Achoimre ar an Líon Feithiclí 2019-2021

Taispeánann BIÉ, a dhéanann na líonta feithiclí a chomhaireamh trí úsáid a bhaint as breis agus 300 áiritheoir atá curtha faoi phríomhbhóithre ar fud na Poblachta, léamh ar an ngníomhaíocht tráchta ó Mhárta 2020 fad a rinneadh dianghlasáil a chur i bhfeidhm, a scaoileadh agus a chur i bhfeidhm arís. 

Cuireadh srianta tosaigh i bhfeidhm an 12 Márta anuraidh. Bhí srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm ar fud na tíre ón 22 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Nollaig agus tugadh isteach arís i gcéimeanna iad ón 26 Nollaig.

Cuimsítear an gréasán bóithre náisiúnta i sonraí BIÉ, agus tá áiritheoirí san áireamh sna sonraí ar gach stráice de chonairí an M1, N2/M2, N3/M3, M4, M6, M7, M8, M9, N11/M11. Ní chuirtear Lár Chathair Bhaile Átha Cliath san áireamh mar gheall go ndéanann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 
monatóireacht air seo.

Tugadh líonta feithiclí a bhí comhsheasmhach den chuid ba mhó i gcaitheamh na bliana faoi deara sna líonta feithiclí roimh Covid ó 2019 seachas ón ngnáthlaghdú a thagann ar an líon feithiclí i rith thréimhse shaoire an tsamhraidh.

Taispeántar an méid seo a leanas sna sonraí freisin:

  • B’airde na líonta feithiclí in Eanáir agus Feabhra 2020 ná mar a bhí sna míonna céanna in 2019
  • Tugtar an laghdú suntasach a tháinig ar thrácht ag tús phaindéim Covid-19 i Márta 2019 faoi deara go soiléir
  • Tháinig méadú de réir a chéile ar thrácht ó lár mhí Aibreáin 2020 agus sna míonna ina dhiaidh sin de réir mar a baineadh na srianta
  • Bhain na líonta feithiclí buaic amach i rith mhíonna an tsamhraidh in Iúil agus i Lúnasa 2020 nuair b’ionann iad, nach mór, agus leibhéil 2019
  • Thosaigh laghdú ag teacht ar líonta feithiclí ó Mheán Fómhair 2020 de réir mar a cuireadh srianta áitiúla agus náisiúnta i bhfeidhm, go háirithe ó Dheireadh Fómhair
  • Tháinig méadú eile de réir a chéile ar líonta feithiclí sa tréimhse a fhad leis an Nollaig, sular tháinig laghdú suntasach orthu i ndiaidh gur tugadh srianta Leibhéal 5 isteach arís ag deireadh mhí na Nollag

Cliceáil an nasc thíos, le do thoil, chun achoimre ar an líon feithiclí a léamh don 2019 - 2021.