Suirbhéanna ar Aerfheithiclí Gan Fhoireann – MetroLink Baile Átha Cliath

Tá Ailtire Caomhnaithe Tionscadal MetroLink (PCA) agus a suirbhéirí ceaptha ag déanamh suirbhéanna ar Aerfheithiclí Gan Fhoireann (UAV) feadh an bhealaigh bheartaithe ag dhá shuíomh – Eaglais Naomh Iósaif, Bóthar Berkeley agus Séipeal Mhuire na mBuanna, Baile Munna. Suirbhéanna inmheánacha agus seachtracha a bheidh sna suirbhéanna seo. Déanfar na suirbhéanna le linn uaireanta oibre agus, ag brath ar choinníollacha aimsire agus oibriúcháin, is iad dátaí beartaithe an tsuirbhé ná 27 Feabhra go 31 Márta (agus an lá sin san áireamh) 2023. Beidh Aitheantas Grianghrafadóireachta agus Litir Údaraithe BIÉ ag suirbhéir UAV ceaptha an MetroLink PCA agus beidh sé inaitheanta le TCP sofheicthe.

B’fhéidir go mbaileoidh na suirbhéanna sonraí pearsanta an-teoranta gan chuimhneamh agus ní choimeádfar iad. Déanann MetroLink PCA agus Bonneagar Iompair Éireann (TII) sonraí pearsanta a phróiseáil de réir Fhógra Cosanta Sonraí BIÉ atá ar fáil anseo.