Príobháideachas

Réamhrá

Tá meas ag Bonneagar Iompair Éireann (TII) ar do chearta chun príobháideachais agus comhlíonann muid ár ndualgais faoi dhlíthe infheidhmithe um chosaint sonraí. Is é an aidhm atá leis an Ráiteas Príobháideachais don Suíomh Gréasáin ná eolas a thabhairt faoin mbealach a ndéileálann muid le haon sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil dúinn agus tú ar an suíomh gréasáin seo.

Tá naisc sheachtracha chuig suíomhanna gréasáin eile inaitheanta go soiléir, tá siad curtha ar fáil ar bhunús eolais agus sin amháin agus níl muid freagrach as an inneachar, an cruinneas ná as ráitis phríobháideachais na suíomhanna gréasáin eile seo.

Fúinn

Bunaíodh TII tar éis an chumaisc reachtúil den Údarás um Bóithre Náisiúnta agus den Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród faoi Acht na mBóithre 2015. Is é ár bpríomhseoladh ná Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Éire. 
 
Is é TII an rialaitheoir ar sonraí pearsanta a bhailítear tríd an suíomh gréasáin seo. Má tá aon cheist agat faoin gcaoi a úsáideann muid do chuid sonraí pearsanta, déan teagmháil linn ag webfeedbackfwd@tii.ie, nó déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:  

A. O’Shaughnessy, 
Bonneagar Iompair Éireann, 
Ionad Gnó Gheata na Páirce, 
Sráid Gheata na Páirce, 
Baile Átha Cliath 8, 
D08 DK10.

Fón: +353 1 646 3600 
Ríomhphost: dataprotection@tii.ie

Saghas Eolais a Bhailítear

Bailíonn muid an t-eolas seo a leanas fút tríd an suíomh gréasáin seo:

Eolas a chuireann tú ar fáil dúinn

Bailíonn TII eolas pearsanta maidir leis an tseirbhís Foilseachán Nuashonraithe Síntiúis atá ag TII. Ní bhailítear na sonraí seo uait ach amháin má chuireann tú ar fáil iad go deonach trí shuíomh Fhoilseacháin TII ag www.TIIPublications.ie. Ní iarrtar ach an méid is lú eolais a theastaíonn chun an tseirbhís Foilseachán Nuashonraithe Síntiúis a chur ar fáil duit (i.e. seoladh ríomhphoist). 
Bailíonn TII sonraí pearsanta maidir le Seirbhís do Chustaiméirí. Ní bhailítear na sonraí seo uait ach amháin má chuireann tú ar fáil iad tríd an bhfoirm Aiseolais don Seirbhís do Chustaiméirí. Ní iarrtar ach an méid is lú eolais a theastaíonn chun freagra a thabhairt ar do cheist (i.e. ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist).
Bailíonn TII sonraí pearsanta maidir le Tairseach Feidhmchlár Gréasáin TII. Ní bhailítear na sonraí seo uait ach amháin má chuireann tú ar fáil iad go deonach tríd an Suíomh Tairseach. Ní iarrtar ach an méid is lú eolais a theastaíonn le clárú.
Nuair a chuireann úsáideoir sonraí pearsanta ar fáil go deonach trí cheistneoir nó suirbhé a líonadh, ní úsáidtear na sonraí ach amháin le haghaidh taighde agus anailís a dhéanamh. 
Bailítear do sheoladh ríomhphoist nuair a dhéanann tú teagmháil le TII ag úsáid aon cheann de na seoltaí ríomhphoist teagmhála ar an suíomh gréasáin. Úsáidtear é seo le cead a thabhairt do TII freagra a chur ar do cheist. 

Eolas a bhailíonn muid go huathoibríoch

Is féidir linn eolas staitistiúil agus anailíseach eile a bhailiú a bhailítear ar bhonn chomhiomlán na ndaoine a thugann cuairt ar ár láithreán gréasáin. Tá eolas déimeagrafach san áireamh maidir le, mar shampla, seoltaí IP na n-úsáideoirí, cinéal brabhsálaí agus sonraí staitistiúla eile gan ainm a bhaineann le húsáid ár suímh ghréasáin. Le tuilleadh eolais a fháil faoi na fianáin a úsáideann muid chun cuid den eolas seo a bhailiú, breathnaigh ar ár bpolasaí maidir le fianáin anseo.

An fáth a gcoinníonn muid d’eolas pearsanta

Eolas a chuireann tú ar fáil dúinn
Próiseáilfidh muid aon sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil dúinn do na cuspóirí seo a leanas:
  1. chun tú a choinneáil ar an eolas faoi aon athruithe a dhéantar ar Fhoilseachán TII trí ríomhphost;
  2. chun aiseolas a fháil ar an suíomh gréasáin agus chun freagra a chur ar d’aiseolas;
  3. freagra a chur ar cheisteanna trí theagmháil a dhéanamh ar ríomhphost nó foirmeacha aiseolas atá ar an suíomh gréasáin seo;
  4. áit ar liostáil tú, teagmháil a dhéanamh leat maidir le páirt a ghlacadh i suirbhéanna úsáideoirí.
Sonraí a bhailítear go huathoibríoch
Úsáideann muid sonraí a bhailítear go huathoibríoch ó chuairteoirí chuig ár suíomh gréasáin i bhfoirm bailiúcháin chun cur amach níos fearr a fháil ar an áit óna dtagann ár gcuairteoirí agus chun cúnamh a thabhairt dúinn ár suíomh gréasáin a dhearadh agus a eagrú níos fearr. 

Bunús na Próiseála

Is é an bunús dlíthiúil atá le bailiú agus úsáid an eolais seo ná mar go bhfuil an phróiseáil seo riachtanach dúinn le go mbeidh muid in ann ár n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála a chomhlíonadh agus le go mbeidh muid in ann tascanna a chomhlíonadh do leas an phobail agus/nó i ndualgais Údaráis oifigiúla atá dílsithe dúinn. D’fhéadfadh toiliú a bheith i gceist i gcásanna áirithe teoranta a ndéantar próiseáil ar do chuid sonraí pearsanta – sa chás seo, beidh ort do thoiliú a chur in iúl.

Nochtadh Faisnéise do Thríú Páirtithe

D’fhéadfadh muid do chuid sonraí pearsanta a roinnt le heagraíochtaí eile mar gheall ar na cuspóirí thuas, sna cásanna seo a leanas:
  • D’fhéadfadh muid do chuid sonraí pearsanta a roinnt le soláthraí seirbhíse agus le fochonraitheoirí a chabhraíonn le feidhmiú gnéithe éagsúla dár seirbhísí agus feidhmeanna, mar shampla soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe, soláthraí seirbhíse IT, comhairleoirí agus iniúchóirí proifisiúnta.
  • Má chuireann tú ráiteas, gearán nó ceist chugainn maidir le hábhar nach bhfuil muid freagrach as, fiafróidh muid do chead do theachtaireacht a chur ar aghaidh chuig tríú páirtí ábhartha. 
  • Áit a bhfuil sé de dhualgas orainn sonraí pearsanta a nochtadh nó a roinnt chun aon oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó chun cearta, sealúchas nó sábháilteacht ITT ár gcustaiméirí nó daoine eile a chosaint.
  • Nuair a cheadaíonn an dlí a leithéid.

Aistrithe thar lear

Maidir leis an méid thuas féadfaidh BIÉ do shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, lena n-áirítear chuig dlínse nach n-aithníonn an Coimisiún Eorpach mar cheann a dhéanann soláthar do leibhéal cosanta coibhéiseach le haghaidh sonraí pearsanta mar a fhoráiltear san Aontas Eorpach. Má dhéanann BIÉ amhlaidh, agus a mhéid a dhéanann sé amhlaidh, cinnteoidh BIÉ go bhfuil bearta cuí i bhfeidhm chun a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin dlí infheidhme a rialaíonn na haistrithe siúd, lenar féidir a áireamh iontráil isteach i gconradh a rialaíonn an t-aistriú ina gcuimsítear ‘na clásail chaighdeánacha chonarthacha’ a cheadaíonn an Coimisiún Eorpach chun na críche seo agus/nó oibleagáidí/socruithe eile aistrithe is féidir leis an gCoimisiún a shonrú. Tá sonraí breise maidir leis na bearta a ghlac BIÉ chuige sin ar fáil ó Oifigeach Cosanta Sonraí BIÉ ag úsáid na sonraí teagmhála thíos.

Slándáil

Coinnítear do chuid sonraí pearsanta ar fhreastalaithe slána a bhíonn á n-óstáil ag TII. Is é nádúr an Idirlín nach féidir linn slándáil aon eolais a chuireann tú chugainn tríd an Idirlíon a chinntiú nó a údarú. Ní féidir a chinntiú go bhfuil aon tarchur sonraí tríd an Idirlíon 100% slán. Tógfaidh muid gach céim réasúnach, áfach, (bearta teicneolaíochta agus bearta eagraíochtúla san áireamh) chun do chuid sonraí pearsanta a chosaint.

Ath-Struchtúrú Eagraíochtúil

Coinníonn muid an ceart eolas a aistriú (do chuid sonraí pearsanta san áireamh) má tharlaíonn go ndéantar ár n-eagraíocht a athstruchtúrú faoi thríú páirtí a ghlacfaidh orthu féin feidhmeanna ár n-eagraíochta, ag glacadh leis go bhfuil polasaí coibhéiseach píobháideachais i bhfeidhm ag an tríú páirtí.

Uasdátú, Fíorú agus Scriosadh Sonraí Pearsanta

Is féidir le húsáideoirí a síntiús do chóras Fhoilseacháin TII a chur ar ceal ag aon am ag an nasc seo: http://TIIPublications.ie, ag leanúint na dtreoracha “Cláraigh le haghaidh fógraí TII”.

Is féidir leat muid a chuir ar an eolas faoi aon athruithe nó míchruinneas a bhaineann le do shonraí pearsanta trí ríomhphost a chur chuig webfeedbackfwd@tii.ie nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí: A. O’Shaughnessy, Bonneagar Iompair Éireann, 
Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10. Ríomhphost: dataprotection@tii.ie

Coinneáil

Ní choinneoidh muid do chuid sonraí pearsanta ach chomh fada is a theastaíonn siad uainn chun an chuspóir ar bhailigh muid iad lena haghaidh a chomhlíonadh, chomh maith le haon riachtanais dhlíthiúla, cuntasaíochta, nó tuairiscithe a shásamh. 

Chun an tréimhse chuí choinneála do shonraí pearsanta a dheimhniú, tugann muid san áireamh méid, nádúr, agus íogaireacht na sonraí pearsanta, an riosca nó an dochar a d’fhéadfaí a dhéanamh trí úsáid nó nochtadh neamh-údaraithe do shonraí pearsanta, na cuspóirí a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta lena haghaidh agus cé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh muid na cuspóirí céanna a bhaint amach ar bhealaí eile, agus na riachtanais chuí dhlíthiúla.

Do Chearta

Tá na cearta seo a leanas agat, i gcásanna áirithe, maidir le do shonraí pearsanta:
  • an ceart fáil a bheith agat ar do shonraí pearsanta;
  • an ceart ceartú agus/nó scriosadh do shonraí pearsanta a iarraidh;
  • an ceart teorainn a chur le húsáid do shonraí pearsanta;
  • an ceart cur in aghaidh phróiseáil do shonraí pearsanta;
  • an ceart do shonraí pearsanta a fháil, a chuir tú ar fáil dúinn, i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go minic agus atá inléite ag meaisíní nó iarraidh orainn do shonraí a aistriú chuig rialaitheoir sonraí;
  • an ceart do chead chun próiseála a aisghairm ag am ar bith sa chás go raibh próiseáil do chuid sonraí pearsanta ceadaithe agat;
Chun leas a bhaint as aon cheann de na cearta thuas, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:

A. O’Shaughnessy, 
Bonneagar Iompair Éireann, 
Ionad Gnó Gheata na Páirce, 
Sráid Gheata na Páirce, 
Baile Átha Cliath 8, 
D08 DK10. 
Fón: +353 1 646 3600 
Ríomhphost: dataprotection@tii.ie

Gearáin

Má tá tú míshásta leis an mbealach a d’úsáid muid d’eolas nó leis an mbealach ar thug muid faoi do chearta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí trí ríomhphost a sheoladh chuig info@dataprotection.ie

Ráiteas Príobháideachais Meán Sóisialta

Baineann an ráiteas seo le cleachtais príobháideachais Bhonneagar Iompair Éireann (TII) maidir lenár gcuntais ar na meáin shóisialta (e.g. Facebook, Twitter). Leagtar amach an bealach a bpróiseálfaidh muid aon sonraí pearsanta a mbailíonn muid uait, nó a chuireann tú ar fáil dúinn, maidir lenár gcuntais ar na meáin shóisialta, de réir an dlí um chosaint sonraí. Níl TII freagach as aon inneachair nó cleachtais phríobháideachais a úsáideann na soláthraí meán sóisialta.

Ráiteas Ginearálta

Tá meas ag TII ar do chearta chun príobháideachais, agus próiseálfaidh muid aon sonraí pearsanta a bhailíonn muid maidir leat de réir an dlí um chosaint sonraí cuí.

Fúinn

Bunaíodh TII tar éis an chumaisc reachtúil den Údarás um Bóithre Náisiúnta agus den Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród faoi Acht na mBóithre 2015. Is é ár bpríomhseoladh ná Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Éire.

Is é TII an rialaitheoir ar sonraí pearsanta a bhailítear tríd an suíomh gréasáin seo. Má tá aon cheist agat faoin gcaoi a úsáideann muid do chuid sonraí pearsanta, déan teagmháil linn ag webfeedbackfwd@tii.ie, nó déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:  

A. O’Shaughnessy, 
Bonneagar Iompair Éireann, 
Ionad Gnó Gheata na Páirce, 
Sráid Gheata na Páirce, 
Baile Átha Cliath 8, 
D08 DK10. 
Fón: +353 1 646 3600 
Ríomhphost: dataprotection@tii.ie

Bailiúcháin agus úsáid eolais phearsanta

Ní bhaileoidh TII aon eolas fút a bhféadfaí tú a aithint uaidh nuair a bhíonn tú ar ár gcuntais meán sóisialta mura roghnaíonn tú an t-eolas sin a chur ar fáil dúinn. Braitheann an t-eolas a bhailíonn muid ar céard a dhéanann tú nuair a bhíonn tú ar ár gcuntais meán sóisialta. Má fhágann tú gearán nó má chuireann tú ceist ar phostáil, mar shampla, d’fhéadfadh muid taifead a choinneáil ar inneachair do ráitis ar ár gcórais, nó má chuireann tú sonraí teagmhála ar fáil dúinn trí theachtaireacht dhíreach, d’fhéadfadh muid taifead a dhéanamh ar na sonraí sin. 

Is é an bunús dlíthiúil atá againn chun an t-eolas seo a bhailiú agus a úsáid ná go bhfuil an phróiseáil seo riachtanach le go mbeidh muid in ann ár dtascanna a bhaint amach ar mhaithe le leasa phobail agus/nó i ndualgais Údaráis oifigiúla atá dílsithe dúinn.

Nochtadh Eolais

D’fhéadfadh muid do chuid sonraí pearsanta a roinnt le heagraíochtaí eile mar gheall ar na cuspóirí thuas, sna cásanna seo a leanas:
  • D’fhéadfadh muid do chuid sonraí pearsanta a roinnt le soláthraí seirbhíse agus le fochonraitheoirí a chabhraíonn le feidhmiú gnéithe éagsúla dár seirbhísí agus feidhmeanna, mar shampla soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe, soláthraí seirbhíse IT, comhairleoirí agus iniúchóirí proifisiúnta.
  • Má chuireann tú ráiteas, gearán nó ceist chugainn maidir le hábhar nach bhfuil muid freagrach as, fiafróidh muid do chead do theachtaireacht a chur ar aghaidh chuig tríú páirtí ábhartha. 
  • Áit a bhfuil sé de dhualgas orainn sonraí pearsanta a nochtadh nó a roinnt chun aon oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó chun cearta, sealúchas nó sábháilteacht ITT ár gcustaiméirí nó daoine eile a chosaint.
  • Nuair a cheadaíonn an dlí a leithéid. 

Aistrithe Sonraí Pearsanta

Chomh maith leis an gcuid thuas, is féidir le ITT do chuid sonraí pearsanta a aistriú taobh amuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, dlínsí san áireamh nach bhfuil aitheanta ag an gCoimisiúin Eorpach mar dhlínsí a chuireann leibhéal coibhéiseach cosanta ar fáil do shonraí pearsanta mar atá curtha ar fáil ag an Aontas Eorpach. Cinnteoidh TII go bhfuil na bearta cuí i bhfeidhm le teacht lena ndualgas de réir an dlí infheidhme a rialaíonn aistrithe dá sórt, má bhaineann agus chomh fada agus a dhéanann TII amhlaidh. San áireamh ansin is féidir go síneofaí conradh a rialaíonn an t-aistriú a chlúdaíonn na ‘gnáthfhorálacha conarthacha’ a d’fhaomh an Coimisiúin Eorpach don chuspóir seo nó, i dtaca le haistrithe go Stáit Aontaithe Mheiriceá, go gcinnteofaí go mbeidh an t-aistriú clúdaithe faoi chreat EU-US Privacy Shield. Tá tuilleadh sonraí faoi na bearta ar ghlac TII leo ar an ábhar seo ar fáil ó Oifigeach Cosanta Sonraí TII ag na sonraí teagmhála thíos. 

Coinneáil

Ní choinneoidh muid do chuid sonraí pearsanta ach chomh fada is a theastaíonn siad uainn chun an chuspóir ar bhailigh muid iad lena haghaidh a chomhlíonadh, chomh maith le haon riachtanais dhlíthiúla, cuntasaíochta, nó tuairiscithe a shásamh. 

Chun an tréimhse chuí choinneála do shonraí pearsanta a dheimhniú, tugann muid san áireamh méid, nádúr, agus íogaireacht na sonraí pearsanta, an riosca nó an dochar a d’fhéadfaí a dhéanamh trí úsáid nó nochtadh neamh-údaraithe do shonraí pearsanta, na cuspóirí a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta lena haghaidh agus cé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh muid na cuspóirí céanna a bhaint amach ar bhealaí eile, agus na riachtanais chuí dhlíthiúla.

Do Chearta

  • an ceart fáil a bheith agat ar do shonraí pearsanta;
  • an ceart ceartú agus/nó scriosadh do shonraí pearsanta a iarraidh;
  • an ceart teorainn a chur le húsáid do shonraí pearsanta;
  • an ceart cur in aghaidh phróiseáil do shonraí pearsanta;
  • an ceart do shonraí pearsanta a fháil, a chuir tú ar fáil dúinn, i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go minic agus atá inléite ag meaisíní nó iarraidh orainn do shonraí a aistriú chuig rialaitheoir sonraí;
  • an ceart do chead chun próiseála a aisghairm ag am ar bith sa chás go raibh próiseáil do chuid sonraí pearsanta ceadaithe agat;
Chun leas a bhaint as aon cheann de na cearta thuas, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:

A. O’Shaughnessy, 
Bonneagar Iompair Éireann, 
Ionad Gnó Gheata na Páirce, 
Sráid Gheata na Páirce, 
Baile Átha Cliath 8, 
D08 DK10. 
Fón: +353 1 646 3600 
Ríomhphost: dataprotection@tii.ie

 

Gearáin

Má tá tú míshásta leis an mbealach ar úsáid muid d’eolas nó leis an mbealach ar thug muid faoi do chearta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí trí ríomhphost a sheoladh chuig info@dataprotection.ie.