Fógra Ráta Dola don 1ú Eanáir 2023

Déantar na dolaí uile ar an ngréasán bóithre náisiúnta a rialáil trí bhoilsciú (CPI) agus ní féidir leo dul os cionn boilscithe. Mar gheall ar an tionchar boilscitheach le linn 2022, beidh tionchar ar rátaí dola ar fud an ghréasáin bóithre náisiúnta an 1 Eanáir 2023.

M50: "Is mótarbhealach le híoc ag an úsáideoir é an M50, trí chóras dola saor ó bhacainní. Ceanglaítear ar TII faoin reachtaíocht gréasán bóithre náisiúnta sábháilte agus éifeachtúil a chothabháil agus maíoníonn dolaí an M50 cothabháil agus oibriú an M50. Dá gcuirfí siar an t-ardú dola ar an M50 bheadh gá le maoiniú a ath-leithdháileadh ó thionscadail bóithre náisiúnta eile agus laghdófaí an maoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí bainistíochta sócmhainní agus athnuachana”.

"Is é a bheidh sna Dolaí Uasta (gan dul thar bhoilsciú) do gach aicme Feithiclí do gach bhliain Dola na Bundolaí don aicme sin d'Fheithiclí arna hiolrú faoin Praghasinnéacs Tomhaltóirí do Lúnasa sa bhliain roimhe sin, agus úsáid á baint as bunbhliain Samhain 1996 de chéad (100), arna roinnt ar an Treoir Oscailte, agus déanfar an méid a thiocfaidh as sin a shlánú suas nó síos, cibé cé acu, go dtí an caoga cent (50c) is gaire nó cibé méid eile (is comhionann le nó is lú ná euro amháin (€1).

1.1 Ríomh dolaí M50

Tháinig méadú 8.6% ar an CPI idir Lúnasa 2021 agus Lúnasa 2022. Mar thoradh ar an méadú ar CPI tá Dolaí Uasta don M50 méadaithe. Tabhair ar aird, le do thoil, nach mbaineann CBL le dolaí an M50. Socraíodh Dolaí Cuí 2022 ag an leibhéal céanna le Dolaí Uasta 2022 ríofa. Sa chás go dtarlaíonn athruithe idir Dolaí Uasta/Dolaí Cuí 2022 agus Dolaí Uasta/Dolaí Cuí 2023, tá siad aibhsithe i nglas. (Mar is léir ón táille bhliantúil i nDolaí Cuí an M50 idir 2013 agus 2022, is beag méadú atá tagtha ar dholaí le deich mbliana anuas seachas 2022).

Nóta: Níor tháinig aon mhéadú ar dholaí gluaisteán d'fheithiclí cláraithe OBU (Aonad Ar Bord), i.e. le clibeanna (suas le hochtar paisinéirí agus tiománaí) ar feadh 10 mbliana go dtí an 1 Eanáir 2023

Dolaí Uasta/Dolaí Cuí M50 2023

Caragóir na FeithicleDolaí Uasta/Dolaí Cuí 2022Dolaí Uasta 2023
  Clib Fís Neamchlár Clib Fís Neamhchlár
Gluaisteáin (suas le hichtar paisinéirí agus tiománaí) €2.10 €2.70 €3.20 €2.30 €2.90 €3.50
Feithiclí Earraí nach mo ná 2,000kg €3.00 €3.50 €4.10 €3.20 €3.80 €4.40
Busanna nó cóistí (níos mó ná 8 paisinéirí) €3.00 €3.50 €4.10 €3.20 €3.80 €4.40
Feithiclí Earraí idir 2,000kg agus 10,000kg €4.40 €4.90 €5.40 €4.80 €5.30 €5.90
Feithiclí Earraí a sháraíonn 10,000kg & aonaid tarracóra d'fheithicil altach €5.40 €6.00 €6.50 €5.90 €6.50 €7.10

1.2 Lamháltais Chomhpháirtíocht Phoiblí Phríobháideach Táillí Dola ar fud an Ghréasáin Mhótarbhealaigh Náisiúnta

De ghnáth, foráiltear sna Fodhlíthe do na bóithre dola (nó lamháltais) éagsúla CPP:

"Is ionann na Dolaí Uasta do gach Bliain Dola agus comhiomlán:

(a) na mBundolaí arna n-iolrú faoin bPraghasinnéacs Tomhaltóirí le haghaidh Lúnasa sa bhliain roimhe sin, ar (bhunbhliain Samhain 1996 de 100), arna roinnt ar an Innéacs Tosaigh, agus

(b) CBL de réir an ráta atá ann ar an méid arna dhíorthú de bhun fhomhír (a) agus an méid a gheofar dá bharr a shlánú go dtí an 10 cent is gaire."

“Is iad na Dolaí Cuí na dolaí is inmhuirir ag an gCuideachta Dola mar a comhaontaíodh leis an NRA (lena n-áirítear innéacsú, CBL agus slánú) ar choinníoll nach sáróidh na Dola Cuí sin na Dolaí Uasta.”

Tá na cuideachtaí CPP tar éis a ríomh maidir le táillí dola a chur isteach mar chuid dá bPleananna Dola Bliantúla. Tá athbhreithniú déanta ag TII ar na haighneachtaí seo agus tá siad ag teacht leis na huastáillí dola a ríomhtar. Leagtar amach i dTábla 7 na huastáillí Dola 2023 ríofa do na 8 scéim lamháltais CPP. Cuimsíonn na táillí dola CBL @ 23%. Tá molta ag gach cuideachta CPP a Dolaí Cuí 2023 a shocrú ag Dolaí Uasta 2023. Tháinig méadú 8.6% ar an CPI idir Lúnasa 2021 agus Lúnasa 2022 agus mar thoradh air seo tháinig méadú ar dholaí ar gach scéim CPP. (Mar is léir ón táille bhliantúil i nDolaí Cuí idir 2013 agus 2022 ar fud na 8 Lamháltas CPP, is beag méadú atá tagtha ar dholaí le deich mbliana anuas seachas 2022).

Tábla 7 Lamháltas CPP Dolaí Uasta/Dolaí Cuí

Aicme FeithicleDolaí Uasta/Dolaí Cuí 2022Dolaí Uasta/Dolai Cuí 2023
  Lamháltais CPP: M1, M7/M8, M8, N6, N25WF, N18-LT
Gluaisrothar €1.00 €1.10
Gluaisteán €2.00 €2.10
Bus €3.50 €3.80
LGV €3.50 €3.80
2/3 Acastóir €4.90 €5.40
4 Acastóir €6.30 €6.80
  Lamháltais CPP: M3
Gluaisrothar €0.80 €0.80
Gluaisteán €1.50 €1.60
Bus €2.30 €2.40
LGV €2.30 €2.40
2/3 Acastóir €3.00 €3.20
4 Acastóir €3.70 €4.00
  Lamháltais CPP: M4
Gluaisrothar €1.50 €1.70
Gluaisteán €3.00 €3.20
Bus €4.50 €4.90
LGV €4.50 €4.90
2/3 Acastóir €6.00 €6.50
4 Acastóir €7.30 €7.90

Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath - Gan Athrú

Tá sé i gceist leis an gcóras dola do Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath an t-éileamh a bhainistiú ag buaic-amanna agus a chinntiú nach gcuirfear bac ar ghluaiseachtaí HGV go dtí Calafort Bhaile Átha Cliath agus uaidh, (taistealaíonn HGV gan dola trí Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath), níl aon bhonn cirt faoi láthair leis na táillí dola a ardú ar fheithiclí neamh-HGV, ós rud é go bhfuil na socruithe reatha éifeachtach maidir le héileamh a bhainistiú. Is annamh a tharlaíonn plódú ar bith agus is iondúil go mbaineann sé le teagmhais amhail imbhuailtí tráchta ar bhóithre, cluichí, ceolchoirmeacha agus oibreacha bóthair éigeandála. Dheimhnigh Bord TII nach ndéanfar aon athrú ar Dholaí Cuí 2023.

Dolaí cuí Tolláin Bhaile Átha Cliath 2022

 Dolaí cuí Tholláin Bhaile Átha Cliath 2022
Dolaí i rith na seachtaine Neamh-HGV  
Ó Dheas 06.00 - 10.00 €10.00
  10.00 - 06.00 €3.00
Ó Thuaidh 16.00 - 19.00 €10.00
  19.00 - 16.00 €3.00
 
Dolaí Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh  
Neamh-HGV's  
Ó Thuaidh/Ó Dheas All day €3.00