiúla Loch Garman agus Phort Láirge, in éineacht leis an Roinn Iompair agus Bonneagar Iompair Éireann as a gcuid comhoibre chun an tionscadal straitéiseach seo a sheachadadh.”

 

Chuir an Comhairleoir Michael Doyle, Cathaoirleach Chomhairle Contae Chill Chainnigh agus an Comhairleoir John Fleming, Cathaoirleach Chomhairle Contae Loch Garman, fáilte roimh oscailt Chéim 1 de Ghlasbhealach an Oirdheiscirt agus iad ag tnúth le hoscailt na gcéimeanna eile amach anseo. Dar leis an gClr. Doyle, “Tá flúirse na hoidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha le feiceáil sa tseanchonair iarnróid, le meascán de na gnéithe uirbeacha i Ros Mhic Thriúin agus i bPort an Chalaidh agus gnéithe tuaithe na talamh feirme i ndeisceart Contae Chill Chainnigh agus cuireann sé an-áthas orm á bhfeiceáil arís in á n-athshamhlú isteach i nGlasbhealach an Oirdheiscirt, taitneamhacht den chéad scoth lenar féidir muintir na háite fíor-bhródúil a bhaint aisti agus lenar féidir iad féin agus cuairteoirí taitneamh a bhaint as ar feadh na mblianta fada amach romhainn.” Dúirt an Clr. Fleming “Mar Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Loch Garman chomh maith le Comhairleoir ar son Cheantar Bardasach Ros Mhic Thriúin, agus ós as Cill Chainnigh ó dhúchas dom, táim an-bhródúil as freastal ar oscailt an Ghlasbhealaigh idir na contaetha sin chomh maith le Port Láirge atá chun chur leo go luath. Tiocfaidh tairbhí eacnamaíocha chomh maith le tairbhí sláinte agus sóisialta an-tábhachtach dár bpobail as an nGlasbhealach agus táim ag súil go mór lená críochnú, go háirithe ag na hionaid iontaigh ag an nDroichead Dearg agus ag Tollán an Mháinséir."

 

Agus Céim 1 de Ghlasbhealach an Oirdheiscirt ag rith trí thrí Cheantar Bardasach, ghabh Cathaoirligh na dtrí cheantar i gceist a gcuid áthais ar an oscailt. Mar a dúirt fear na h-áite, an Clr. Ger Frisby, Cathaoirleach Cheantar Bardasach Bhaile an Phoill, “Is lá iontach é don réigiún agus go háirithe do Chill Chainnigh Theas agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair dhian a rinne gach éinne a raibh baint acu leis an tionscadal a thabhairt go dtí an staid seo agus táim ag tnúth go mór leis an tionscadal a fheiceáil ina iomláine. Tá pleananna á gcur chun cinn againn cheana féin chun naisc a fhorbairt ón nGlasbhealach go dtí sráidbhailte an Ghleanna Mhóir agus Shliabh Rua, agus ábhar misnigh do gheilleagair na sráidbhailte seo a mbeidh i seachadadh a leithéid nasc; go deimhin, tá laethanta spreagúla amach romhainn.”

 

Dúirt an Comhairleoir Anthony Connick, Cathaoirleach Cheantar Bardasach Ros Mhic Thriúin, “Tá an-áthas orm oscailt na céad céime den Ghlasbhealach a fheiceáil. Lá stairiúil a bheidh ann do Loch Garman, do Ros Mhic Thriúin go háirithe, do Chill Chainnigh agus do Phort Láirge. Mar an comhalta tofa is gaire don Ghlasbhealach, agus mé im chónaí féin i Ros Bearrcon, bheinn ag dul thar an ionad seo gach lá le blianta anuas agus tá áthas orm a fheiceáil cad atá ann anois, mar thoradh ar oscailt Oifigiúil Chéim 1 (Ros Mhic Thriúin go dtí An Gleann Mór) de Ghlasbhealach an Oirdheiscirt Dé Máirt an 25 Iúil 2023 ar stráice talún a bhí ar thearcúsáid le blianta fada. Áit mhór-mheallta a mbeidh ann do mhuintir na háite agus do thurasóirí araon, ag tabhairt cuairteoirí isteach i Ros Mhic Thriúin agus i réigiún iomlan an Oirdheiscirt.”

 

Dúirt an Clr. Deirdre Cullen, Cathaoirleach Cheantar Bardasach Challainn – Bhaile Mhic Andáin, “Is mór an t-áthas a chuireann sé orm a bheith i láthair chun an ócáid an-spreagúil seo do Chill Chainnigh Theas agus do na contaetha in aice láimhe a chomóradh. Is féidir an-shult a bhaint as an radharcra iontach feadh an Ghleasbhealaigh trasna ghleann na Bearú agus an tuath máguaird. Ceantar saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta atá ann a chuireann fíor-thaithí tumtha an tsaoil amuigh faoin spéir dóibh siúd ag taisteal ar an mblealach.”

 
Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.