Glasbhealach na Canála Ríoga

Síneann bealach Ghlasbhealach na Canála Ríoga ar feadh 130 ciliméadar feadh na canála stairiúla atá ann le 225 bliain anuas, agus tugann sé siúlóirí agus rothaithe trí Chill Dara, an Mhí, an Iarmhí agus an Longfort.

Tugadh an Glasbhealach chun críche i gcomhar le hUiscebhealaí Éireann, ceithre údarás áitiúil Chomhairle Contae Chill Dara, an Longfoirt, na Mí agus na hIarmhí, an Roinn iompair, agus Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ).

Dúirt an tAire Iompair Éamon Ryan: “Tá gliondar croí orainn Glasbhealach na Canála Ríoga a sheoladh, a chuireann feabhas mór ar thurasóireacht agus ar fhóillíocht faoin aer in Éirinn,”

“Is é an glasbhealach is faide in Éirinn agus síneann sé idir bailte Mhaigh Nuad, an Bhóthair Bhuí, an Mhuilinn Chearr, an Longfoirt agus Chluain Dá Ráth agus tá acmhainn ollmhór ag Glasbhealach na Canála Ríoga tearmann a chur ar fáil don oiread sin daoine atá ag iarraidh dul amach faoin aer agus bheith gníomhach,” a dúirt sé.

Is é an tionscadal €12 milliún a chomhordaigh Uiscebhealaí Éireann an Glasbhealach is faide sa tír agus gabhann sé trí Chill Dara, an Mhí, an Iarmhí agus an Longfort. Tá 90 droichead, 33 loc, 17 gcuan agus ceithre uiscerian ann ar an mbealach.

Is féidir le húsáideoirí an Ghlasbhealaigh a roghnú an raon iomlán réidh easbhóthair 130 ciliméadar a thaisteal nó na bealaí ainmnithe níos giorra a fhiosrú – atá idir 6 chiliméadar agus 15 chiliméadar ar fad – idir na 14 phointe rochtana ceangail agus na bailte.

Chun teacht ar eolas breise faoi Ghlasbhealach na Canála Ríoga, tabhair cuairt, le do thoil, ar www.waterwaysireland.org/places-to-go/grand-canal/cycling.